Tá Stiúrthóir an Oireachtais “dóchasach” go reáchtálfar an fhéile níos deireanaí i mbliana in ainneoin na héiginnteachta atá ann maidir leis an Covid-19.
Dúirt Liam Ó Maolaodha le Tuairisc.ie nach bhfuil aon chinneadh déanta go fóill maidir le hOireachtas na Samhna 2021 agus go bhféadfadh nach mbeadh aon tsoiléireacht ann ar feadh roinnt míonna eile ar a laghad.
“Ag an bpointe ama seo níl aon chinneadh déanta fós againn maidir le hOireachtas na Samhna, táimid dóchasach ach airdeallach i gcónaí ar na srianta atá á gcur i bhfeidhm,” a dúirt Ó Maoladha.
Cé gur fhógair an Rialtas an tseachtain seo caite go raibh sé i gceist acu go mbeadh vacsaín an Covid-19 faighte ag gach duine fásta in Éirinn faoi mhí Mheán Fómhair, deir Ó Maolaodha nach féidir a bheith cinnte fós an mbeidh cead ag sluaite móra bailiú le chéile sa bhfómhar.
“In ainneoin an vacsaín a bheith ar fáil, ní léir dúinn cén uair a mbeadh sé sábháilte slua mór a thabhairt le chéile ar aon láthair amháin. Leanfaimid orainn ag déanamh monatóireachta ar an scéal agus feicfimid cá mbeimid ag tús an tsamhraidh le cúnamh Dé.”

Is i mí an Mheithimh anuraidh a fógraíodh go raibh Oireachtas na Samhna 2020, a bhí le bheith ar siúl i nGaillimh, curtha ar ceal de bharr na paindéime.
Tá Oireachtas na bliana seo agus ceann 2021 le bheith i gCill Airne, mar a bhí socraithe roimh an bpaindéim. Táthar ag súil go mbeifear in ann an tOireachtas a reáchtáil i nGaillimh in 2023.
Fógraíodh sa Bhreatain Bheag tráthnóna inné go raibh mórfhéile an Eisteddfod curtha ar ceal arís de dheasca an Covid-19. Cuireadh an fhéile chultúrtha sin, macasamhail Oireachtas na Samhna na tíre seo, ar ceal anuraidh chomh maith mar gheall ar an víreas.
Mí Lúnasa a reáchtáiltear Eisteddfod gach bliain, cúpla mí níos túisce ná Oireachtas na Samhna.
Mairéad
Is í seo an t-aon fhéile chultúrtha atá ann dos na Gaeltachtaí ar fad. Beidh spás gann mar gheall ar scaradh sóisialta a bheas fós i bhfeidhm de réir na saineolaithe. Seo an bhliain fáil réidh le Béarlachas Steip agus spás a chur ar fáil don Ghaeilge.
S. Mac Muirí
An-mhaith a Mhairéad. Tá an ceart agat. Stepaidís leo go dtí an chéad bhaile eile.