Stiúir glactha ag an gcomhlacht Gaeltachta Fíbín ar An Taibhdhearc

Beidh Fíbín Teo freagrach as clár ealaíne An Taibhdhearc a léiriú don chéad trí bliana eile

Stiúir glactha ag an gcomhlacht Gaeltachta Fíbín ar An Taibhdhearc

Tá stiúir glactha ag an gcomhlacht drámaíochta Gaeltachta Fíbín ar An Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe.

Fógraíodh inniu go mbeadh Fíbín freagrach as clár ealaíne na Taibhdheirce a léiriú don chéad trí bliana eile, athrú radacach ar chur chuige na hamharclainne Gaeilge.

 Deirtear go bhfuil sé i gceist “croífhoireann” a earcú as seo go ceann cúpla mí agus go mbeidh daoine ag teastáil le “réimse leathan” post a líonadh.

Deir Fíbín go bhfuil sé i gceist acu straitéis ealaíne ar leith a fhorbairt chun “todhchaí láidir” a chinntiú do dhrámaíocht na Gaeilge.

Dúirt Darach Ó Tuairisg, bainisteoir agus bunaitheoir Fíbín, gur “údar bróid dúinn go bhfuil comhlacht Gaeltachta ag glacadh stiúir ar amharclann náisiúnta na Gaeilge den chéad uair”.

“Tá branda láidir ag An Taibhdhearc agus tá sé ar cheann de na spásanna amharclannaíochta is deise sa tír. Cé go bhfuil dúshláin go leor roimh na healaíona i gcoitinne tá deis ar leith á tapú again agus muid go láidir den tuairim go bhfuil féidearthachtaí spreagúla ann d’amharclannaíocht na Gaeilge sna blianta amach romhainn. 

“Chuige sin, táimid ag súil go mór le bheith ag obair le pobal cruthaitheach agus lucht ealaíne na tíre”. 

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a chuirfidh maoiniú bliantúil ar fáil agus mairfidh an conradh trí bliana.

Thug Aire Stáit na Gaeltacht Jack Chambers cuairt ar an Taibhdhearc agus é i nGaillimh an tseachtain seo caite agus tugadh cur síos dó ar an socrú atá déanta idir an Bord agus Fíbín i dtaca le stiúir na hamharclainne.

Dúirt Bord na Taibhdheirce go bhfuil “ríméad” orthu faoin socrú agus go gcuirfear gach tacaíocht ar fáil do Fíbín chun a bplean ealaíne a chur i gcrích.

Fógraíodh anuraidh go mbeadh an Taibhdhearc á tabhairt ar lámh do chompántas drámaíochta Gaeilge, stiúrthóir ealaíon nó léiritheoir.

Fág freagra ar 'Stiúir glactha ag an gcomhlacht Gaeltachta Fíbín ar An Taibhdhearc'