Stiúideo tógtha ag Raidió na dTreabh agus seoladh oifigiúil an stáisiúin ar na bioráin

Táthar ag súil go dtosófar ar an gcraoladh beo ar líne ó stiúideo nua Raidió na dTreabh ag deireadh na míosa seo

Stiúideo tógtha ag Raidió na dTreabh agus seoladh oifigiúil an stáisiúin ar na bioráin

Tá Raidió na dTreabh, an stáisiún pobail nuabhunaithe atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe, le dul i mbun craolta go hoifigiúil óna stiúideo nua roimh dheireadh na míosa.

Thug coiste Raidió na dTreabh le fios go rabhthas “an-sásta” leis an oíche oscailte a bhí aréir acu in Áras na nGael sa Ghaillimh aréir ag ar beartaíodh an stáisiún a sheoladh go hoifigiúil gan mhoill.

Tugadh eolas ag an gcruinniú faoin stáisiún, atá lonnaithe i stiúideo nua-thógtha san Áras féin, agus cuireadh buntraenáil ar fáil don fhoireann dheonach a bheidh ag craoladh ar Raidió na dTreabh, atá dírithe ar phobal na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe.

Dúirt stiúrthóir nuachta an stáisiúin, Méabh Ní Thuathaláin, go bhfuil sé mar sprioc ag an stáisiún faoi láthair “feasachán amháin nuachta in aghaidh an lae” a chraoladh ina gclúdófar scéalta idirnáisiúnta agus náisiúnta chomh maith le scéalta a bhaineann le cúrsaí spóirt sa chathair.

Beidh seisiúin eile traenála ar siúl don fhoireann idir seo agus deireadh na míosa nuair a thosófar ar an gcraoladh beo ar líne ón stiúideo in Áras na nGael. Cuirfear tús an tseachtain seo chugainn le craoladh trialach.

Dúirt Emma Ní Chearúil, bunaitheoir an stáisiúin, go bhfuil sí “ag tnúth go mór” leis na cláir éagsúla a fhorbairt agus a chraoladh amach anseo.

“Sílim go mbeidh cuid acu an-éagsúil ó rud ar bith eile atá le cloisteáil as Gaeilge nó as Béarla fiú, agus sin a bhí uainn ón tús.

“Beidh cláir cainte againn agus cláir faoin spórt, ceol, reiligiúin, siamsaíocht agus cúrsaí reatha agus tá roinnt daoine le pearsantachtaí láidre ar an bhfoireann freisin. Táimid an-sásta leis an sceideal go dtí seo,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.

Tá an stiúideo lonnaithe i seomra uachtair Áras na nGael ar Shráid Doiminic i nGaillimh. Cé go bhfeileann sé don chraoladh beo, táthar ag súil roinnt mionathruithe a dhéanamh air agus trealamh breise a chur isteach ann a chothóidh “spás compordach agus cruthaitheach”.

Dúirt Maitiú Ó Coimín an tí seo, cathaoirleach Choiste Raidió na dTreabh, go bhfuil “ríméad” air go bhfuil an oiread sin spéise sa stáisiún léirithe ag pobal na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe.

“Tuigimid go maith gur cathair í Gaillimh atá níos lú ná mar atá Baile Átha Cliath agus Béal Feirste, cathracha eile a bhfuil stáisiún pobail Gaeilge faoi bhláth iontu, ach bhí muid cinnte go mbeadh tóir ar a leithéid an taobh seo tíre.

“Ba ardú croí agus meanman é an méid sin daoine a fheiceáil i láthair ag an oíche eolais agus traenála. Tá an stiúideo tógtha anois againn, agus muid fíorbhuíoch de na daoine uilig a thug airgead don fheachtas FundIt níos luaithe i mbliana.”

Dúirt Ó Coimín go raibh sé “cinnte” go gcuirfeadh Raidió na dTreabh “le saol na nGael i gcathair dhátheangach na hÉireann”.

Bailíodh €8,000 i bhfeachtas tiomsaithe airgid a reáchtáil lucht Raidió na dTreabh níos luaithe i mbliana le trealamh stiúideo a cheannach agus costais eile a ghlanadh.

Fág freagra ar 'Stiúideo tógtha ag Raidió na dTreabh agus seoladh oifigiúil an stáisiúin ar na bioráin'

  • Seosamh

    Dea-scéal do Ghaeill na Gaillimhe.
    Nár laga Dia an obair agus lucht an stáisiúin.
    Teastaíonn rud fiúntach, dearfach, mar is ró-annamh, dar liom, a chloistear an teanga i gcathair atá ag iarraidh a bheith ina chathair dhátheangach agus leis sin ina eiseamláir don chuid eile den tír.
    Go n-éirí go geal sibh.
    Bail ó Dhia ar na iarrachtaí.