Steiríotíopaí a sheachaint – féinchinsireacht nó féinchosaint?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: i laethanta seo an chealchultúir, b’fhearr don scríbhneoir ficsin steiríotíopaí a sheachaint mura bhfuil géarghá leo sa phlota

Steiríotíopaí a sheachaint – féinchinsireacht nó féinchosaint?

An lá faoi dheireadh, tháinig mé ar steiréitíopa a chuir as dom go mór i gceann de na colúin a chuireann mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, ar fáil d’iris mhór-ráchairte do mhná san Ísiltír agus a ndéanaimse eagarthóireacht orthu.

Gach seachtain, déanann mo chara cur síos ar chás amháin as a chleachtas teiripe chaidrimh – ficseanú déanta, ar ndóigh, ar an mbeirt a bhíonn faoi chaibidil d’fhonn a bpríobháideachas a chosaint.

Fadhbanna collaíochta a bhí faoi chaibidil an iarraidh seo. Galar gnéis tolgtha ag fear óg nuair a bhí sé féin agus a bhean ar ‘bhriseadh’ bliana óna chéile; an galar sin leigheasta ó shin ach gan an fear in ann caidreamh collaí a bheith aige lena bhean toisc go mothaíonn sé ‘salach’ i gcónaí.

Ceist spéisiúil arbh fhiú í a phlé. An-cholún, a shíl mé – go dtí gur tháinig mé chomh fada le sliocht inar míníodh gur sa Mhalaeisia a tholg an fear bán Ísiltíreach sin a ghalar gnéis ó bhean ‘áitiúil’ a casadh air i mbeár, gur chuir an bhean chéanna drugaí i ndeoch an fhir sular bhain sí ‘úsáid’ as agus, mar bhuille scoir, gur robáil sí é an mhaidin dár gcionn.

Stop! a bhéic mé leis an scáileán. Chuir mé nóta eagarthóireachta isteach sa téacs: tá steiréitíopa gránna á bhuanú agat anseo, a mhac, agus níl aon ghá leis. D’fhéadfadh an fear galar gnéis a tholgadh sa bhaile, san Ísiltír féin, agus ní raibh gá leis na drugaí agus leis an robáil i bplota an scéil ach oiread.

Ach, a dúirt mo chara nuair a phléigh muid an cheist, ba mhar sin a tharla sé i ndáiríre! Sa Mhalaeisia a tholg an fear an galar agus bhí drugaí agus robáil i gceist!

Togha, a dúirt mé, bíodh sin mar atá. Ach ós rud é go bhfuil ficseanú á dhéanamh agat ar an lánúin a bhfuil an colún á bhunú agat orthu nach bhféadfá an gar céanna a dhéanamh don bhean as Malaeisia – ní hea, do chuile bhean de dhath a léifeadh do cholún agus a thiocfadh ar steiréitíopa míthaitneamhach, gan aon chúis leis i bplota an scéil?

Beidh mé go hiomlán ionraic libh. Ní ar mhaithe leis na mná sin amháin a bhí mé; bhí mé ag iarraidh mo chara a chosaint ar an raic a d’fhéadfadh an sliocht sin a tharraingt.

Ar eagla na míthuisceana, ní bheadh locht ar bith agam ar an méid a scríobh mo chara dá scríobhfadh sé in alt nuachta é; chaithfí na fíricí a fhiosrú agus a fhoilsiú.

Ach i laethanta seo an chealchultúir, cén fáth a gcuirfeadh scríbhneoir é féin i mbaol a linseála ar na meáin shóisialta d’fhonn a bheith dílis don fhírinne i gcolún leathfhicseanúil – i sliocht, thar aon rud eile, nach raibh gá leis?

Ní féinchinsireacht a thabharfainn air sin ach féinchosaint: tá obair an scríbhneora sách deacair cheana féin.

Fág freagra ar 'Steiríotíopaí a sheachaint – féinchinsireacht nó féinchosaint?'