Steede ag déanamh obair na gcapall do Ghaillimh, a lán le foghlaim ag Larmour agus ceachtanna spóirt eile

Féachann Tuairisc.ie siar ar chluichí móra an deireadh seachtaine

Steede ag déanamh obair na gcapall do Ghaillimh, a lán le foghlaim ag Larmour agus ceachtanna spóirt eile

Ronan Steede ag imirt do Chora Finne. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Steede ag déanamh obair na gcapall do Ghaillimh

Ba é Shane Walsh laoch na himeartha arís sa gcluiche a bhuaigh Gaillimh ar Thír Eoghain inné ach is cinnte go ndeachaigh taispeántas duine eile d’imreoirí na Gaillimhe go mór i bhfeidhm ar an slua i dTuaim chomh maith.

Thóg sé tamaillín ar Ronan Steede áit a bhaint amach ar fhoireann shinsir peile na Gaillimhe ach tá an t-imreoir láir páirce ag luí isteach ar chúrsaí anois faoi cheannas Phádraic Joyce.

Is í foireann pheile Chora Finne an fhoireann chlub is fearr in Éirinn le cúig bliana anuas agus bheadh cuid mhaith daoine i nGaillimh den tuairim gurbh é Steede an t-imreoir is fearr a bhí acu sa tréimhse sin. Fear mór láidir agus é an-chruinn agus seilbh aige ar an liathróid.

Ar chúis amháin nó ar chúis eile, áfach, níor éirigh leis áit a bhaint amach ar fhoireann shinsir an chontae. Chaith Steede cúpla bliain ag imirt peil Astrálach go páirtaimseartha agus nuair a d’fhill sé abhaile níor chuidigh sé leis go mbíodh Cora Finne gafa i gCraobh na hÉireann luath sa bhliain.

Tugadh isteach ar phainéal na Gaillimhe é cúpla uair roimhe seo ach níor éirigh leis aon dul chun cinn a dhéanamh. Go dtí tús na bliana seo, ní raibh imeartha ag Steede ach cluiche amháin do Ghaillimh, nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí in aghaidh Dhoire sa tsraith in 2017.

Ach ó bhuaigh a chlub Craobh na hÉireann mí Eanáir i mbliana, bhí deis níos fearr ag Steede le Gaillimh. Thosaigh sé i lár na páirce in aghaidh Chiarraí agus in aghaidh Dhún na nGall agus cé nár imir sé ach cuibheasach maith sna cluichí sin, tugadh seans eile dó in aghaidh Thír Eoghain inné agus thapaigh sé an deis an uair seo.

Bhí Steede ar fheabhas sa chéad leath i dTuaim nuair a d’éirigh leis trí shárchúilín a aimsiú.

Peileadóir cumasach é agus oireann an stíl oscailte atá in úsáid anois ag Gaillimh dó. Má choinníonn sé air ag imirt mar a d’imir sé inné, feicfear neart eile de sa gheansaí marúin.

Teip eile do Dhún na nGall

Ryan McHugh. Pictiúr: INPHO/Tom O’Hanlon

Cé go raibh seaimpíní na hÉireann go mór faoi bhrú acu ar feadh tréimhsí fada, d’fhág imreoirí Dhún na nGall Páirc an Chrócaigh oíche Dé Sathairn agus iad in ísle brí arís.

Bhí Dún na nGall cúig phointe chun tosaigh ag tráth amháin sa chéad leath agus chuir siad scata deiseanna amú, deiseanna ar chúil ag Ryan McHugh sa chéad leath agus ag Patrick McBrearty sa dara leath ina measc. Ghéill siad cúl bog ag am cinniúnach chomh maith, nuair a bhain Paul Mannion tairbhe as botún Shaun Patton chun Áth Cliath a chur chun tosaigh.

Ábhar imní do Declan Bonner gur theip ar na Conallaigh an bua a fháil i gcluiche eile ina raibh siad go mór chun tosaigh.

In aghaidh na Gaillimhe coicís ó shin, bhí Dún na nGall seacht bpointe chun tosaigh sa dara leath ach tháinig Gaillimh ar ais agus rug siad an bua leo. In aghaidh Mhaigh Eo sa chéad bhabhta bhí Dún na nGall trí phointe chun tosaigh agus an t-am nach mór caite, ach d’aimsigh James Durcan cúl leis an mbuille deireanach chun na foirne a fhágáil ar comhscór.

Ní i mbliana amháin a bhí an fhadhb seo ag Dún na nGall ach an oiread. Bhí deiseanna acu Ciarraí agus Maigh Eo a chloí sa chraobh anuraidh ach theip orthu agus bhí an scéal céanna fíor in 2018 nuair a chlis siad in aghaidh Thír Eoghain sa chraobh.

Áirítear Dún na nGall i measc na bhfoirne is fearr sa tír, ach go dtí go réiteoidh siad an fhadhb seo, ní dhéanfaidh siad mórán dul chun cinn.

Mná na príomhchathrach ag streachailt i láthair na huaire

Bainisteoir Átha Cliath, Mick Bohan. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Agus Sinéad Goldrick agus Niamh McEvoy, beirt de na himreoirí is fearr a bhí ar fhoireann Átha Cliath a bhuaigh Craobh na hÉireann anuraidh, ag treabhadh leo san Astráil, tá seaimpíní na hÉireann ag streachailt beagáinín sa bhaile.

Agus ceithre bhabhta anois imeartha i Roinn 1, níl ach cluiche amháin buaite ag foireann Mick Bohan. Is i gcoinne na Gaillimhe a bhí Áth Cliath an deireadh seachtaine seo agus is ag mná an iarthair a bhí an lá, 4-6 in aghaidh 2-6. Chaill Áth Cliath in aghaidh Chorcaí an deireadh seachtaine seo caite chomh maith agus cé nach mbeidh Bohan iontach buartha go fóill, beidh sé ag iarraidh feabhas a chur ar chúrsaí go luath.

Bua cumasach a bhí ann do Ghaillimh, a bhfuil beirt imreoirí den scoth ar iarraidh orthu chomh maith agus na deirfiúracha Ward, Nicola agus Louise, leonta. Tháinig Port Láirge aniar aduaidh ar Ghaillimh sa chéad bhabhta ach tá siad tagtha ar ais go láidir agus iad anois ar bharr na sraithe. Tá cluichí in aghaidh Mhaigh Eo agus Chorcaí fós rompu, ach tá deis mhaith anois acu an cluiche ceannais a bhaint amach don dara bhliain as a chéile.

A lán le foghlaim ag Larmour agus ag Éirinn

Jordan Larmour. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Bhíodh sé de cháil i gcónaí ar imreoirí rugbaí na hÉireann go raibh siad go maith ag breith ar an liathróid san aer. Is minic é ráite gur mór an cúnamh do chuid mhaith acu peil Ghaelach a bheith imeartha acu agus go dtugann an cúlra sin buntáiste ar leith d’imreoirí na tíre seo. Faraor géar nach raibh an cumas sin le feiceáil in Twickenham inné.

Roimh an gcluiche, measadh go mbeadh Éire in ann brú a chur ar na Sasanaigh san aer, go háirithe ar an lánchúlaí Elliot Daly agus ar Jonathan Joseph ar an gcliathán. Ní hamhlaidh a bhí, áfach, agus ba iad cúlaithe na hÉireann a bhí faoi léigear i gcaitheamh an tráthnóna.

Bhí plean Shasana soiléir luath go maith sa chluiche. Chiceáil siad an liathróid cúig huaire sa chéad dhá nóiméad agus d’éirigh go maith leo.

Fuarthas léiriú maith sa tréimhse sin ar an bhfáth gur choinnigh Joe Schmidt air ag roghnú Rob Kearney mar lánchúlaí nuair a mheas cuid mhaith de lucht tacaíochta na hÉireann go raibh Jordan Larmour níb fhearr ná an seanfhondúir.

Tharla sé faoi dhó sa chéad chúpla nóiméad den chluiche go bhfuair duine d’imreoirí Shasana an ceann is fearr ar Larmour agus iad san iomaíocht le haghaidh seilbh na liathróide san aer. Thug sé sin tuilleadh misnigh d’fhoireann Shasana.

Imreoir cumasach é Larmour agus ní féidir an milleán a chur airsean amháin. Bhí formhór d’imreoirí na hÉireann ag streachailt in Twickenham, captaen na foirne Jonathan Sexton ina measc, ach go dtí go bhfeabhsóidh Larmour faoin liathróid ard, tapóidh foirne eile a ndeis agus díreoidh siad airsean agus iad ag iarraidh Éire a chur faoi bhrú.

Fág freagra ar 'Steede ag déanamh obair na gcapall do Ghaillimh, a lán le foghlaim ag Larmour agus ceachtanna spóirt eile'