Babhla agus seamróg as Gaeltacht Chiarraí bronnta ar Joe Biden sa Teach Bán

Ba é Dingle Crystal, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, a rinne an babhla criostail a bronnadh ar an Uachtarán Joe Biden mar chuid d’imeachtaí na Féile Pádraig

Babhla agus seamróg as Gaeltacht Chiarraí bronnta ar Joe Biden sa Teach Bán

Comhlacht as Gaeltacht Chorca Dhuibhne a rinne an babhla inar bronnadh seamróg sa Teach Bán inné ar Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden.

Ní iarthar Chiarraí amháin a bhí i lár an aonaigh in Washington DC mar ba ó Bhaile an Sceilg i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh a tháinig an tseamróg a bhí sa bhabhla.

Ba é Dingle Crystal, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, a rinne an babhla criostail a bronnadh ar an Uachtarán mar chuid d’imeachtaí na Féile Pádraig.

IPI Teoranta, comhlacht eile a fhaigheann tacaíocht ón Údarás, a sholáthar an tseamróg.  

Úinéir Dingle Crystal, Seán Daly,  a dhear agus a ghearr an babhla lámhdhéanta criostail agus dearadh an bhabhla “bunaithe ar ealaín charraige Leithinis Dhaingean Uí Chúis de chupán agus fáinne ársa” .  I nGaeilge atá an inscríbhinn ar an mbabhla.

Bhí Seán Daly an-sásta go deo gur roghnaíodh a bhabhla.

“Is mór an onóir é seo domsa agus 45 bliain caite agam in earnáil an chriostail agus deis agam mo chuid oibre a léiriú ag ócáid mhór mar seo. Táimid mar theaghlach, agus mar ghnó Gaeltachta, an-bhródúil as an gcoimisiúnú seo.

“Táimid bródúil chomh maith gur bhfuil muid ar cheann de na comhlachtaí criostail deiridh atá ag dearadh agus ag gearradh le lámh agus an traidisiún á thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile agus an ealaín sin á coinneáil beo.”

Bhí Stiúrthóir IPI Teoranta Joe Sugrue an-tógtha leis an scéal chomh maith.

“Táimid thar a bheith bródúil go bhfuil suaitheantas náisiúnta, atá ag fás anseo i gCiarraí Theas, á bhronnadh ar Uachtarán Mheiriceá agus sin á dhéanamh anois le 25 bliain anuas.  

“Tá súil againn agus imeachtaí Lá Fhéile Pádraig ar ais ar an bhfód go mbeidh tuilleadh daoine ag baint sásaimh as seamróg na hÉireann.”

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go raibh “ríméad” ar an eagraíocht táirgí Gaeltachta “den scoth” a fheiceáil “ar an stáitse domhanda”. 

Tá seamróg as Baile an Sceilg á mbronnadh ar Uachtaráin na Stát Aontaithe ar an lá seo le 25 bliain anuas.

Go fíorúil a bhuail an Taoiseach Micheál Martin leis an Uachtarán Joe Biden inniu toisc Covid-19 a bheith ar an Taoiseach.

Mhol an tUachtarán Biden go hard seasamh na hÉireann i leith an chogaidh san Úcráin.

Fág freagra ar 'Babhla agus seamróg as Gaeltacht Chiarraí bronnta ar Joe Biden sa Teach Bán'