Stair cheannáras Chonradh na Gaeilge, idir naoimh agus reibiliúnaithe, le hinsint i gclár faisnéise nua anocht

Mar cheannáras Chonradh na Gaeilge a aithnítear Uimhir 6 Sráid Fhearchair anois. ach tá an teach fite fuaite le stair na hÉireann le breis is 200 bliain

Stair cheannáras Chonradh na Gaeilge, idir naoimh agus reibiliúnaithe, le hinsint i gclár faisnéise nua anocht

Déanfar cur síos i gclár faisnéise nua anocht ar an stair a bhaineann le foirgneamh i mBaile Átha Cliath a bhí ina bhaile ag tráthanna éagsúla ag feisire de chuid na himpireachta, reibiliúnaithe na hÉireann agus naomh Caitliceach.

Craolfar Uimhir 6 anocht, 9.30pm ar TG4 agus stair breis is 200 bliain an fhoirgnimh cháiliúil á insint le cabhair ábhar cartlainne nua.

Mar cheannáras Chonradh na Gaeilge a aithnítear an teach anois ach tá stair Uimhir 6 Sráid Fhearchair fite fuaite le stair na hÉireann le breis is 200 bliain.

Hans Blackwood, mac an Ridire John Blackwood MP, a thóg an teach i 1786 ach faoi na 1830idí bhí John Henry Newman, reachtaire na hOllscoile Caitlicí agus fear a ndearna an Pápa naomh de in 2019, ina chónaí sa teach.

Bhí Uimhir 6 lárnach i scéal bhunú an stáit freisin. Is ann a pleanáladh toghchán na bliana 1918, an chéad toghchán inar tugadh cead do mhná vóta a chaitheamh. Is ann freisin, mí na Nollag 1918, a cinneadh Dáil Éireann a bhunú.

Is in Uimhir 6 a bhí oifig Mhichíl Uí Choileáin nuair a bhí sé ina Aire Airgeadais agus is ann atá lároifigí Chonradh na Gaeilge ó 1966.

“‘Léiríonn an clár Uimhir 6 gurb é an t-athrú an t-aon rud atá cinnte sa stair, agus gur minic a spreagann gníomh grúpa beag daoine athruithe móra,” arsa Cóilín Ó Cearbhaill, stiúrthóir an chláir. “Tá imeachtaí stairiúla agus cinntí cinniúnacha feicthe taobh istigh de bhallaí ‘Uimhir a 6’ agus nuair a fheicimid an stair á léiriú trí scéal an tí agus a lucht cónaithe á insint san áit inar tharla sé, tugann sé beocht dó.”

Cuirtear staraithe mór le rá agus saineolaithe i réimsí éagsúla staidéir faoi agallamh sa chlár.

Páirteach sa chlár beidh an Dr Diarmuid Ó Gráda, an tOllamh Finola O’Kane Crimmins, an Dr Conor Mulvagh, an Dr. Síobhra Aiken, Dónal Fallon, Íte Ní Chionnaith agus Cuan Ó Seireadáin.

An comhlacht New Departures Media a d’fhorbair an clár agus deir léiritheoir Uimhir 6, Evan Chamberlain, gur scéal ar leith atá ann “faoi fhoirgneamh suimiúil, foirgneamh go siúlann go leor daoine thairis ach nach bhfuil a scéal ar eolas acu” agus nach dtuigeann an ról a bhí aige i “múnlú an tsaoil in Éirinn an lae inniu”.

Craolfar ‘Uimhir 6’ ar TG4 ag 9.30pm anocht, Dé Céadaoin, an 14 Aibreáin

Fág freagra ar 'Stair cheannáras Chonradh na Gaeilge, idir naoimh agus reibiliúnaithe, le hinsint i gclár faisnéise nua anocht'