Tá an stailc trí lá a bhí beartaithe ag altraí an tseachtain seo curtha ar athló agus na ceardchumainn chun a machnamh a dhéanamh ar mholtaí na Cúirte Oibreachais.
Bhí an stailc le tosú maidin amárach, ach chinn lucht ceannais na gceardchumann tráthnóna an stailc a chur ar athló agus beidh vóta anois faoi na moltaí réitigh ag baill Cheardchumann na nAltraí agus na mBan Cabhrach.
Thug Ard-Rúnaí an INMO Phil Ní Sheaghdha le fios gur Dé Céadaoin a phléifeadh feidhmeannas agus coistí stailce an cheardchumainn na moltaí.
Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris gur dea-scéala a bhí ann go raibh an stailc curtha ar athló.
Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe go gcuirfeadh sé an Rialtas ar an eolas maidin amárach faoin gcostas a bhainfeadh le moltaí na Cúirt Oibreachais.
Bhí imní mhór ar dhaoine faoi na himpleachtaí a bhainfeadh leis an stailc a bhí beartaithe an tseachtain seo. Cuireadh 90,000 coinne ospidéil ar ceal cheana féin de bharr na dtrí stailc aon lae a bhí ann roimhe seo.
Fág freagra ar 'Stailc trí lá na n-altraí curtha ar athló'