Staidéar ar nuachainteoirí Gaeilge seolta ag an gCoimisinéir Teanga

Is féidir le héinne nuachainteoir a dhéanamh de féin, beag beann ar an gcúlra teanga atá aige, a deir an Dr. John Walsh

Tá an tuarascáil taighde ar nuachainteoirí Gaeilge seolta tráthnóna ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Is iad an Dochtúir John Walsh, an Dr. Bernadette O’Rourke agus an Dr. Hugh Rowland a chuaigh i mbun an taighde agus a chuir i dtoll a chéile é. Comhfhiontar atá sa tuarascáil idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil Heriot-Watt, Dún Éideann ina gcuirtear torthaí taighde ar chúlra, ar chleachtais agus ar idé-eolaíochtaí ‘nuachainteoirí’ na Gaeilge i láthair.

Tugtar ‘nuachainteoirí’ ar dhaoine a bhaineann úsáid rialta as teanga áirithe ach nach cainteoirí dúchais traidisiúnta de chuid na teanga sin iad. Déantar staidéar sa tuarascáil, más ea, ar dhaoine as ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht a d’fhoghlaim an Ghaeilge, cé gur le Béarla (nó le teanga eile) a tógadh iad.

“Thar aon rud eile, léiríonn an tuarascáil seo gur féidir le héinne nuachainteoir a dhéanamh de féin nó di féin, beag beann ar an gcúlra teanga atá aige nó aici,” a dúirt an Dr. John Walsh, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Chuir tuairim is 41% (1.7 milliún duine) de dhaonra Phoblacht na hÉireann in iúl go bhfuil Gaeilge éigin acu i nDaonáireamh 2011. Is i gConnachta agus sa Mhumhain atá na céatadáin is airde le fáil. Dar le 77,185 (1.8%) de na daoine sin, labhraíonn siad an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais agus dar le 110,642 (2.6%), labhraíonn siad an teanga go seachtainiúil.

Chuathas i mbun taighde chun a thuilleadh a fháil amach faoi na daoine sin agus tuilleadh nach iad.

Ceann de na rudaí is suntasaí a tháinig chun solais sa taighde ná an tábhacht bhunúsach a bhaineann leis an an gcóras oideachais d’fhormhór na nuachainteoirí, in ainneoin na ngearán faoi ghnáthscoileanna a chloistear go minic sa tír seo agus daoine ag trácht ar cheist fhoghlaim na Gaeilge. Go deimhin, is minic a luaitear múinteoirí inspioráideacha a spreag iad chun a gcuid féin a dhéanamh den teanga.

Rud eile a luaitear sa tuarascáil ná pointí cinniúnacha i saol an duine, nuair a iompaíonn an duine sin ina nuachainteoir. ‘Muda’ (mude) a thugtar air seo sa tsocheolaíocht agus sa chomhthéacs áirithe seo, luadh tábhacht ar leith a bheith le blianta na hollscoile.

Thug cuid de na nuachainteoirí sa taighde le fios chomh maith go raibh dúil sa Ghaeilge ag tuismitheoirí nó ag seantuismitheoirí leo, rud a spreag iad chun an teanga a fhoghlaim agus a labhairt iad féin.

Rud eile a raibh tionchar nach beag aige ar chinneadh daoine an teanga a fhoghlaim ná cuairt ar an nGaeltacht agus tuairiscíonn go leor nuachainteoirí gur tharla ‘muda’ cinniúnach ina saol mar thoradh ar an gcuairt chéanna, mar aon leis an bhfeabhas a tháinig ar a gcumas Gaeilge tar éis dóibh tréimhsí a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Sa mhéid sin, aithníonn formhór mór na nuachainteoirí ról na Gaeltachta i saol agus i bhfoghlaim na teanga, cé nach ngéilleann siad ar fad d’údarás na gcainteoirí traidisiúnta.

Daoine eile, deir siad go bhfuil seilbh níos mó ar an nGaeilge ag cainteoirí dúchais seachas mar atá acu féin. Go deimhin, luaigh roinnt nuachainteoirí an easpa tuisceana a bhíonn idir iad féin agus cainteoirí Gaeltachta uaireanta, agus an frustrachas is an imní shóisialta a ghabhann leis sin ar uairibh.

“Creideann na nuachainteoirí go bhfuil an Ghaeltacht tábhachtach ach bíonn imní shóisialta ar chuid acu agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt le muintir na Gaeltachta. Teastaíonn breis tacaíochta ó dhaoine chun iompú ina nuachainteoirí agus tá roinnt moltaí polasaí déanta againn a chabhródh le daoine an t-aistriú sin a dhéanamh dá gcuirfí i bhfeidhm iad. Ina measc sin, tá infheistíocht cheart i raon leathan spásanna fisiciúla ina bhféadfaí an Ghaeilge a labhairt go sóisialta agus feachtais feasachta faoin nGaeilge sna meáin shóisialta,” a dúirt an Dochtúir John Walsh.

Léiríodh sa tuarascáil go bhfuil speictream leathan cumais i gceist i measc nuachainteoirí, ó lucht na gciorcal comhrá go cainteoirí ardchumasacha, a cheaptar gur cainteoirí dúchais iad uaireanta (‘cainteoirí saineolacha’ a thugtar orthu seo sa tuarascáil).

Dá fheabhas iad cuid de na nuachainteoirí, braitheann cuid acu míchompordach faoina gcumas agus deir siad nach bhfuil líofacht bainte amach acu go fóill nó go bhfuil teorainn lena gcumas iad féin a chur in iúl i gcomhthéacsanna nó i gcúinsí áirithe.

Go deimhin, fiú i gcás nuachainteoirí a bhfuil ardleibhéal líofachta bainte amach acu, nó tuiscint mhaith acu ar chanúint thraidisiúnta, is minic a deir siad nach bhfuil deireadh tagtha leis an bhfoghlaim fós.

D’fháiltigh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, roimh an tuarascáil inniu. Dúirt sé go mbíonn “Foras na Gaeilge ag freastal ar raon leathan cainteoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre, thuaidh agus theas, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di.

“Aithnímid gur dream iontach tábhachtach iad na nuachainteoirí dúinn agus fáiltímid roimh an taighde dearfach seo, a chaitheann solas ar na mianta agus ar na riachtanais atá acu. Beimid ag súil le moltaí na tuarascála seo a phlé agus amharc ar an bhealach inar féidir linn tacaíocht bhreise a thabhairt do na nuachainteoirí amach anseo,” a dúirt Mac an Fhailigh.

Fág freagra ar 'Staidéar ar nuachainteoirí Gaeilge seolta ag an gCoimisinéir Teanga'