Tá súil ag pobal beag Gaeltachta i nDún na nGall stádas ‘Pobal Spéire Dorcha’ a bhaint amach agus iarratas oifigiúil á réiteach acu le cur faoi bhráid Chumann Idirnáisiúnta na Spéartha Dorcha (CISD).
Is í Donna Ní Ghallchobhair ó Lárchomhairle Pharóiste Ghleann Cholm Cille in iardheisceart Dhún na nGall atá ag plé le togra na Spéartha Dorcha sa cheantar agus dúirt sí le Tuairisc go bhfuil “tús maith” curtha leis an iarratas oifigiúil ar an stádas speisialta.
Bronnann CISD cineálacha éagsúla stádais ar áiteanna a bhíonn an-dorcha san oíche agus a bhfuil radharc an-mhaith ar na reanna neimhe iontu. Tá dhá ‘Pháirc Spéire Dorcha’ in Éirinn cheana féin – Páirc Spéire Dorcha na Speiríní i dTír Eoghain agus Páirc Spéire Dorcha Mhaigh Eo i bPáirc Náisiúnta Bhaile an Chruaidh. Tá ‘Tearmann Spéire Dorcha’ in Uíbh Ráthach i gcontae Chiarraí freisin.
Mhínigh Donna Ní Gallchobhair do Tuairisc nach bhfeileann ceantar Ghleann Cholm Cille don sainmhíniú atá ag CISD do ‘pháirc’ ná ‘tearmann’ ach go bhféadfaí an stádas ‘Pobal Spéire Dorcha’ a bhaint amach.
Is éard is Pobal Spéire Dorcha ann ná “baile, cathair, nó bardas nó pobal eile atá aitheanta go hoifigiúil” atá tar éis “tiomantas ar leith” a léiriú do chaomhnú spéir na hoíche “trí chur i bhfeidhm agus forfheidhmiú “ordanás ardchaighdeán soilsithe, oideachas spéire dorcha, agus ina dtacaíonn an pobal leis an spéir dhorcha”.
“Anuraidh tháinig Georgia McMillan, bainisteoir na Páirce Dorcha i mBaile an Chruaidh, le léacht a thabhairt dúinn anseo i nGleann Cholm Cille. Rinne sí an-obair thíos ansin chun an t-aitheantas a bhaint amach. Thug sí léacht ag taispeáint dúinn an dul chun cinn a bhí déanta acu, agus tá sí anois ag obair le muintir Bhaile Uí Fhiacháin le stádas a bhaint amach ansin fosta.
“Sin an rud céanna atá muidinne a lorg fosta. Faoin gCumann Idirnáisiúnta, tá sé réimse ann – páirceanna, tearmainn, agus rudaí eile. Tá mé ag déanamh go bhfuil an pháirc agus an tearmann níos mó agus nach mbíonn an oiread tithe ann. Sna ‘pobail’ bíonn na bailte beaga clúdaithe agus sin é atá againne. Tá muid i lár an phróisis ó thaobh an t-aitheantas a fháil, agus tá níos mó oibre déanta acu i mBaile Uí Fhiacháin,” a dúirt Ní Ghallchobhair le Tuairisc.
Dúirt sí gur cuireadh tús leis an togra in 2022 ach go bhfuil roinnt mhaith tograí eile ar bun ag Lárchomhairle Pharóiste Ghleann Cholm Cille agus go mbíonn go leor oibre i gceist le hiarratas dá shórt.
“Tá deich dtogra eile ar bun againn agus tá sé deacair an fuinneamh agus an t-am a chur isteach mar is ceart. Tá tús maith déanta againn ar an iarratas scríofa ach an píosa is mó atá déanta againn ná imeachtaí sa phobal agus ag cur an smaoinimh i measc na ndaoine, le go mbeidh an tuiscint acu caidé atá i gceist agus go mbeidh siad ag obair ar an iarratas le chéile.
“Tá grúpaí difriúla páirteach ann, ár gcairde in Oideas Gael, an Clochán, agus Ionad Shliabh Liag, grúpaí eile pobail agus gnólachtaí. Rinne muid imeachtaí le trí bliana anuas, siúlóidí agus léachtaí poiblí den chuid is mó,’ a dúirt sí.
Bhí ceardlann grianghrafadóireachta oíche i nGleann Cholm Cille anuraidh agus tá léachtaí tugtha ag baill de chuid Chumann Réalteolaíochta na hÉireann don phobal. Chuaigh an grúpa ag caint le daltaí idirbhliana an cheantair freisin le tábhacht an dorchadais d’ainmhithe agus d’fheithidí a mhíniú agus le taispeáint dóibh an méid is féidir a dhéanamh sa bhaile le spéir na hoíche a chosaint ón truailliú solais.
“Chuaigh muid i dteagmháil leis an gComhairle Contae agus fuair muid liosta de na soilse poiblí atá sa cheantar agus tá muid ag déanamh measúnacht orthu sin anois. An bhfuil siad ceart go leor agus ag cloí leis na rialacha nó ar cheart iad a athrú?
“Tá an obair sin an-deacair domsa, níl mé eolach ar ‘lumens’ agus rudaí mar sin ach tá fear a bhíodh ina mhúinteoir eolaíochta linn agus tá seisean ag obair ar an stuif sin,” a dúirt Ní Ghallchobhair.
Dúirt sí go bhfuil “litreacha tacaíochta” faighte acu ó chomhairleoirí contae agus Teachtaí Dála as Dún na nGall a chabhróidh leis an iarratas atáthar a dhéanamh. Ba mhaith leis an ngrúpa bileoga eolais a scaipeadh ar an bpobal agus ar ghnólachtaí an cheantair ina dtabharfaí leideanna dóibh faoin “dóigh ar féidir leo cuidiú”.
“Ba mhaith liom bileog bheag a dhéanamh agus a chur chuig achan teach agus gnólacht sa cheantar. ‘Deich ndóigh is féidir leatsa cuidiú’ agus pointí eolais faoin truailliú solais, faoi ainmhithe, faoin rithim laethúil agus faoin tábhacht a bhaineann leis an dorchadas a chaomhnú,” a dúirt Ní Ghallchobhair.
Is mór an ní é an ghné thurasóireachta den togra don cheantar beag Gaeltachta a bhíonn ag brath go mór ar an turasóireacht samhraidh. Eagraíodh cúpla féile le blianta beaga anuas tráth nach mbíonn mórán turasóirí ag tarraingt ar iardheisceart Dhún na nGall.
“Bhí féile bheag againn le haghaidh Sheachtain Réalteolaíochta na hÉireann. Bíonn imeachtaí againn di sin agus do Sheachtain Idirnáisiúnta na Spéire Dorcha. Idir mí na Bealtaine agus mí Dheireadh Fómhair ní bhíonn an deis ann mórán a dhéanamh mar bíonn ort fanacht ar luí na gréine ach is togra iontach don gheimhreadh atá ann.
“Is rud é a bhaineann go mór leis an turasóireacht gheimhridh agus tá deis ann gné eile den cheantar a thaispeáint. Bíonn sé scamallach go minic, sin fadhb agus dúshlán, ach is deis iontach é. Don fhéile tháinig cúpla duine a bhfuil tithe lóistín acu ar bord agus rinne siad fógraíocht don fhéile. Tá muid díreach tar éis tús a chur leis an ngné turasóireachta seo agus tá go leor déanta,” a dúirt Donna Ní Ghallchobhair.
Fág freagra ar 'Stádas ‘Spéir Dhorcha’ á lorg ag Gleann Cholm Cille'