‘Stádas oráiste’ i bhfeidhm agus baol mór tinte ann

‘Bí ar an airdeall, bí ullamh’ an chomhairle atá ag an Roinn Talmhaíochta agus baol tinte aon áit ar fud na tíre a bhfuil aiteann, fraoch nó fásra an-tirim

‘Stádas oráiste’ i bhfeidhm agus baol mór tinte ann

Tá rabhadh ‘stádas oráiste’ maidir le tinte fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go dtí Dé hAoine, toisc baol mór tinte a bheith ann sa triomach.

Teocht ard agus bogthaise íseal is cúis leis an mbaol tinte aon áit ar fud na tíre a bhfuil aiteann, fraoch, féar tirim nó fásra triomaithe.

In iarthar na tíre, mar a mbeidh an bhogthaise is ísle, is mó a bheidh an baol maidir le loscadh sléibhe sna laethanta romhainn amach.

Mura mbíonn go leor báistí ann, beidh an foláireamh i bhfeidhm go dtí meán lae Dé hAoine. 

‘Bí ar an airdeall, bí ullamh’ an chomhairle atá ag an Roinn Talmhaíochta.

Dúirt Coillte gur mó go mór an baol maidir le loscadh sléibhe an tráth seo bliana toisc go bhfuil fásra na bliana seo caite fós ag lobhadh agus é triomaithe go maith.

Molann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara nár cheart tine, beárbaiciú ná aon rud eile a lasadh ar thalamh foraoise, ag saoráidí poiblí ná in aon áit eile a bhfuil baol ann go dtosódh tine go dtí go bhfógrófar a mhalairt comhairle.

Iarrtar ar úinéirí agus ar bhainisteoirí talún a bheith ar an airdeall agus meabhraíonn an Roinn d’úinéirí talún gur cion atá ann fásra a lasadh ar thalamh bán idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa.

Meabhraítear do dhaoine chomh maith go bhféadfadh aon lasair san áit a bhfuil breosla contúirteach imeacht ó smacht agus scaipeadh, go háirithe san áit a mbíonn féar feosaí, aiteann nó fraoch.

Má tharlaíonn a leithéid d’fhéadfadh an loscadh scaipeadh forleathan.

Ba cheart d’úinéirí agus bainisteoirí foraoise agus talún agus d’údaráis áitiúla patróil tinte a chur i bhfeidhm lena chinntiú nach lasfar aon tine ar a gcuid talún fad agus a bheidh an fógra seo i bhfeidhm.

Bhí loscadh sléibhe mór i nDún na nGall an mhí seo caite agus bhí tithe agus gnóthaí i mbaol nó gur cuireadh an tine faoi smacht.

Moltar do chuairteoirí a théann chuig ionaid caitheamh aimsire treoracha a leanúint, comhoibriú leis na húdaráis agus gan carranna a pháirceáil san áit a mbeidís sa mbealach ar fheithiclí lucht éigeandála. Moltar do dhaoine na treoracha seo a leanúint:

  1. Ná las aon tine thart ar fhoraoiseacha ná talamh bán
  2. Ná déan iarracht dul i ngleic le tine
  3. Cruinnigh do mhuintir/do ghrúpa le chéile agus téigí go háit shábháilte in aghaidh na gaoithe ón tine, áit nach bhfuil aon bhreosla ann
  4. Cuir glaoch teileafóin ar an tSeirbhís Dóiteáin ag 112 agus inis dóibh cá bhfuil an tine
  5. Fág an áit má thugtar an treoir sin duit agus lean comhairle an lucht éigeandála.

Fág freagra ar '‘Stádas oráiste’ i bhfeidhm agus baol mór tinte ann'