‘Stádas oifigiúil ag teastáil do logainmneacha dúchasacha mar atá in Éirinn’ – Coimisinéir Teanga na Breataine Bige

Dúirt Aled Roberts go raibh dóthain cainte déanta le dhá scór bliain anuas maidir le cosaint na logainmneacha dúchasacha agus go raibh sé in am beart a dhéanamh

‘Stádas oifigiúil ag teastáil do logainmneacha dúchasacha mar atá in Éirinn’ – Coimisinéir Teanga na Breataine Bige

Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga sa Bhreatain Bheag go dteastaíonn stádas oifigiúil do logainmneacha Breatnaise mar atá anseo in Éirinn.

Dúirt Aled Roberts go raibh dóthain cainte déanta le dhá scór bliain anuas maidir le cosaint na logainmneacha dúchasacha agus go raibh sé in am anois beart a dhéanamh de réir an bhriathair.

Tá feachtas ar bun sa Bhreatain Bheag faoi láthair chun deireadh a chur le haistriú logainmneacha Breatnaise go Béarla.

Tá os cionn 18,000 duine tar éis achainí a shíniú a deir go bhfuil an t-aistriúchán ag scrios oidhreacht na Breatnaise de réir a chéile agus gur cheart logainmneacha agus ainmneacha tithe a choinneáil i dteanga dhúchais na tíre.

Cuirfear an achainí faoi bhráid Senedd Cymru, Parlaimint na Breataine Bige, go luath.

Agus é ag labhairt faoin gconspóid, dúirt an Coimisinéir Teanga Aled Roberts go raibh sé buíoch as an obair a bhí déanta ag eagraíochtaí áirithe chun na logainmneacha a chosaint ach go raibh sé in am anois an chéad chéim eile a thógáil.

“Teastaíonn stádas oifigiúil de shaghas éigin uainn, ar nós mar atá acu in Éirinn,” a dúirt Roberts, “…ach caithfidh na hacmhainní cuí a bheith againn chomh maith.”

Aled Roberts

Mheas Roberts go raibh sé tábhachtach daoine a chur ar an eolas maidir le cén fáth go raibh na logainmneacha dúchasacha tábhachtach agus spreagadh a thabhairt dóibh iad a úsáid.

“Má tá údarás nó foras chun an obair a dhéanamh caithfidh siad, ní hamháin na logainmneacha a chlárú agus iad a dhéanamh oifigiúil, ach caithfidh siad chomh maith míniú don phobal agus do na daoine atá ag bogadh go dtí na háiteanna seo céard is brí leis na logainmneacha seo,” a dúirt Roberts.

“Tá sé in am rudaí a bhogadh ar aghaidh arís. Tá dóthain cainte déanta le 30 nó 40 bliain anuas ach níl dóthain déanta i mo thuairimse.”

Tharraing gníomhaireacht eastáit in iarthuaisceart na Breataine Bige raic le gairid nuair a d’aistrigh siad ainm tí a bhí ar díol acu ó Bhreatnais go Béarla.

D’iarr an díoltóir go dtabharfaí Sound of the Waves ar an teach sa bhfógra in áit an leagan Breatnaise, Sŵn y Don.

D’aistrigh an ghníomhaireacht eastáit an t-ainm ar ais go Breatnais tar éis do dhaoine gearáin a dhéanamh.

Tá ráite ag páirtí polaitíochta nua, Páirtí Náisiúnach na Breataine Bige, gur cheart go mbeadh táille £10,000 i gceist le hainmneacha tithe a haistriú ón mBreatnais go Béarla in áit an táille £55 atá ann faoi láthair.

Fág freagra ar '‘Stádas oifigiúil ag teastáil do logainmneacha dúchasacha mar atá in Éirinn’ – Coimisinéir Teanga na Breataine Bige'