Stádas na Fraincise á throid i gCúirt Uachtarach Cheanada

Cinnfidh Cúirt Uachtarach Cheanada cé acu an bhfuil nó nach bhfuil ceangal reachtúil ar Dháil Alberta dlíthe a fhoilsiú i mBéarla agus i bhFraincis araon

Supreme_Court_of_Canada,_Ottawa

Cinnfidh Cúirt Uachtarach Cheanada cé acu an bhfuil nó nach bhfuil ceangal reachtúil ar Dháil Alberta dlíthe a fhoilsiú i mBéarla agus i bhFraincis araon. Bhíodh an dátheangachas oifigiúil i bhfeidhm sa cheantar ar a dtugtaí Rupert’s Land agus an North-Western Territory sular cuireadh isteach i gCeanada é. Beidh ar an gCúirt a chinntiú an bhfuil feidhm fós ag an dátheangachas sin in Alberta de réir Bhunreacht Cheanada.

Rialaigh Cúirt Achomharc Alberta Dé hAoine seo caite nach gcaithfidh dlíthe an chúige a fhoilsiú go dátheangach. Rinne an Chúirt cás beirt tiománaithe a throid in aghaidh a dticéad páirceála a chaitheamh amach toisc nach raibh na ticéid sa dá theanga oifigiúla. De réir na cúirte sin, ní luaitear cearta teanga go sonrach in Alberta in aon cháipéis Bhunreachta.

Dúradh nach raibh aon fhoráil in Acht Alberta (1905, Ceanada) a chosain an Fhraincis agus ní gan mhachnamh a fágadh ar lár í.

“Pléadh an Fhraincis sa Dáil ag an am, agus diúltaíodh le móramh mór do leasú a chuirfeadh ar comhchéim í,” a scríobh an Breitheamh Frans Slatter ina bhreithiúnas.

Frans Slatter

Bhain an cás le Gilles Caron, a chas a charr go contúirteach ar an mbóthar, agus le Pierre Boutet a a bhí ag tiomáint róscioptha.

Dúirt Caron go bhfuil díomá air faoin gcinneadh. Dúirt sé nár cheart go mbeadh air dul chomh fada le teach na cúirte le cearta teanga a fháil. Cháin sé muintir Alberta a ghlac go sásta le boinn Oilimpeacha a ghnóthaigh Frainciseoirí ar son Cheanada ach nach bhfuil meas acu ar chearta teanga na lúthchleasaithe céanna.

“Is cúige Béarla é seo agus tacaíonn a meon lena ndlí. Tá Alberta ag rá linn, ‘Sea, tógfaidh muid é seo, go raibh maith agaibh’ ach má thagann sibh chuig Alberta ní bheidh cearta teanga agaibh,” a dúirt sé.

Dúirt an Breitheamh Slatter gur bunaíodh argóint na dtiománaithe ar an tuairim gur ligeadh cearta teanga i ndearmad ó ghlúin amháin go glúin eile. Dúirt an sé nach luíonn argóintí Caron agus Boutet le taifead na Dála.

“An argóint atá acu ná gur ligeadh na cearta seo i ndearmad agus ar bhealach éigin, níor tugadh ar ais arís iad go ceann céad bliain. Ní luíonn sé sin leis an taifead. Bhí a fhios go maith ag rialtas na Breataine agus Cheanada cén chaoi le cearta teanga a dhaingniú, ach fós féin níor roghnaigh ceachtar acu é a dhéanamh in aon cháipéis bhunreachta a bhaineann leis an áit a dtugar Alberta anois uirthi.

“Is í mo thuairim gur bac gan sárú an t-easpa cearta soiléire teanga ar argóint na n-achomharcóirí agus dá bhrí sin, chaithfinn amach an t-achomharc,” a dúirt an Breitheamh.

Dúirt Jean Johnston, uachtarán Chumann Fhrainciseoirí Cheanada Alberta, go leanfaidh an eagraíocht an cás nó go mbainfear cearta teanga na beirte thuas amach.

“Tá muid suite meáite ar dhul go bun an angair leis an scéal seo. Ní maith linn an cailleadh ach i ndáiríre ní athraíonn an cinneadh seo rud ar bith i saol na ndaoine. Tá fás mór tagtha ar phobal Fraincise Alberta agus tá go leor Frainciseoirí aonteangacha ag teacht chuig an áit gach bliain ag cuardach oibre.

“Tá beagnach 99,000 Franco-Albertan agus 238,000 duine a bhfuil an Fhraincis acu sa chúige. Tagann cuid mhaith acu sin chuig an gcumann ag lorg cúnaimh le pionós tráchta nach dtuigeann siad. Caithfidh go bhfuil bealach ann le dul i ngleic leis sin,” a dúirt Johnston.

Tá pobal beag Fraincise sa gceantar ar a dtugtar na Métis. Treabh bundúchasach is ea na Métis a labhraíonn an Fhraincis den chuid is mó i measc teangacha eile, Gaeilge na hAlban ina measc. Déanfaidh an Chúirt Uachtarach iniúchadh agus léiriú ar chearta teanga an phobail sin.

Nuair a bhí an trádáil fionnaidh i mbarr a réime, ón 17ú haois go lár na 19ú haoise, bhí na Métis ina móramh sa gceantar agus ba Fhrainciseoirí a bhformhór acu sin. Ba í an Fhraincis príomhtheanga (Eorpach) an cheantair fós nuair a tugadh an réigiún isteach i gCeanada sa bhliain 1870.

Bhí an dátheangachas oifigiúil i bhfeidhm le fada an lá roimhe sin. Chuireadh na rialtais áitiúla seirbhísí ar fáil i bhFraincis agus i mBéarla, d’fhoilsítí dlíthe sa dá theanga agus d’éistí le cásanna cúirte iontu araon freisin.

Nuair a bhí na socruithe á bplé a chuirfeadh an ceantar le Ceanada ag Rialtas Cheanada agus rialtas sealadach Louis Riel, ceannaire na Métis, gheall údaráis na cónaidhme i bhforógra ríoga go gcaomhnófaí an cineál saoil a bhí ag muintir an cheantair agus go n-aithneofaí a gcearta teanga agus creidimh.

Tugadh Manitoba ar an gcúige a cruthaíodh sa chomhaontas a d’eascair ó na cainteanna sin sa bhliain 1870. De réir Acht Mantiboa (1870, Ceanada), gealladh forais dhátheangacha phoiblí, scoileanna aon aicme agus deontais talún do pháistí na Métis. Ní raibh sa ghealltanas sin ach conradh sóisialta. Bhí Manitoba faoi smacht na cónaidhme agus níor dréachtaíodh aon cháipéis oifigiúil a shainaithin cé na gealltanais ón gconradh sóisialta a raibh feidhm leo.

In imeacht na mblianta 1870 go 1890, tháinig líon mór inimircí ó Oirthear na hEorpa agus Ontario agus tháinig athrú suntasach ar dhéimeagrafaíocht an cheantair. Faoi dheireadh na naoú haoise déag, bhí na Frainiciseoirí agus na Méits ina mionlach sa réigiún. Chuir an móramh nua, na Béarlóirí Protastúnacha in aghaidh an chórais a chosain an mionlach Caitliceach Fraincise. Bhí coimhlint teasaí ann idir an dá dhream a raibh fís éagsúil acu don tír; Cónaidhm Cheanada bunaithe ar aontas sollúnta idir an dá thír Eorpach a bhunaigh í, agus aon tír amháin a raibh aon teanga agus cultúr amháin aici ina mbeadh na Frainciseoirí ar comhchéim le gach grúpa eitneatheangeolaíoch eile.

Tháinig an fhís aontoiseach chun cinn agus thit an tóin as conradh sóisialta na bliana 1870. Tréigeadh an tsamhail dhéachúil a chosain mionlach na bhFrainciseoirí in Iarthar Cheanada.

Ó shin i leith, leigheasadh cuid den éagóir. Tugadh rialacha isteach sna 1960idí agus 1970idí trínar aithníodh an leatrom a rinneadh ar an bpobal Fraincise. Mar shampla, chuir an Chúirt Uachtarach an dátheangachas parlaiminte, reachtúil agus breithiúnach in áit i Manitoba arís. Faoi láthair, níl ach aon ghné shuntasach amháin de chonradh sóisialta 1870 le réiteach, is é sin an dátheangachas parlaiminte, reachtúil agus breithiúnach sna cúigí Alberta agus Saskatchewan.