Stádas Gaeltachta diúltaithe ag 30% de bhunscoileanna sa Ghaeltacht oifigiúil

70% de bhunscoileanna Gaeltachta a léirigh spéis i stádas mar scoileanna Gaeltachta faoin bpolasaí nua oideachais don Ghaeltacht

Stádas Gaeltachta diúltaithe ag 30% de bhunscoileanna sa Ghaeltacht oifigiúil

Níl aitheantas mar scoil Ghaeltachta lorgtha ag 30% de na bunscoileanna atá lonnaithe i gceantair oifigiúla Ghaeltachta

70% de bhunscoileanna Gaeltachta a léirigh spéis i stádas mar scoileanna Gaeltachta faoin bpolasaí nua oideachais don Ghaeltacht.

Cuireadh tús leis an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta níos túisce i mbliana nuair a seoladh ‘Foirm um Léiriú Spéise’ amach chuig gach bunscoil agus iarbhunscoil sa Ghaeltacht agus ba é an lá inné an sprioc d’iarratais ar stádas Gaeltachta.

Iarradh ar gach scoil Ghaeltachta dul i gcomhairle le pobal uile na scoile — an príomhoide, na múinteoirí, an bord bainistíochta, an ETB, tuismitheoirí agus lucht pleanála teanga sa cheantar — sula ndearnadh cinneadh faoi aitheantas a lorg.

Tá sé socraithe ag trí cinn de na ceithre bhunscoil i Maigh Cuilinn gan stádas mar scoil Ghaeltachta a lorg.  Tá Scoil Náisiúnta Thulach Uí Chadhain ar cheann de na scoileanna sin.  In agallamh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt príomhoide na scoile, Christopher O’Neill, gur vótáil 80% de phobal na scoile i gcoinne cur isteach ar an scéim.

“Tá go leor ceisteanna faoin scéim nach bhfuil aon fhreagraí orthu.  Is scoil bheag muid agus tá Rang 1 istigh leis na naíonáin.  Níl aon mhíniú ar céard atá tú ceaptha a dhéanamh ansin nuair atá tú ag iarraidh tumoideachas a chur i bhfeidhm. Is é an tumoideachas an chéad chéim sa scéim, agus bíonn faitíos ar na tuismitheoirí roimh an tumoideachas,” a dúirt sé.

Tá Scoil Mhuire i Maigh Cuilinn i measc na scoileanna eile nach bhfuil spéis léirithe acu i stádas Gaeltachta. Vótáil 75% de phobal na scoile sin in aghaidh an rúin go gcuirfí isteach ar an stádas. Dúirt an príomhoide le Nuacht TG4 go bhfuil “géarghá” leasú a dhéanamh ar an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta toisc nach bhfuil an scéim oiriúnach do scoileanna atá lonnaithe sa Bhreac-Ghaeltacht, dar leis.

Dúirt príomhoide na scoile, Terry Kavanagh, go bhfuil stádas Gaeltachta Mhaigh Cuilinn anois “i mbaol” agus gur gá leasú a dhéanamh.

Maidir leis an 70% de bhunscoileanna a léirigh spéis stádas Gaeltachta a bhaint amach, beidh na scoileanna sin ag obair as seo go ceann tamaill ar an 13 “sainchritéir” atá leagtha amach sa pholasaí oideachais Gaeltachta a chomhlíonadh.

I measc na sainchritéar sin, tá clár tumoideachais dhá bhliain, “tráth nach múinfear Béarla ar bith”, agus a bheidh a chur i bhfeidhm i ranganna na naíonán. I ndiaidh ranganna na naíonán, beidh ar na scoileanna “cur chuige lántumtha” a chur i bhfeidhm ina múinfear gach ábhar, ach amháin an Béarla, trí Ghaeilge.

Beidh orthu acmhainní teagaisc Gaeilge a úsáid agus na hábhair éagsúla á múineadh agus gan an leagan Béarla den churaclam bunscoile a úsáid ar chor ar bith. Anuas air sin, más fúthu stádas Gaeltachta a fháil beidh ar na scoileanna “gach iarracht” a dhéanamh foireann teagaisc agus foireann choimhdeach a earcú a bheidh líofa sa Ghaeilge, agus a bhfuil “tuiscint acu ar an gcleachtas oideolaíoch a bhaineann le teagasc trí Ghaeilge”.

Luaitear freisin coinníollacha a bhaineann leis an saol taobh amuigh den scoil. Beidh ar na scoileanna ar mhaith leo stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach tús áite a thabhairt don Ghaeilge sa chumarsáid a bhíonn acu le tuismitheoirí, leis an bpobal agus le grúpaí eile. Chomh maith leis sin, beidh ar an scoil tacú leis an bpróiseas pleanála teanga sa cheantar a bhfuil sí lonnaithe ann.

Gealltar sa pholasaí nua go gcuirfear tús san fhómhar le forbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí na scoileanna atá ag iarraidh stádas Gaeltachta agus beidh orthu plean gníomhaíochta a fhorbairt as sin go tús na bliana seo chugainn.