Nach breá an rud é iarpharaimíleataigh a bheith ag tabhairt faoi obair ar mhaithe leis an bpobal. Sin droim láimhe le foréigean agus le coiriúlacht, shílfeá. Cibé eagraíocht thoirmiscthe ina raibh siad gníomhach imithe den stáitse, mar a mhaíonn Sinn Féin faoin IRA Sealadach.
Cén fáth a mbeadh éinne ag iarraidh ainm na heagraíochta paraimíleataí a choinneáil, ní áirím an eagraíocht féin a chaomhnú agus stádas dleathach aici? Sin é atá iarrtha ag an eagraíocht dhílseach an Red Hand Commando. Chothaigh an t-iarratas míshuaimhneas agus liodán ceisteanna.
An gá an stádas a thugann ainm iarpharaimíleatach chun cuidiú le forbairt áitiúil nó an bhfuil sé ag teastáil ar chúiseanna eile ar fad? Chun údarás a bhronnadh ar iarbhaill? Chun ligean dóibh daoine a smachtú? Chun gaisce a dhéanamh faoina ngníomhartha gaile? Nó chun deontais a fháil? Sceith bhéil iad na dílseoirí as éilimh ar airgead poiblí chun cuidiú leo éirí as an bparaimíleatachas – an mbeidh siad ag iarraidh a thuilleadh don chleas seo?
Go hachomair, chuaigh toscaireacht go Londain go dtí an Oifig Gnóthaí Baile ag tús na míosa seo chun iarraidh ar an Státrúnaí Baile, Amber Rudd. an toirmeasc ar an RHC a chealú ionas go bhféadfaidís gníomhú go dlíthiúil mar eagraíocht phobail. Scéal thairis é ach is cosúil nár ghá a n-aistear agus gur go Stormont ba cheart dóibh a dhul mar gurb í Oifig Thuaisceart Éireann atá freagrach as an gcosc ar eagraíochtaí mídhleathacha abhus.
Eireaball ar an UVF ab ea an RHC le linn na dTrioblóidí. Ba mhinic daoine luaite leis an dá dhream. D’admhaigh an RHC gur dhúnmharaigh siad trí dhuine dhéag i gcaitheamh na mblianta ach is léir go raibh baill páirteach i bhforéigean an UVF go minic. Mharaigh an UVF 500 duine.
Mhaígh an toscaireacht ó scátheagras chomhairle na ndílseoirí (Loyalist Communities Council) nach raibh aon bhaint ag an RHC le coiriúlacht le deich mbliana anuas agus gur cheart an toirmeasc a chur ar cheal dá bhrí sin. Measann an PSNI go bhfuil baill den UVF agus den UDA sáite i gcoiriúlacht. Bhí an dá eagraíocht mhóra i mbun earcaíochta freisin agus tá daoine óga ina measc, ach áirítear gur dream ar pinsean nó gar dó an líon beag daoine a deirtear atá san RHC.
Tá an scátheagras ag iarraidh “cuidiú leis na heagraíochtaí paraimíleatacha ‘aistriú chuig saol síochánta’.
Trí bliana fichead ó d’fhógair siad a sos comhraic tá sé thar am acu an t-aistriú (nó an t-athghléasadh) a dhéanamh agus níl aon duine ach iad féin ag cur srian orthu. Cás samplach maith is ea an t-iarratas an RHC a dhíthoirmeasc. Óir gurb í sin an eagraíocht is lú contúirt, is furasta a thuiscint cad chuige gurb í an RHC a roghnaíodh. Dá mbeadh rath ar an iarratas seo bheifí ag súil go nglacfadh na heagraíochtaí eile an cúrsa céanna, dar le Comhairle na nDílseoirí. Ansin d’fhéachfaí leis an stádas céanna a bhaint amach don UVF agus UDA, dreamanna a bhfuil an-smacht acu ar cheantair i mBéal Feirste, oirthear Aontroma agus thart ar Chúil Raithin gan ach dornán a lua.
Chuir iar-aire ceart Stormont, David Ford, a mhéar ar mhórfhadhb faoi iarratas an RHC. “Cén fáth a bhfuil siad ag iarraidh díthoirmeasc in ionad a n-eagraíocht a scor?” a d’fhiafraigh sé. B’údar imní é, dar leis, go dtiocfadh an cleas seo salach ar iarrachtaí chun deireadh a chur le paraimíleataigh agus go mbeadh eagraíochtaí mar seo “ag baint leas as an dlí chun leanúint orthu ag coinneáil pobail faoi ansmacht”. Tá straitéis riachtanach, a dúirt sé, chun deireadh a chur le paraimíleatachas murab ionann agus scéim, mar atá molta, a chuirfeadh clóca na measúlachta ar smachtú pobail agus coiriúlacht eagraithe.
D’aontaigh bunáite an phobail le Ford, go háirithe íobartaigh an RHC, a dúirt gur mhasla dóibh an t-iarratas ar stádas dleathach.
Masla i gceann na héagóra d’íobartaigh a bheadh ann dá ngéillfí don iarratas gan blas a bheith déanta chun tacaíocht a thabhairt dóibh sin a d’fhulaing. Gan dabht is cuid d’oidhreacht na dTrioblóidí iad na heagraíochtaí paraimíleatacha ach scaoileadh amach as príosún luath iad de bharr phróiseas na síochána. Díbhinn dóibhsean ab ea é sin. Céard a fuair daoine a gortaíodh nó a chaill a muintir? Faic ach galamaisíocht agus iomarbhá na bpolaiteoirí.
Go raibh rath ar lucht an RHC i mbun obair phobail ach mar a dúirt duine de na híobartaigh a bhí thíos lena bhforéigean, ní gá a bheith i do ‘commando’ chun gníomhú ar choiste pobail nó chun oibriú go deonach.
Fág freagra ar 'Stádas ‘dleathach’ á lorg ag an Red Hand Commando chun ‘obair an phobail’ a dhéanamh'