Stad ná staonadh ar shorcas Washington ná a mháistir

Ní thabharfaidh Donald Trump aon óráid State of the Union anocht agus is cosúil nach fios cén uair a dhéanfaidh sé amhlaidh

Stad ná staonadh ar shorcas Washington ná a mháistir

A leithéid de shorcas! Sárú idir beirt atá os cionn deich mbliana agus trí scór d’aois faoi óráid agus an seomra ina dtabharfar í. Nár chóra dóibh ciall a bheith acu? Ní thabharfaidh Donald Trump aon óráid State of the Union anocht, mar a bhí beartaithe, agus is cosúil nach fios cén uair a dhéanfaidh sé amhlaidh.

Údar gáire a bheadh ann murach chomh tromchúiseach agus atá an scéal ar fad. Bhí rialtas Mheiriceá ‘ina stad’ ar feadh breis is cúig seachtaine agus cé go bhfuil socrú eatramhach déanta go dtí an 15 Feabhra níl aon chosúlacht go dtiocfar ar réiteach idir an Teach Bán agus Teach na nIonadaithe.

Bhí 800,000 duine díomhaoin in aghaidh a dtola gan trácht ar na seirbhísí tánaisteacha eile a chaithfí déanamh dá n-uireasa. Is ar mhaithe lena chinntiú nach gcaillfidís an dara lá pá a rinneadh an socrú eatramhach. Cúig seachtaine gan pingin ná leathphingin saothraithe acu. Bhí daoine ar thóir déirce ar na sráideanna agus ag freastal ar ionaid de chuid na n-eagras carthanachta do dhaoine atá gan dídean le greim a mbéil a fháil.

Tá sé seo ar bun ón 22 Nollaig nuair a chinn an tUachtarán Trump nach n-íocfaí tuarastal na n-oibrithe sa tSeirbhís Náisiúnta Páirceanna mura gceadódh na Daonlathaigh maoiniú don bhalla a theastaíonn uaidh a thógáil ar an teorainn idir na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo. Níor ghéill na Daonlathaigh agus tá an tsáinn ag leanacht ar aghaidh ó shin.

Níl aon chosúlacht réitigh ann cé go bhfuil tairiscintí déanta ag an Uachtarán Trump agus go bhfuil reachtaíocht á cur os comhair an tSeanaid go rialta,  reachtaíocht nár éirigh leis an dréacht is déanaí di Déardaoin.

Idir an dá linn tá beagnach milliún duine sa gcás go bhféadfaidís bheith gan obair arís ón 15 Feabhra agus gan aon phá ann dóibh. Tá siad ag éirí feargach ach de réir na bpobalbhreitheanna ar fad ní theastaíonn uathu go ngéillfeadh na Daonlathaigh. Tá tromlach phobal na Stát Aontaithe den tuairim, de réir phobalbhreith CNBC, gur cheart don Uachtarán Trump géilleadh faoi thógáil an bhalla ar an teorainn ó dheas. B’fhearr leo nach ngéillfeadh na Daonlathaigh faoin $5.7 billiún atá á lorg ag an Teach Bán. Tá Trump meáite ar an mballa a thógáil agus tá sé dearbhaithe arís agus arís aige nach ngéillfidh seisean.

Tabharfaidh Trump a óráid nuair a bheidh an ‘shutdown’ thart, a dúirt Nancy Pelosi. Ach céard a bhí le rá aige agus dhá bhliain caite ó insealbhaíodh é i mí Eanáir 2017? “We’re gonna build a wall!”

An bhfuil anois? Cé a íocfaidh as? Cé mhéad lá nó seachtain eile a mbeidh pobal na Stát Aontaithe féin ag fulaingt mar gheall ar dhánacht Trump agus a bhalla?

Níl aon amhras ach go bhfuil sciar den phobal sna Stáit Aontaithe atá frith-imirceach agus a dteastaíonn uathu go mbeadh slándáil bhreise i bhfeidhm ar an teorainn ó dheas. Nach íorónta é mar sin go raibh an tslándáil ag aerfoirt na tíre ar cheann de na chéad seirbhísí a buaileadh de bharr an ‘shutdown’? An é nach gcuidíonn an tslándáil ag na haerfoirt sin leis na Stáit Aontaithe a chosaint? Sin ceann de na hargóintí is mó a bhíonn aige ar son an bhalla teorann.

Tá pobal na Stát Aontaithe níos deighilte ná riamh anois faoi cá bhfuil triall a tíre agus faoi pholasaithe a n-uachtaráin. Teastaíonn an balla ó chuid acu ach tá go leor arbh fhearr leo ocras a fháil ná cead a thabhairt dó é a thógáil. Agus tá siad ag fáil ocrais.

Ach tá Trump diongbháilte de nach n-athróidh sé port. An dósan nó do na Daonlathaigh faoi Pelosi is mó a dhéanfar dochar sula mbeidh an scéal ar fad réitithe?

Fág freagra ar 'Stad ná staonadh ar shorcas Washington ná a mháistir'