Stad le plean ateangaireachta Thithe an Oireachtais toisc nár chuir aon duine isteach ar phoist

Tá sé i gceist ag Tithe an Oireachtas ateangairí nua a earcú chun a bplean a chur i gcrích ach, de réir tuairisce nua, ní raibh aon rath ar a gcuid iarrachtaí go nuige seo

Stad le plean ateangaireachta Thithe an Oireachtais toisc nár chuir aon duine isteach ar phoist

Ní féidir le Tithe an Oireachtais dul ar aghaidh leis an bplean atá acu seirbhís ateangaireachta ó Bhéarla go Gaeilge a bhunú mar nár chuir oiread is duine amháin isteach ar chomórtas earcaíochta a bhí acu.

Tá plean leagtha amach ag Tithe an Oireachtais seirbhís aistriúcháin a bhunú don Dáil, don Seanad agus do na coistí Oireachtais.

Ach deirtear i dtuairisc nua ó Phríomh-Aistritheoir Rannóg an Aistriúcháin go mbeidh forbairt na seirbhíse nua ag brath go mór ar a dhóthain ateangairí a bheith ar fáil.

Tá sé i gceist ag Tithe an Oireachtas ateangairí nua a earcú chun a bplean a chur i gcrích ach, de réir tuairisce nua, ní raibh aon rath ar a gcuid iarrachtaí go nuige seo.

Tá sé i gceist ateangairí Grád III a earcú chun ateangaireacht chomhuaineach a dhéanamh ó Ghaeilge go Béarla agus ateangairí Grád II a earcú don chóras nua Béarla go Gaeilge.

Ach is beag toradh a bhí ar na comórtais a reáchtáladh go dtí seo.

Reáchtáil an tSeirbhís dhá chomórtas earcaíochta d’ateangairí, i mí Feabhra 2020 agus i mí Lúnasa 2021. Ceapadh beirt ateangairí Grád III sa chéad chomórtas ach níor ceapadh aon duine ag Grád II. Tá an dara comórtas fós ar siúl, ach deirtear gur ar éigean a earcófar aon duine breise ag Grád III bunaithe ar líon íseal na n-iarratas agus nár chuir duine ar bith isteach ar phost Grád II.

Deirtear nach féidir an tseirbhís ateangaireachta nua a tabhairt isteach “go dtí go mbeidh na hacmhainní riachtanacha i bhfeidhm”.

“Tá obair mhór déanta ar na comórtais earcaíochta sin – ag Rannóg an Aistriúcháin, ag Aonad Acmhainní Daonna an Oireachtais agus ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) – agus is cúis díomá é nár aimsíodh na hacmhainní riachtanacha go dtí seo,” a deir an Príomh-Aistritheoir Rannóg an Aistriúcháin, Vivian Uíbh Eachach.

“Leanfaidh an tSeirbhís ar aghaidh lena hiarrachtaí earcaíochta, áfach, le súil go mbainfear amach na leibhéil riachtanacha acmhainní agus go mbeidh ar ár gcumas na feabhsuithe atá beartaithe ar an tseirbhís a chur i bhfeidhm.”

Dúirt Uíbh Eachach go raibh sé i gceist an tseirbhís nua a fhorbairt “thar thréimhse ionas go mbeidh seirbhís lánghníomhach á soláthar”.

Dúirt an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíll go raibh Seirbhísí Thithe an Oireachtais “tiomanta” don phlean seirbhís aistriúcháin chomhuaineach a sholáthar.

I litir a scríobh sé chuig Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, dúirt Ó Fearghaíll, áfach, go mbeadh forbairt na seirbhíse ag brath go mór ar cheist na hearcaíochta.

Chuir Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais, “fáilte” roimh an bplean seirbhísí ateangaireachta Thithe an Oireachtais a fhorbairt ach dúirt sé go raibh go leor “constaicí” roimhe.

“Caithfear teacht ar bhealaí le dul in iomaíocht leis an AE chun dóthain ateangairí agus aistritheoirí a fháil le dul ag obair i dTithe an Oireachtais,” arsa Ó Snodaigh.

“Ba chóir i gcónaí go mbeidh seirbhís ateangaireachta ar fáil i dTithe an Oireachtais. Ní raibh seirbhís cheart ann riamh agus sin an fáth go gcasann go leor Teachtaí Dála ar an mBéarla,” a dúirt sé.

Tá lucht Sheirbhísí Thithe an Oireachtais ag rá le tamall go mbíonn deacrachtaí móra acu teacht ar dhaoine oilte chun obair aistriúcháin agus ateangaireachta a dhéanamh.

Sna trí bliana roimh mhí Iúil na bliana seo bhí ocht gcomórtas d’aistritheoirí cáilithe ag Tithe an Oireachtais ach níor éirigh leo ach duine amháin eile a chur leis an bhfoireann.

Deir lucht Thithe an Oireachtais go bhfuil baint mhór ag an éileamh atá ag an AE ar aistritheoirí Gaeilge leis na deacrachtaí a bhíonn acu teacht ar dhaoine cáilithe agus gur géire an iomaíocht ó chinn an tAE aistritheoirí a earcú a mbeadh an rogha acu a gcuid oibre a dhéanamh in Éirinn, sa Ghráinseach i gContae na Mí.

Dúirt Vivian Uíbh Eachach, Príomh-Aistritheoir Rannóg an Aistriúcháin, cheana go raibh an tAontas Eorpach le moladh as cé chomh “éifeachtach” is a bhí siad i mbun earcaíochta agus go bhféadfaí foghlaim uathu.

“Nílim á gcáineadh ach táim go mór in éad leo,” a dúirt an Príomh-Aistritheoir.

Maidir le cúrsaí pá, dúirt sé go dtosaíonn aistritheoirí Gaeilge an AE ag leibhéal a thógfadh sé bliana ar aistritheoir i dTithe an Oireachtais a bhaint amach.

Fág freagra ar 'Stad le plean ateangaireachta Thithe an Oireachtais toisc nár chuir aon duine isteach ar phoist'