Sruth i dtreo ionadaíocht chionmhar ag neartú sna Stáit

Má thacaíonn an pobal leis na moltaí go mbeadh ionadaíocht chionmhar mar chóras vótála beidh gluaiseacht láidir ann lena chur a chur i bhfeidhm

Sruth i dtreo ionadaíocht chionmhar ag neartú sna Stáit

D’fhéadfadh sé go gcuirfí borradh faoin ionadaíocht chionmhar mar chóras vótála de bharr reifrinn áitiúla i stáit Massachusetts agus Alaska ar an 3 Samhain. Tá reifrinn áitiúla ina gcuid den chóras sna Stáit i Meiriceá agus is iondúil go reáchtáiltear iad seo lá na dtoghchán Stáit agus Uachtaránachta. ‘Ranked-choice Voting’ nó RCF atá baiste air an ionadaíocht chionmhar sna Státaí.

Má thacaíonn an pobal leis na moltaí go mbeadh vótáil 1, 2,3 agus mar sin de, sna Stáit ina mbeidh na reifrinn ar siúl, beidh gluaiseacht láidir ann leis an gcóras sin a chur i bhfeidhm. Táthar ag moladh go dtabharfaí an ionadaíocht chionmhar isteach in Massachusetts in 2022 má bhíonn móramh ar a son.

Níl ach Stát amháin i Meiriceá a bhfuil an ionadaíocht chionmhair dá húsáid ann i dtoghcháin inmheánacha stáit agus i dtoghcháin náisiúnta. Cuireadh an chéad chuid den chóras i bhfeidhm in Maine in 2016 agus cuireadh feidhm iomlán leis in 2018.

Margaret Craven

Creideann an tIonadaí Parlaiminte Margaret Craven in Maine – Máiréad Ní Chonghaile as Carna i gConamara ó dhúchas – go n-oibríonn an cineál seo vótála go maith. Beidh sise san iomaíocht arís sa toghchán Parlaiminte i Maine ar an 3 Samhain. Tá os cionn ceithre bliana déag caite aici anois sa bParlaimint in Augusta, príomhchathair Stát Maine.

Vóta amháin d’iarrthóir amháin a bhíodh ann ach feictear do Mhairéad Ní Chonghaile go bhfuil daoine gafa i gcleachtadh go maith ar an athrú. Ní shin le rá nach bhfuil sé ina chonspóid faoi.

“Níl na Poblachtánaigh sásta leis,” a deir sí. “Troideadh cásanna cúirte faoin athrú anseo agus sílim nach bhfuil a dheireadh feicthe againn fós. Ach go dtí seo, tá na cásanna in aghaidh na hionadaíochta cionmhaire caite amach.” 

Tá aird ar leith ar an toradh a bheidh ar an reifreann atá molta ar an gcóras vótála in Massachusetts. Stát é seo ar a dtarraingítear aird náisiúnta go minic mar gheall ar stair pholaitiúil an réigiúin sin agus an branda liobrálach atá ar Massachusetts.

Sa bhfeachtas i bhfabhar an athraithe in Massachusetts tarraingítear aird ar chásanna nach bhfuair an buaiteoir – go háirithe i réamhthoghcháin – ach beagán le cois 20% den vóta, faoin gcóras vóta amháin d’iarrthóir amháin. Luaitear an t-iarFheisire Comhdhála go Washington, Michael Capuano, ar dhuine acu siúd. Ní bhfuair sé ach 23% den vóta i réamhthoghchán ina thoghcheantar féin in Massachusetts in 2018 ach bhí sé chun cinn ar chuile dhuine eile (bhí riar iarrthóirí san iomaíocht). 

“Is ait an rud é mbíonn an bua ag duine ar caitheadh 77% de na vótaí ina aghaidh,” a deir urlabhraí ó ghrúpa atá i mbun feachtais leis an seanchóras a athrú in Massachusetts.

Baill den pháirtí Daonlathach den chuid is mó atá ag cur teannadh leis an bhfeachtas i bhfabhar na hionadaíochta cionmhaire in Massachusetts. Tá an drogall céanna a luaigh an t-ionadaí Stáit in Maine, Margaret Craven, ar na Poblachtánaigh roimh an gcóras RCV in Massachusetts. An rud céanna atá amhlaidh i mórchuid den na Stáit.

Ar nós chuile thír eile, féachann polaiteoirí i Meiriceá go grinn ar na figiúirí. Chun dochair a rachadh an RCV do na Poblachtánaigh, nó sin é a chreideann siad. Ceaptar gur túisce a thabharfadh iarrthóirí a bhainfeadh le gluaiseachtaí nó le hagóidí an dara rogha, an tríú rogha agus mar sin de do Dhaonlathaigh ná do Phoblachtánaigh.

Tharlódh sin, bhféidir, de bharr go n-aithnítear na Poblachtánaigh go minic mar pháirtí na ndaoine deisiúla agus lucht maoine.

Ní hé an múnla céanna ar fad atá molta don ionadaíocht chionmhar i Meiriceá go dtí seo agus atá i bhfeidhm in Éirinn. Bheadh sé ina bhunriail go gcaithfeadh iarrthóir 50% den vóta a fháil – vótaí uimhir a haon nó aistriúcháin – sula dtoghfaí í/é. Ar ndóigh, is iarrthóir amháin a bheadh le toghadh freisin sna toghcheantar agus ní ceathrar, nó cúigear nó seisear mar a bheadh anseo.

Na daoine atá in aghaidh an athraithe go dtí an ionadaíocht chionmhar i Meiriceá, abraíonn siad go bhféadfaí duine a chur in oifig. fiú agus go mbeadh sí nó sé íseal ar an gcéad chomhaireamh. Mura bhfuil iarrthóir in ann vóta láidir a thabhairt leis ar an gcéad chomhaireamh, ní ceart go bhfaigheadh sé suíochán ná oifig, a deir siadsan.

Ait go leor, bhí sampla ann den bhealach a bhféadfadh an tríú hiarrthóir athrú mór a chur ar thoghchán Uachtaránachta i Meiriceá. B’in i 1992 agus ba iad na Poblachtánaigh ba mhó – is cosúil – a bhí thíos leis. Bhí George H.W. Bush ina Uachtarán Poblachtánach agus sé Bill Clinton a roghnaigh na Daonlathaigh. Chuaigh an fear gnó, Ross Perot, a bhí ina chara roimhe sin ag George H.W. Bush agus é luaite leis an bpáirtí Poblachtánach san iomaíocht freisin. Is cosúil go raibh sé stuacach de bharr nár thacaigh Bush le cúpla togra a bhí aige. Fuair Perot 20 milliún vóta. Toghadh Bill Clinton ar 43% den vóta náisiúnta. Dá mba ionadaíocht chionmhar a bheadh ann d’fhéadfadh inseacht eile a bheith ar scéal an toghcháin sin.

Fág freagra ar 'Sruth i dtreo ionadaíocht chionmhar ag neartú sna Stáit'