Srianta Leibhéal 5 ag fanacht i bhfeidhm go dtí an 5 Aibreán ar a thúisce

Thug an Rialtas a mbeannacht don phlean nua Covid-19 tráthnóna agus tabharfaidh an Taoiseach óráid faoi ar ball

Srianta Leibhéal 5 ag fanacht i bhfeidhm go dtí an 5 Aibreán ar a thúisce

Mí eile den dianghlasáil atá romhainn sa tír seo agus srianta Leibhéal 5 ag fanacht i bhfeidhm go dtí an 5 Aibreán ar a thúisce. 

Thug an Rialtas a mbeannacht don phlean nua tráthnóna agus déanfaidh an Taoiseach é a sheoladh go hoifigiúil nuair a thabharfaidh sé óráid ar ball.

Faoi Phlean nua an Rialtais le maireachtáil leis an Covid-19, faoin tráth sin a dhéanfar cúrsaí a athbhreithniú.  

Níl aon dátaí eile maidir le scaoileadh na srianta i bplean nua an Rialtais ach go bhfuil sé mar sprioc acu 250,000 duine sa tseachtain a vacsaíniú ó thús an Aibreáin. 

Faoin bplean nua ar glacadh leis táthar ag súil go bhfillfidh 330,000 dalta ar a seomraí ranga an Luan seo chugainn. 

Féadfaidh daltaí Ardteiste agus an chéad cheithre rang bunscoile filleadh ar na seomraí ranga an chéad an lá sin. Ar an 15 Márta a fhillfidh an chuid eile de na ranganna bunscoile agus bliain a cúig na hiarbhunscoile. An 12 Aibreán a fhillfeadh daltaí eile na n-iarbhunscoileanna.

Tá sé i gceist faoin bplean seo go n-athosclófaí an earnáil cúram leanaí de réir a chéile. 

An 8 Márta a chuirfear tús arís leis an Scéim um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE), seirbhís nach raibh ar fáil ó mhí Eanáir. Beidh cead ag na hionaid cúram leanaí go léir a seirbhísí a chur ar fáil ón 29 Márta.

Faoin bplean nua tá síneadh go deireadh an Mheithimh curtha le hÍocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime agus leis na tacaíochtaí do ghnóthaí. 

B’éigean an plean paindéime a bhí ag an Rialtas a athrú de bharr a dhéine a bhí an tríú ráig den víreas, cineálacha nua den víreas a bheith ag scaipeadh agus clár náisiúnta vacsaínithe a bheith ar bun.

Leanfar faoin bplean nua leis an gcosc ar chuairteanna ar chomhluadair eile go dtí an Bhealtaine agus ní luaitear aon dáta cinnte faoina mbeidh cead ag daoine dul ag cuartaíocht nó ag bothántaíocht ar chairde is gaolta. Beidh na srianta taistil 5km fós i bhfeidhm mar níl aon mhaolú orthu sa bplean nua.

Níl aon dáta cinnte luaite ach oiread sa bplean le haghaidh siopaí nach bhfuil riachtanach ná earnáil an fháilteachais a athoscailt.

Beidh sé ina Bhealtaine ar a laghad sula n-athosclóidh siopaí agus seirbhísí pearsanta a deirtear a bheith neamhriachtanach, gruagairí cuir i gcás, agus meastar go mbeidh tithe ósta agus bialanna dúnta go dtí mí an Mheithimh. 

Má éiríonn leis an Rialtas milliún snáthaid sa mí a thabhairt do dhaoine faoin Aibreán, bheadh an vacsaín faighte ag gach duine a bhfuil a sláinte leochaileach nó atá os cionn 70 bliain d’aois faoi lár mhí na Bealtaine.

Fág freagra ar 'Srianta Leibhéal 5 ag fanacht i bhfeidhm go dtí an 5 Aibreán ar a thúisce'

  • Antóin

    Mí eile den dianghlasáil atá romhainn agus srianta Leibhéal 5- ar a laghad! Agus tithe ósta agus bialanna dúnta go dtí mí an Mheithimh.

    Tá an t-am ann anois an rialtas, NPHET an freasúra gan mhaith agus RTÉ a dhianghlasáil agus ligean do gach duine eile a saol a chaitheamh sula scriostar ár dtír, ár gcultúr, ár slí mhaireachtála, ár saoirse.