Srianta Leibhéal 3 le cur i bhfeidhm ar Dhún na nGall anocht

I nDún na nGall atá an dara ráta is measa sa stát ó thaobh scaipeadh an ghalair

Srianta Leibhéal 3 le cur i bhfeidhm ar Dhún na nGall anocht

Tá srianta Leibhéal 3 le cur i bhfeidhm ar Dhún na nGall anocht.

Chomhairligh an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí don Rialtas na srianta a chur i bhfeidhm ar an gcontae ina bhfuil an dara ráta is measa sa stát ó thaobh scaipeadh an ghalair.

Beidh na srianta breise a tugadh isteach i dtithe tábhairne agus bialanna Bhaile Átha Cliath i gceist i nDún na nGall chomh maith ach amháin i gcás na dtithe tábhairne nach mbíonn bia ar fáil iontu. Tá na tithe tábhairne sin iata go fóill sa phríomhchathair ach beidh cead ag tithe tábhairne nach mbíonn bia acu fanacht oscailte i nDún na nGall. Ní bheidh cead acu, áfach, ach deoch a chur ar fáil do dhaoine taobh amuigh. Ach oiread le Baile Átha Cliath beidh cosc i nDún na nGall ar bhéilí a ithe faoi dhíon i dtithe bia.

Tuairiscítear go dtabharfaidh an Rialtas a mbeannacht do mholadh NPHET tráthnóna.

Faoi Leibhéal 3 beidh cosc i nDún na nGall ar ócáidí sóisialta is teaghlaigh agus ní cheadófar ach daoine ó theaghlach amháin eile a thabhairt chun an tí.

Ní bheidh cead ag níos mó ná 15 duine freastal ar aon imeacht ealaíon nó oiliúna lasmuigh agus ní bheidh imeachtaí laistigh, amhail comhdhálacha, cúrsaí traenála nó imeachtaí amharclainne, ceadaithe in aon chor.

Cé nach gceadaítear formhór na gcluichí spóirt i réigiún Leibhéal 3, tá eisceacht déanta den scothspórt.

Ar líne amháin a bheidh seirbhísí eaglasta pobail ceadaithe ach beidh na séipéil oscailte don té ar mian leis cuairt phearsanta a thabhairt orthu.

Beidh póstaí agus sochraidí ceadaithe ach ní bheidh cead ach 25 aoi a bheith ag pósadh ón Luan seo chugainn, in áit an 50 a bhíodh ceadaithe go dtí seo.

Ní bheidh cead ach ag 25 duine freastal ar shochraid ach an oiread.

Tá imní ar leith ar NPHET faoi Dhún na nGall agus go háirithe faoi scaipeadh tréan an ghalair i measc teaghlach sa chontae sin.

Seachas Baile Átha Cliath, is i nDún na nGall a bhí an ráta is airde den Covid-19 sa tír ar fad sa gcoicís idir an 8-21 Meán Fómhair.

106.2 duine in aghaidh gach 100,000 a tholg an galar sa tréimhse coicíse sin i nDún na nGall agus deimhníodh 169 cás nua sa chontae. Bhí an ráta sin cúig uaire níos airde ná an ráta a bhí ann sa gcoicís roimhe sin, 20.7.

Léiríonn na figiúirí ón Lárionad Faireachais ar Chosaint Sláinte gur 136.9 an ráta in aghaidh gach 100,000 duine a bhí i mBaile Átha Cliath mar a bhfuil srianta breise curtha i bhfeidhm.

Port Láirge a bhí sa tríú háit ar an liosta agus 98.1 an ráta a bhí sa gcontae sin.

Fág freagra ar 'Srianta Leibhéal 3 le cur i bhfeidhm ar Dhún na nGall anocht'