Srianta dianghlasála nua fógartha agus ‘cogadh á throid’ in aghaidh an víris

Faoi na srianta nua beidh na scoileanna dúnta go dtí an 1 Feabhra, seachas na ranganna Ardteiste a bheidh ag freastal ar an scoil trí lá sa tseachtain

Srianta dianghlasála nua fógartha agus ‘cogadh á throid’ in aghaidh an víris

Tá srianta breise fógartha ag an Rialtais leis an drochráig is déanaí den choróinvíreas a cheansú.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach bhfuil “cás na hÉireann faoi láthair neamhchosúil le cás na Ríochta Aontaithe”.

“Tá cogadh á throid againn in aghaidh víreas marfach atá ag síorathrú agus is dá bharr sin atá an dianghlasáil seo á cur i bhfeidhm againn inniu. Mura bhfuil obair atá fíor-riachtanach ar siúl agat, caithfidh tú fanacht sa bhaile,” a dúirt an Taoiseach Micheál Martin.

Caithfimid “ár míle dícheall a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt ar an mí seo amach romhainn go daingean diongbháilte,” a dúirt sé.
Faoi na srianta nua beidh na scoileanna dúnta go dtí an 1 Feabhra, seachas na ranganna Ardteiste a bheidh ag freastal ar an scoil trí lá sa tseachtain ionas, a deirtear, go mbeifear in ann scrúdú na hArdteiste a reáchtáil ar an mbealach traidisiúnta i mbliana. Dúirt an Taoiseach go raibh na scoileanna sábháilte i gcónaí.

“Cé go léiríonn an fhianaise eolaíochta agus sláinte phoiblí ar fad go bhfuil scoileanna sábháilte, tá scaipeadh an víris chomh rábach anois go gcaithfimid cosc a chur leis an oiread daoine agus is féidir ó bheith ag taisteal anonn is anall,” a dúirt Micheál Martin.

Tá na pleananna cáinte ag ceardchumainn múinteoirí. Dúirt an INTO, ceardchumann na mbunmhúinteoirí gur “faoi dheifir” a ceapadh iad agus nach raibh siad “críonna”.

Seachas na daltaí Ardteiste táthar ag moladh go gcuirfeadh scoileanna is oidí an teagasc ar fáil ar líne as seo go deireadh na míosa, tráth a ndéanfar cúrsaí a athbhreithniú faoi réir na sláinte poiblí.

Fanfaidh crècheanna oscailte do pháistí na ndaoine a bhfuil obair riachtanach ar siúl acu agus do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta acu nó atá leochaileach ach dúnfar  réamhscoileanna.

Beidh cead ag oibrithe riachtanacha neadacha nó bolgáin a dhéanamh le líonta tí eile ar mhaithe le cúram leanaí a eagrú.

Tá rialacha níos déine tugtha isteach do dhaoine a bheadh ag teacht isteach chun na tíre seo agus é molta go mbeadh ar gach duine tástáil PCR a bheith déanta acu le 72 uair an chloig agus toradh diúltach uirthi. Tiocfaidh an riail sin i bhfeidhm ar an Satharn do lucht taistil as an mBreatain agus as an Afraic Theas ach beidh seachtain eile sula mbeidh sí i gceist do thíortha eile.

Pictiúr: Sasko Lazarov / Rollingnews.ie

Dúnfar gach ionad tógála tráthnóna Dé hAoine seachas cinn a bhfuil obair riachtanach ar siúl iontu, nó tógálaithe atá ag obair ar thithe sóisialta, scoileanna, nó oibreacha poiblí atá riachtanach. Cuirfear liosta mionsonraithe ar fáil de thograí tógála a bheidh ag leanúint ar aghaidh. Beidh cead forbairtí atá nach mór críochnaithe a chríochnú, a dúradh.

Ní bheidh cead ag siopaí neamhriachtanacha leanúint leis an gcóras ‘cliceáil agus bailigh’ a bhíodh ann agus ní bheidh ceadaithe ach seachadadh chun an tí. Maidir le seirbhísí dí beir leat, dúirt an Taoiseach go raibh sé “in am “dearmad a dhéanamh ar na piontaí beir leat”.

Ghlac fochoiste Rialtais an Covid-19 leis na moltaí inné agus thug an Rialtas a mbeannacht dóibh tráthnóna. Beidh na srianta seo i bhfeidhm go dtí deireadh mhí Eanáir ach is mairg a déarfadh go mbeidh an ghéarchéim maolaithe faoi sin agus meastar gurb amhlaidh go gcuirfear síneadh le cuid acu go dtí lár mhí Feabhra ar a laghad.

Déanfar na srianta ar scoileanna agus ar thionscal na tógála a athbhreithniú ar an 31 Eanáir agus táthar ag súil go maolófar na srianta sna míonna seo romhainn de réir mar a bheidh an tsnáthaid in aghaidh an víris faighte ag na daoine is leochailí.

An teachtaireacht láidir ón Rialtas go bhfuil cúrsaí níos práinní anois ná aon uair ó thús na paindéime agus an cineál nua den Covid-19 atá i bhfad níos tógálaí ar 25% de na samplaí a tástáladh.

Dúirt an tAire Ardoideachais Simon Harris go gcaithfeadh muid  “ár míle dícheall a dhéanamh” leis an ráig seo a cheansú. Dúirt Harris go raibh “beatha daoine ag brath ar na cinntí ar fad” a rinne an Rialtas inniu maidir le “conas daoine a choinneáil ina mbeatha go dtí go bhfaighidís an vacsaín”.

 

 

Fág freagra ar 'Srianta dianghlasála nua fógartha agus ‘cogadh á throid’ in aghaidh an víris'