Srianta coraintín níos déine aontaithe do phaisinéirí ón mBreatain

Chinn an Rialtas inniu go mbeidh ar phaisinéirí ón mBreatain nach bhfuil vacsaínithe ar fad féinleithlisiú ar feadh 10 lá

Srianta coraintín níos déine aontaithe do phaisinéirí ón mBreatain

Beidh ar dhaoine a thagann go hÉirinn ón mBreatain agus nach bhfuil an tsnáthaid iomlán faighte acu féinleithlisiú ar feadh deich lá.

Féinleithlisiú ar feadh cúig lá a bheidh i gceist do dhaoine a thagann anseo agus a bhfuil vacsaín faighte acu.

Chinn an Rialtas an méid sin inniu agus imní ann go scaipfeadh an cineál Delta den ghalar níos forleithne sa stát.

Tá athoscailt iomlán na Breataine curtha siar ag an bPríomh-Aire Boris Johnson mar gheall ar scaipeadh an chineál nua den ghalar a aithníodh ar dtús san India.

Meastar gurb é an cineál Delta den ghalar is cúis le 90% de chásanna na Breataine anois agus go bhfuil sé ag cur go mór le líon na gcásanna agus líon na n-othar sna hospidéil ansin.

Tá an Rialtas anseo muiníneach nach gcuirfidh an cineál Delta den ghalar as don phlean a thuilleadh srianta dianghlasála a scaoileadh ar an 5 Iúil.

Is údar imní an cineál seo den Covid-19 mar go scaipeann sé 60% níos sciobtha ná an chéad chineál den ghalar. Meastar chomh maith nach mbíonn ag daoine a bhfuil dáileog amháin den tsnáthaid AstraZeneca faighte acu ach cosaint 33%.

Beidh ar dhaoine a thagann anseo ón mBreatain agus gan vacsaín a bheith faighte acu toradh diúltach a fháil ar thástáil PCR ar an gcúigiú agus ar an deichiú lá dá dtréimhse féinleithlisithe. Beidh cead ansin acu imeacht ón gcoraintín.

Beidh cead ag daoine a bhfuil an vacsaín faighte acu imeacht ón gcoraintín tar éis cúig lá ach toradh diúltach a fháil ar thástáil PCR.

Faoi láthair is féidir le haon duine a thagann anseo ón mBreatain deireadh a chur lena thréimhse féinleithlisithe má fhaigheann siad toradh diúltach cúig lá i ndiaidh dóibh teacht.

126 cás den chineál Delta den ghalar atá deimhnithe sa stát de réir na bhfigiúirí is déanaí.

Táthar ag súil go dtiocfaidh deireadh leis an socrú nua i dtaobh na Breataine ar an 19 Iúil nuair atá an taisteal idirnáisiúnta le tosú arís.

Fág freagra ar 'Srianta coraintín níos déine aontaithe do phaisinéirí ón mBreatain'