Srianta ar na bacáin i mBaile Átha Cliath mar gheall ar ardú ar líon na gcásanna

Deir an Tánaiste Leo Varadkar gur mór idir an scéal i mBaile Átha Cliath agus an chuid eile den tír agus go gcaithfí déileáil leis ar bhealach eile

Srianta ar na bacáin i mBaile Átha Cliath mar gheall ar ardú ar líon na gcásanna

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar gur dócha go gcuirfí srianta breise i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath in iarracht scaipeadh an choróinvíris sa gcontae sin a mhaolú.

Dúirt an Tánaiste dá leanfadh an víreas ag scaipeadh mar atá faoi láthair nach fada eile go mbeadh níos mó daoine á gcur san ospidéal agus níos mó daoine ag fáil bháis.

Tá cinneadh á dhéanamh ag an Rialtas amárach faoi aon bhearta breise a bheadh riachtanach i mBaile Átha Cliath. Dúirt an Tánaiste gur mór idir an scéal sa gcontae sin agus an chuid eile den tír agus dá bharr, go gcaithfí déileáil leis ar bhealach eile.

Dúirt sé go raibh srianta áitiúla á scrúdú, mar a cuireadh i bhfeidhm i gcontaetha Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí, seachas srianta diana mar a cuireadh i bhfeidhm sa Mhárta agus san Aibreán nuair a bhuail an Covid-19 an tír ar dtús.

Fógraíodh chomh maith inniu go bhfuil athrú déanta ar an treoir chliniciúil a chuireann Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte ar fáil do dhochtúirí teaghlaigh ó thaobh an fhéinleithlisithe.

Tá an treoir nua bunaithe ar staidéar a rinne an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte ar an bhfianaise i dtíortha eile. Faoin treoir nua má bhíonn duine ina theagmhálaí ag duine sa bpobal ar deimhníodh an Covid-19 a bheith air, leithlisiú 10 lá a bheidh le déanamh aige seachas an 14 lá mar a bhíodh go dtí seo. Ní mór don duine sin a bheith saor ó aon fhiabhras le 5 lá sula rachaidh sé i measc an phobail arís. Níl aon athrú ar an 14 lá i gcás gartheagmhálaithe nó daoine a tháinig isteach as tíortha nach bhfuil ar an liosta glas.

Agus í ag caint ar Today with Claire Byrne ar raidió RTÉ inniu, dúirt an Dr Clíona Ní Cheallaigh, saineolaí ar ghalair thógálacha, go raibh níos mó othar á gcur sna hospidéil anois agus iad go dona tinn leis an Covid-19.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, bhí 57 duine a raibh an coróinvíreas tolgtha acu sna hospidéil ag a 8pm inné. Bhí deichniúr acu in aonad dianchúraim agus ochtar acusan ar aeranálaí. Bhí 93 duine eile in ospidéal agus amhras ann gurbh é an Covid-19 a bhí ag dul dóibh.

Dúirt an Dr Ní Cheallaigh go raibh an galar ag scaipeadh go gasta in ionaid laistigh agus gur cheart do dhaoine smaoineamh ar mhasc a chaitheamh laistigh fiú má bhí dhá mheádar idir iad agus daoine eile.

Ní haon dea-thuar a bhí ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ach oiread mar dúirt Hans Kluge, stiúrthóir na heagraíochta san Eoraip, gur ag ardú a bheadh an líon daoine a tholgfadh an Covid-19 sna míonna seo romhainn.

“In olcas a rachaidh cúrsaí. Is mó daoine a chuirfidh an víreas den saol i nDeireadh Fómhair agus i mí na Samhna,” a dúirt Hans Kluge.

De réir figiúirí an WHO, deimhníodh 307,930 cás nua ar fud an domhain inné, an lá is measa ó thús na paindéime.

Tá an víreas tolgtha ag os cionn 29 milliún duine faoin tráth seo agus 921,000 duine curtha den saol aige.

Fág freagra ar 'Srianta ar na bacáin i mBaile Átha Cliath mar gheall ar ardú ar líon na gcásanna'