Srathar na hainnise ar Nidge

LÉIRMHEAS: Foréigean, carúlacha grinn, seatanna atmaisféaracha de Bhaile Átha Cliath.Tá Nidge agus a chairde ar ais.

Love/Hate

Bhí daoine ag rith le brothall le déanaí agus iad ag fanacht le sraith nua Love/Hate (Dé Domhnaigh, RTÉ). Cad é bús faoi shraith eile a bheith ar na bioráin, cad é ráflaí faoin leagan Meiriceánach agus suíomh idirlín ag cur t-léinte leis an mana Gaeilge Grá/Gráin ar díol. Faoi mar a dúirt an té a dúirt, ní raibh an oiread seo daoine bailithe timpeall ar an teilifís tráthnóna Domhnaigh ó bhí Glenroe in ard a réime.

Cad a bheidh ar bun ag Nidge agus a chomhghuaillithe Elmo, Aido agus Fran? Cad faoi Shiobhán agus na Gardaí? Cad faoin gcat bocht?

Cé nár ghéilleas riamh dos na comparáidí a bhí daoine ag déanamh le Breaking Bad agus The Wire, tá Love/Hate ar an sraithdhráma Éireannach is fearr agus gan ach The Clinic agus Pure Mule in aon ghiorracht dó. Ní dóigh liom gur ábhar díomá a bheidh sa tsraith seo.

An dúshlán is mó atá roimh lucht a dhéanta ná go bhfuil sé róghearr gan ach sé chlár sa tsraith nuair is idir deich gclár agus sé chlár déag an dea-chleachtas idirnáisiúnta (féach Game of Thrones, The Walking Dead, House of Cards srl).

Ina dhiaidh sin féin, ceapaim gur cuireadh eachtraí sa tsiúl go maith le naimdhe Nidge á thimpeallú agus é féin agus Fran ag faire ar a chéile. Foréigean, carúlacha grinn, seatanna atmaisféaracha do Bhaile Átha Cliath, tá sé ar fad anseo mar aon le turas chuig an Spáinn chun bualadh le Terence Big Balls. Ar an drochuair, taibhsíodh dom go bhfuil carachtar Fran éirithe uiscealach agus is botún mór atá anseo má leantar leis.

Ar an dtaobh eile den scéal, tá Paddy (an fear a dhein an buama a mharaigh bean Fran) ar ais agus is carachtar den scoth é. Bhí an comhrá idir é féin agus Nidge, go mórmhór an sleais faoin gcloch chinn, ar cheann de bhuaicphointí na sraithe ina hiomláine go dtí seo.