Sraith speisialta TG4 do na toghcháin – tuilleadh de seo, más é bhur dtoil é…

Níl i Vóta 2019 ar TG4 i ndáiríre ach an Nuacht nasctha le 7Lá, ach ní drochmhúnla é

Sraith speisialta TG4 do na toghcháin – tuilleadh de seo, más é bhur dtoil é…

Bhí TG4 chugainn aréir le gála eile de Vóta 2019; sraith cláracha ‘speisialta’ an stáisiún do na toghcháin áitiúla agus Eorpacha. Is é atá ann i ndáiríre ná an Nuacht nasctha le 7Lá, seift atá á cur i gcrích níos rialta le tamall chun clár cúrsaí reatha ‘uair an chloig’ a sholáthar dúinn.

Sa chlár seo seoladh Siún Nic Gearailt go Ciarraí le léargas a thabhairt ar an bhfeachtasaíocht ansin.

Lena chois sin bhí Páidí Ó Lionáird sa stiúideo agus Maolra Mac Donnchadha i mbun na bpríomhscéalta nuachta.

Agus sinn ó dheas bhí tuairisc ag Seán Mac an tSíthigh ar na toghcháin áitiúla i gCiarraí mar a bhfuil 62 iarrthóir sa tóir ar 33 suíochán. Tá atarraingt déanta ar theorainneacha na dtoghcheantar ansiúd rud a fhágann go bhfuil sé thoghcheantar sa Ríocht san áit a mbíodh ceithre cinn roimhe seo. Is toghcheantar faoi leith é Corca Dhuibhne anois agus tá, dá réir, ceathrar ó Iarthar Duibhneach san iomaíocht.

Ina phaiste cainte le Siún Nic Gearailt tar éis na míre, thug Jeaicí Mac Gearailt ó RnaG le fios do Shiún go raibh cad é bús faoi ainm an toghcheantair nuair a fógraíodh go mbeadh ‘Dingle’ mar ainm air; gníomh, ní nach ionadh, a thug fothragadh ‘Dingle/Daingean Uí Chúis’ chun cuimhne. Ar deireadh beartaíodh ‘Corca Dhuibhne’ a thabhairt air.

Gan amhras ní féidir cúrsaí toghchánaíochta i gCiarraí a tharraingt anuas gan trácht a dhéanamh ar mhuintir Healy-Rae. Tá scata acu sa tóir ar shuíocháin; duine i gceantar an Neidín, duine eile i gceantar Chill Airne agus duine eile fós i gceantar Oileán Ciarraí. É sin ar fad agus tacaíocht á tabhairt acu d’iarrthóir amháin i gCorca Dhuibhne. Mhaígh Jeaicí Mac Gearailt go bhfuil brú faoi leith ar an gcéad ghlúin eile seo mar mura n-éireodh le duine amháin acu bheidís ar an gcéad Healy-Rae a chaill toghchán.

Bhí mír eile ón Sítheach ansin. Bhí an fear bocht luite amach air féin go hiomlán óir go raibh sé i mbun cadrála leis an láithreoir chomh maith. Ba í an mhír seo, ina ndein Mac an tSíthigh cíoradh ar an gcomhrac i gCorca Dhuibhne, buaicphointe an chláir. Tuairisc chruthaitheach, dheisbhéalach mar is dual dó. An cearrbhach agus a phaca cárta mar íomhá agus mar mheafar aige don chomhrac. “Amadán de chearrbhach a dhéanfadh talamh slán dá dhorn cártaí agus do thoradh an toghcháin seo,” a deir sé ag tús na míre. B’eo leis ansin agus nathanna cainte an chearrbhachas ag teacht tiubh te tapaidh. B’ealaíonta an tslí í le tabhairt faoi scéal simplí. Is cinnte gurb é an Sítheach cíoná Nuacht TG4.

Bhí tuairisc eile ó Ghaeltacht Mhúscraí ag Marian O’Flaherty agus bhí John Downing, Cathal Mac Coille agus Elaine Loughlin sa stiúideo thiar le Páidí Ó Lionáird chun plé a dhéanamh ar thoghchán Eorpach an deiscirt, toghcheantar a shíneann ó Bhré Chulainn go Dún Chaoin. Dúirt Tomás Ó Mainnín linn ina thuairisc bhreá siúd go dtógfadh sé cúig uair an chloig ort tiomáint ó cheann ceann an toghcheantair seo in bhfuil 1.8 milliún duine agus dhá chontae dhéag. In ainneoin mhéid an toghcheantair roimhe seo thug Downing le fios go raibh an ceathrar iarrthóirí ag maireachtaint i ngiorracht 100 ciliméadar dá chéile.

Cé nach bhfuil aon rud úrnua sa mhúnla seo ag meitheal Nuacht TG4 bhaineas súp as. Soláthraíonn sé an ‘tSúil Eile’ sin dúinn agus léiríonn sé cad is féidir leis an tseirbhís nuachta a dhéanamh nuair a chuirtear chuige. Tuilleadh de seo, más é bhur dtoil é.

Fág freagra ar 'Sraith speisialta TG4 do na toghcháin – tuilleadh de seo, más é bhur dtoil é…'

  • Íte Ní Chionnaith

    an-chlár agus an-chur chur chuige mar a deir Breandán.