Sraith raidió nua le Liam Ó Maonlaí le tosú inniu ar Raidió na Gaeltachta

Beidh ceoltóirí aitheanta ó cheann ceann na tíre páirteach sa tsraith deich gclár a taifeadadh i nGaeltacht Chonamara

Sraith raidió nua le Liam Ó Maonlaí le tosú inniu ar Raidió na Gaeltachta

Barry Kerr, Liam O Maonlai, Sile Denvir.

Cuirfear tús an tseachtain seo le sraith nua raidió a bheidh á cur i láthair ag an gceoltóir aitheanta Liam Ó Maonlaí. 

Sraith deich gclár atá i gceist le Cuan an Cheoil, a gcuirfear tús léi inniu, Déardaoin, an 20 Eanáir, ag 7pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Ceol is comhrá a bheidh i gceist agus aoicheoltóirí éagsúla i gcuideachta Uí Mhaonlaí gach seachtain. Is í seo an chéad sraith raidió atá á léiriú ag Stiúideo Cuan agus taifeadadh na cláir uile i stiúideo an chomhlachta ar an Spidéal i gConamara. 

‘Comhrá ceolmhar’ a bheidh le cloisteáil, dar leis an láithreoir, seachas ceolchoirm. Beidh atmaisféar “teolaí, pearsanta, machnamhach” sna cláracha a ghealltar agus beidh Ó Maonlaí i mbun ceoil leis na haíonna freisin de réir mar a oireann. Gealltar go mbeidh roinnt tobchumadóireachta le cloisteáil chomh maith. 

Maitiú Ó Casaide agus  Liam Ó Maonlaí

Beidh scata ceoltóirí aitheanta ó cheann ceann na tíre páirteach sa tsraith. Is iad Síle Denvir agus Barry Kerr na haíonna a bheas le cloisteáil sa chéad chlár anocht.  As na hAille i gCois Fharraige ó dhúchas do Shíle Denvir, ball den ghrúpa Líadan, agus tá an domhan siúlta aici leis an ngrúpa sin agus le The Chieftains.  I dteannta Shíle ar an gclár beidh Barry Kerr, ceoltóir, cumadóir agus péintéir as Ard Mhacha ó dhúchas ach cónaí air anois i gConamara.   

Ar na ceoltóirí eile a bheas páirteach sa tsraith, beidh Colm Mac Con Iomaire, Mairéad Ní Mhaonaigh, Nia Byrne, Peadar Ó Riada, Mick O’Brien, Mary Bergin, Conor Connolly, Johnny Óg Connolly, Liam O’Connor, Róisín Chambers, Maitiú Ó Casaide, Méabh Ní Bheaglaoich, Niamh Varian-Barry, Rónán Ó Snodaigh, Myles O’Reilly agus Caoimhe is Séamus Ó Flatharta.   

Beidh físeáin den chlár le feiceáil ar líne gach seachtain.    

Fág freagra ar 'Sraith raidió nua le Liam Ó Maonlaí le tosú inniu ar Raidió na Gaeltachta'