Sraith Pictiúr – Tine sa Teach

Sraith Pictiúr na hArdteiste (SP 16). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Sraith Pictiúr – Tine sa Teach

Físeán

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Déan cur síos ar timpiste go bhfaca tú nó gur chuala tú faoi. Déan ceann a cheapadh más gá.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

    Tabhair cur síos ar an eachtra, cuir eagla agus iontas in iúl, déan cabhair a iarraidh, tabhair comhairle de shaghas éigin, tabhair rabhadh.

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

  • Arís is féidir tú féin a thaifead.

 


Tine sa teach

(Téacs an fhíseáin)


1) Mí Eanáir seo caite dfhreastail Sailí ar dhioscó i lár na cathrach. Chríochnaigh an dioscó ag mean oíche agus shiúil Sailí abhaile.
Bhí brat sneachta ar an talamh agus bhí sí préachta leis an bhfuacht. Nuair a shroich sí an teach, las sí an tine agus níorbh fhada go raibh sí te teolaí.

2) Bhí Sailí tuirseach, traochta, tnáite ach bhí ocras an domhain uirthi. Bheartaigh sí roinnt sceallóga a dhéanamh.
Chuir sí ola ag téamh ar an gcócaireán.

3) Shín Sailí siar agus níorbh fhada go raibh sí ina cnap codlata.
Bhí dearmad glan déanta aici ar na sceallóga.
I bpreabadh na súl, bhí an sáspan ola imithe trí thine.

4) Dhúisigh an deatach tuismitheoirí Shailí.
Baineadh geit uafásach astu.
Bhí an seomra chomh dubh le pic.
Chuir an t-athair fios ar na seirbhísí éigeandála láithreach bonn.
Dhúisigh a máthair Sailí.

5) Tháinig an bhriogáid dóiteáin ar an bpointe.
D’éirigh leo an tine a mhúchadh.
Lig tuistí Shailí osna faoisimh.
Tógadh Sailí chuig an otharcarr ar shínteán.
Dúradh leo go mbeadh sí ceart go leor.

6) An mhaidin dár gcionn, bhí damáiste na tine le feiceáil.
Bhí an teach ina phraiseach.
Thuig na tuismitheoirí go raibh an t-ádh dearg leo a gcosa a thabhairt leo ón tine.
Bhí Sailí ag teacht chuici féin san ospidéal.
Moladh di é a thógáil go bog ar feadh cúpla lá.

Ceisteanna:

  • Cá raibh an cailín i mBosca 1?

  • Cé air a ghlaoigh an fear i mBosca 4?

  • Cé atá le feiceáil i mBosca 6?