SRAITH PICTIÚR: Samhradh Iontach

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

SRAITH PICTIÚR: Samhradh Iontach

Físeán

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Déan cur síos ar an laethanta saoire is fearr a bhí agat.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

    Déan cur síos, abair gur thaitin/nár thaitin rud leat, labhair faoi chúrsaí bia agus aimsire, cuir taitneamh/pléisiúr in iúl.

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

  • Arís is féidir tú féin a thaifead.

 


Samhradh Iontach

(Téacs an fhíseáin)

1) Mí an Mheithimh seo caite phléigh Máire agus Síle na laethanta saoire a bhí rompu amach.
Bhí siad ag súil go mbeadh samhradh den chéad scoth acu.
Bhí an ghrian ag scalladh anuas orthu agus iad ag súil go mairfeadh an dea-aimsir. B’fhada leo go dtiocfadh an samhradh.

2) Cuireadh faoi agallamh iad do phoist pháirtaimsearatha san óstán áitiúil.
Bhí an t-ádh leo na poist a fháil mar chuir gach mac máthar isteach orthu.
Bhíodh orthu éirí ag breacadh an lae leis na seomraí a ghlanadh.
Dhéanaidís obair na gcapall agus bhíodh gach seomra chomh glan le scilling acu.

3) I dtús mhí Lúnasa, chuaigh siad ar laethanta saoire chuig an Iodáil.
Bhain said lán a gcuid súl as na hiontais a bhí le feiceáil.
Bhí siad an-tógtha leis na láithreacha seandálaíochta, go mór mór an Colosseum.
Rinne siad go leor siopadóireachta agus iad thall agus ní raibh pingin rua acu ag teacht abhaile.

4) Ag deireadh mhí Lúnasa, d’éirigh lena bhfoireann peile craobh an chontae a bhuachan.
Bhí áthas an domhain orthu.
Rinne siad an gabhar a róstadh an oíche sin.
An oíche dár gcionn, chuaigh siad chuig an bpictiúrlann.
Ar an drochuair, ní raibh an scannán thar mholadh beirte.

5) Ag deireadh an tsamhraidh, rinne na cailíní cinneadh obair charthanachta a dhéanamh.
Thug siad lámh chúnta do Chumann Naomh Uinseann de Pól.
Bhídís ag tabhairt earraí riachtanacha do dhaoine a bhí in umar na haimléise agus bhí an Cumann an-bhuíoch dá bharr.

6) Níorbh fhada go raibh deireadh an tsamhraidh buailte leo.
D’aontaigh an bheirt acu go raibh samhradh den chéad scoth acu agus nach ndéanfaidís dearmad air go brách.
Bhí siad ag súil leis an gcéad samhradh eile cheana féin.

Ceisteanna:

Cá ndeachaigh siad ar laethanta saoire?

Cén sórt aimsire atá ann i mBosca 1?

Cé leis a bhfuil siad ag obair i mBosca 5?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Samhradh Iontach'