SRAITH PICTIÚR: Timpiste sa Choláiste Samhraidh

Sraith Pictiúr na hArdteiste (SP 11). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

 

SP 11 2017

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh comhrá
  • Gortaíodh tú ag imirt peile. Scríobh an comhrá a bheadh agat leis an múinteoir/tuismitheoir.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
    Abair céard atá ort agus cén chaoi ar tharla sé, déan cabhair a iarraidh, cuir fearg agus faitíos in iúl.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

 


 

Timpiste sa Choláiste Samhraidh

(Téacs an fhíseáin)

1) An samhradh seo caite d’fhreastail Seán, Pól agus Tomás ar chúrsa Gaeilge i gConamara.
Thug a dtuismitheoirí síob dóibh go dtí an nGaeltacht.
D’fhág siad slán leo agus bhuail siad an bóthar.
Bhí sceitimíní ar Sheán, Pól agus Tomás.
Bhí siad an-luath agus ní raibh duine ná deoraí thart.

2) Crochadh clár ama an chúrsa ar an mballa.
Reáchtáladh go leor imeachtaí éagsúla.
Bhíodh ranganna ar siúl ar maidin, spórt san iarnóin agus céilí nó seó tallainne istoíche.
Ní raibh aon dá lá mar a chéile.
Is cinnte go mbíodh siad tuirseach, traochta, tnáite gach oíche.

3) Lá amháin bhí cluiche peile faoi lán seoil.
Bhí greim an duine bháite ag Pól ar an liathróid agus é ag rith ar luas lasrach.
I bpreabadh na súl bhí sé leagtha chun na talún.
Thosaigh sé ag béicíl in ard a chinn is a ghutha.

4) Thug an múinteoir lámh chúnta do Phól dul isteach sa charr.
Mhothaigh Tomás an-trua do Phól mar go raibh an t-ospidéal 50 míle ar shiúl uathu.
Ina theannta sin tá an-dúil ag Pól sa spórt.
D’iarr an príomhoide ar an múinteoir glaoch air ón ospidéal.
Bhí crith cos agus lámh ar Phól bocht.

5) Shroich siad an t-ospidéal tuairim is uair an chloig ina dhiaidh sin.
Rinne an dochtúir sa seomra éigeandála scrúdú ar chos Phóil.
Bhí dea-scéal aige dó. Ní raibh a chos briste.
Bheadh Pól i mbarr a mhaitheasa arís i gceann seachtaine.
Lig an múinteoir agus Pól osna faoisimh nuair a chuala siad an scéal seo.
Cuireadh glaoch ar thuismitheoirí Phóil leis an dea-scéal a insint dóibh.

6) D’fhill siad ar an gcoláiste samhraidh ina dhiaidh sin.
Bhí áthas an domhain ar chairde Phóil é a fheiceáil.
Chuir siad fáilte chroíúil roimhe.
Bhí meangadh mór gáire ar Phól.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  1. Cé mhéad déagóirí atá le feiceáil i mbosca 1?
  2. Luaigh imeacht amháin atá luaite i mbosca 2?
  3. Cén t-am a thosaíonn an Céilí nó an Seó Tallainne?
  4. Cén spórt atá siad a imirt i mbosca 3?
  5. Cén t-am é i mbosca 6?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Timpiste sa Choláiste Samhraidh'