SRAITH PICTIÚR: Obair Dhian: Torthaí Maithe san Ardteist

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán


Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

 

Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh an comhrá a bheadh agat féin leis an ngairmthreoraí.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
    Cuir do mhianta oideachais in iúl, fiafaigh ceisteanna, déan soiléiriú a lorg, cuir cumas in ábhar in iúl, déan cur síos ar an gcúrsa/slí bheatha a bhfuil spéis agat iontu.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

 

Obair Dhian: Torthaí Maithe san Ardteist

(Téacs an fhíseáin)

1. Chuaigh Máire chun cainte leis an ngairmthreoraí.
Dúirt sí go raibh spéis aici cúrsa ceimice a dhéanamh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Dúirt an gairmthreoraí go raibh ceithre chéad pointe CAO ag teastáil.
Dúirt sé go gcaithfeadh sí breis oibre a dhéanamh dá dteastódh uaithi an cúrsa sin a fháil.
Chuir sé comhairle a leasa uirthi.

2. Rinne Máire cinneadh obair na gcapall a dhéanamh.
Cúpla lá ina dhiaidh sin chuir a cara Síle ceist uirthi teacht chuig dioscó in éineacht léi..
Bhí fonn ar Mháire imeacht amach ach dúirt sí nach bhféadfadh sí mar go raibh go leor obair bhaile le déanamh aici.
Tá buachaillí ag imirt cispheile sa chúlra.

3. Coicís ina dhiaidh sin thug Micheál cuireadh di teacht chuig an bpictiúrlann leis.
Scannán den chéad scoth ba ea é, dar leis, agus bhí sé ar siúl ag a hocht a chlog sa Savoy.
Bhí Máire idir dhá chomhairle.
Chinn sí leanúint leis an obair.
D’oibrigh sí go dian dícheallach siar amach san oíche.

4. Tar éis tamaill d’éirigh a hathair buartha fúithi.
Dúirt an mháthair gur scoláire den chéad scoth í agus go mbeadh sí ceart go leor.
Ní raibh ach cúpla mí fágtha agus idir an dá linn bheadh sí in ann a scíth a ligean ag na deirí seachtaine.

5. Faoi dheireadh is faoi dheoidh tháinig na torthaí Ardteiste amach.
Fuair Máire ceithre chéad caoga pointe.
Bhí áthas an domhain uirthi. Thréaslaigh a cairde agus a tuismitheoirí a gaisce léi.
Dúirt siad go raibh luach a cuid saothair faighte aici.

6. Ag deireadh an tsamhraidh thug Máire aghaidh ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Bhí sí ag tabhairt faoi chúrsa eolaíochta.
Deireadh ré agus tosach ré ba ea é.
Bhí sí ar mhuin na muice.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  • Cén cúrsa ar theastaíonn ó Mháire a dhéanamh?
  • Cé mhéad pointe CAO atá i gceist?
  • Céard atá ag tarlú sa chúlra i mbosca 2?
  • Cén cuireadh a thugann Micheál di i mbosca 3?
  • Cén ollscoil atá le feiceáil i mbosca 6?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Obair Dhian: Torthaí Maithe san Ardteist'

  • kate traynor

    obair na gcapall

  • Deirdre Mhic Cárthaigh

    An-chabhrach ar fad! Míle buíochas ó scoil Ashton, Corcaigh.