Sraith ó Jordan Peele a dhéanann ciníochas Jim Crow a nascadh le scéal faoi arrachtaigh

Déanann an tsraith Lovecraft Country iarracht tráchtaireacht shóisialta ar shochaí chiníoch na gcaogaidí a chniotáil le tréithe an scannáin uafáis

Sraith ó Jordan Peele a dhéanann ciníochas Jim Crow a nascadh le scéal faoi arrachtaigh

Tá tús na sraithe seo chomh háiféiseach sin, chomh lán le fantaisíocht agus beochan gan dealramh gur ríléir dúinn go bhfuil carachtar éigin ag taibhreamh; saighdiúirí a bhfuil an chuma orthu go bhfuilid sa Dara Cogadh Domhanda ag comhrac le spás árthaigh agus arrachtaigh fhíochmhara.

De gheit déantar Atticus Freeman (Jonathan Majors) a dhúiseacht as a chodladh. Tá sé ar bhus i Meiriceá na gcaogaidí is é ag dul ó thuaidh ó Florida go dtí an fód dúchais in Chicago.

“Just going over another bridge named after some dead slave owner,” a deir an bhean chnagaosta atá suite lena ais. An chéad rud eile cúlaíonn an ceamara siar agus cítear fógra a fhógraíonn go neamhbhalbh gur den chine dubh cúl an bhus.

Tá lorg Jordan Peele, ceardaí Get Out (2017) agus Us (2019) le sonrú ar an bpointe agus tá stíl an tsaothair seo curtha abhaile orainn chomh maith céanna. Déanfaidh an tsraith Lovecraft Country (Sky Atlantic agus NOW TV) an tráchtaireacht shóisialta ar shochaí na gcaogaidí a chniotáil le tréithe an scannáin uafáis. An áiféis, sceimhle agus míreanna grinn fite fuaite le drámatúlacht.

Tá an saothar seo bunaithe ar leabhar den teideal céanna ó pheann Matt Ruff agus baineann an teideal le dúthaigh ficsin in iarthar Massachusetts atá lárnach in úrscéalta uafáis/osnádúrtha le H.P. Lovecraft. Mar a tharlaíonn glactar leis inniu go chiníochaí go smior ba ea Lovecraft.

Tugann Freeman, a uncail (Courtney B. Vance) agus cailín ar a n-aithne (Jurnee Smollett) aghaidh ar an dúthaigh le teacht ar athair Freeman a d’imigh gan tásc ná tuairisc tamall roimh thús na sraithe. Tá gaol achrannach ag Freeman lena athair Montrose (Michael Kenneth Williams) agus déantar/déanfar cíoradh ar chaidreamh mhuintir Freeman i gcaitheamh na sraithe. Go deimhin tá an t-uisce fé thalamh ag brú aníos os cionn na talún faoi dheireadh an dara gála.

Is sa chéad dhá ghála atá craolta go dtí seo, is mó de bhlas a fuaireas ar an léiriú a deineadh ar shaol agus ar chiníochas na gcaogaidí ná mar a fuaireas ar na harrachtaigh agus an t-uafás. Trácht á dhéanamh ar dhlíthe luí gréine na tréimhse mar a fógraíodh go neamhbhalbh ciníoch don duine dubh an baile/ceantar a thréigint roimh thitim na hoíche.

Cuirfidh an radharc sa bhialann agus an ceann leis an sirriam ciníoch do ghruaig ina colgsheasamh ar do cheann. Gan amhras tá a fhios ag Peele (cruthaitheoir agus léiritheoir na sraithe) agus a chomhghuaillithe  go mbainfidh cuid d’eachtraí na sraithe macallaí as chorraíl an lae inniu. Tá eagla orm, áfach, go mb’fhéidir nach n-éireoidh leis an tsraith adhmad a bhaint as an téama seo chun mo shástachta.

Tá a maitheasaí féin ag baint leis na míreanna uafáis agus beidh tine ar an gcraiceann nuair a thugann na harrachtaigh a gcéad fhogha faoinár laochra. Bheifeá ag súil leis sin ó J.J Abrams, duine eile de na léiritheoirí. Ina dhiaidh sin féin thosaigh an dríodar cainte agus míreanna uafáis ag dul chun leadráin orm tar éis scaithimh.

Tá sé deacair léamh críochnúil a dhéanamh ar an tsraith seo go fóill ach is dóigh liom gur fiú do shúil a chaitheamh uirthi féachaint an éireoidh léi téama tráthúil, tábhachtach an chiníochais a chíoradh chun ár sástachta agus gan ligint do na harrachtaigh ná don áiféis an scéal a shlogadh.

Fág freagra ar 'Sraith ó Jordan Peele a dhéanann ciníochas Jim Crow a nascadh le scéal faoi arrachtaigh'