Sraith nua faoin saol ó thuaidh le linn na dTrioblóidí le tosú anocht ar RnaG

Déanfar scagadh ar an rian a d'fhág na Trioblóidí ar an bpobal ó thuaidh i sraith nua a gcuirfear tús léi anocht ar RTÉ, Raidió na Gaeltachta

 

 

Ireland_of_Equals

Cuirfear tús anocht le sraith nua cláracha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta dírithe ar an méid a d’fhulaing daoine ó thuaidh le linn na dTrioblóidí. Glórtha Aduaidh is ainm don tsraith agus cuirfear daoine faoi agallamh ann nár chualathas a nglór roimhe seo agus iad ag caint ar an tslí ar chuir na Trioblóidí isteach orthu.

Mar is eol do go leor cheana, mhair na Trioblóidí breis agus tríocha bliain agus maraíodh níos mó ná trí mhíle duine le linn na tréimhse sin. Gortaíodh le cois daichead míle duine. Go deimhin, níl teaghlach sna Sé Chontae ná ar an teorainn nár chuir na Trioblóidí céanna isteach orthu ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, agus beidh a rian orthu go deo, shílfeá.

Sa tsraith seo, cloisfimid scéalta nár insíodh riamh ó dhaoine as cúlraí éagsúla; scéalta faoi na cuimhní atá acu féin ar na Trioblóidí agus an tionchar a bhí acu ar a saol.

Orthu siúd a bheidh le cloisteáil sa tsraith, beidh Tomaí Ó Conghaile, Eagarthóir na hirise NÓS, Eoghan Ó Néill, Eagarthóir Nuacht24, agus Maria Nic Fhearchair, Príomhoide Bhunscoil an Iúir i gContae an Dúin.

Comhfhiontar atá sa tsraith idir RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió Fáilte, agus fuair an tionscnamh tacaíocht ó Chlár SÍOCHÁN III, clár de chuid an Aontais Eorpaigh, chun an tsraith a chraoladh.

Is é Dónall Mac Ruairí láithreoir na sraithe. Sé chlár a bheidh in Glórtha Aduaidh, ag tosú anocht, Dé Máirt 24 Márta, ag 8.30 pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Sraith nua faoin saol ó thuaidh le linn na dTrioblóidí le tosú anocht ar RnaG'

  • Pól Ó Codlata

    Ná dean dearmad ar “Bhí mé ann”, a bheidh ag phlé an téama chéana anocht chomh maith ag 10 i.n.

    • Pól Ó Codlata

      Ar TG4, ba cheart liom a rá sa phost.