Tús á chur le sraith nua díospóireachta trí Ghaeilge faoi thionchar an choróinvíris

Beidh impleachtaí na dianghlasála ar an meabhairshláinte, ar chúrsaí eacnamaíochta agus gnó, chomh maith le géarchéim na dtithe altranais i measc na n-ábhar a phléifear ar chlár Gaeilge nua

Tús á chur le sraith nua díospóireachta trí Ghaeilge faoi thionchar an choróinvíris

Máire Bhreathnach a chuirfidh 'An Focal Scoir' i láthair

Cuirfidh teilifís BBC 2 Thuaisceart Éireann tús anocht le sraith nua díospóireachta trí Ghaeilge ina ndéanfar anailís ar thionchar COVID-19 ar chúrsaí eacnamaíochta, síceolaíochta agus sóisialta, ar bhonn idirnáisiúnta agus logánta.

Máire Bhreathnach a chuirfidh An Focal Scoir, sraith ceithre chlár, i láthair agus painéal iriseoirí agus tráchtairí eile ina teannta, ina measc Póilín Ní Chiaráin, Áine Ní Bhreisleáin, Eimear McGovern, Ciarán Ó Pronntaigh, Máire Treasa Ní Cheallaigh, Íte Ní Chionnaith agus Gearóid Ó Muilleoir.

Gealltar chomh maith tuairiscí a léireoidh dearcadh an phobail faoin bpaindéim.

Le linn na sraithe pléifear impleachtaí na dianghlasála ar an meabhairshláinte, ar chúrsaí eacnamaíochta agus gnó, chomh maith le géarchéim na dtithe altranais.

Sa chéad chlár den tsraith anocht pléifear na bealaí a ndeachaigh an coróinvíreas i bhfeidhm ar pháistí ar fud na cruinne agus caithfear súil ar a bhfuil i ndán do mhúinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí scoile.

Dúirt Antaine Ó Donnaile, léiritheoir na sraithe, go raibh sé “iontach sásta” a bheith ábalta an tsraith stiúideo seo a dhéanamh chun cíoradh a dhéanamh ar cheisteanna atá “ríthábhachtach” dúinn uilig. Dúirt sé gur mheas sé go gcuirfidh daoine as “gach aoisghrúpa agus ó gach cúlra” spéis sa tsraith.

An comhlacht léiriúcháin Below The Radar TV a léirigh an tsraith le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.

Craolfar an chéad eagrán ag 10pm anocht ar BBC2 Thuaisceart Éireann.

Fág freagra ar 'Tús á chur le sraith nua díospóireachta trí Ghaeilge faoi thionchar an choróinvíris'

  • Éamon Walsh

    Ní féidir teacht ar BBC 2 Thuaisceart Éireann i mBaile Áth Cliath, an féidir?

  • Feardorcha

    Fair play d’Alan Esselmont. Tuigeann seiseann nach gá do phobal na Gaeilge ó dheas fóram díospóireachta.