Tá sraith físeán seolta ag an Aire Leanaí chun tacú le tuisimitheoirí agus chun iad a spreagadh leabhair Ghaeilge a léamh lena gcuid páistí.
Sheol an tAire Roderic O’Gorman, mar aon le Heather Humphreys, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, ‘Léamh Le Chéile’ mar chuid den tionscnamh Mo Leabharlann Bheag 2023.
Is acmhainn físe ar líne atá i Léamh Le Chéile, á mhaoiniú faoin tionscnamh Éire Ildánach, a léiríonn leabhair scéalta Gaeilge á léamh ag an gcraoltóir Caoimhe Ní Chathail agus an láithreoir teilifíse John Sharpson.
Tá 6 fhíseán sa tsraith, léiríonn gach ceann acu leabhar scéalta ardchaighdeáin do pháistí a roghnaíodh as na cinn atá sna málaí leabhar Gaeilge atá i Mo Leabharlann Bheag i mbliana. Tá na málaí seo saor in aisce do gach páiste atá ag tosú ar scoil i mí Mheán Fómhair óna leabharlann áitiúil. Tá sé mar aidhm ag an acmhainn seo tacú le tuismitheoirí agus iad a spreagadh chun málaí leabhar Gaeilge a roghnú agus na leabhair a léamh lena bpáistí.
Is iad na leabhair a léitear sna físeáin ná: Bí ag Spraoi Liom agus Beag Bídeach scríofa ag Sadhbh Devlin (Futa Fata), Cócó an Colgán Cairdiúil’ le hAilbhe Nic Giolla Bhrighde, Míp agus Blípín le Máire Zepf, Ó Chrann go Crann le Caitríona Hastings (An tSnáthaid Mhór) agus ‘Percy Péacóg’ scríofa ag Gemma Breathnach (Futa Fata).
Is féidir na físeáin a thaispeáint do pháistí agus iad a phlé leo, agus is féidir le tuismitheoirí, teaghlaigh agus oideachasóirí luathbhlianta iad a úsáid chun scéalta léitheoireachta a inseacht os ard i nGaeilge.
Dúirt an tAire O’Gorman go raibh “an-áthas” air an chuid seo den tionscnamh Mo Leabharlann Bheag a sheoladh.
“Tá a fhios agam go spreagfaidh na físeáin seo tuismitheoirí na leabhair Ghaeilge a léamh lena bpáistí agus go dtacóidh an acmhainn seo le tuismitheoirí, teaghlaigh agus oideachasóirí taitneamh a bhaint as ár dteanga dhúchais lenár nglúin is óige.”
Is féidir na físeáin uile a fheiceáil anseo.
Ciarán BXL
Go hiontach! Sin an bealach a thosaigh mo mhac agus mé féin leis an Ghaeilge.
Ní raibh a lán Gaeilge agam nuair a bhí mo mhac óg ach bhí an sraith “Scéal an lae” do Cúla4 ar Youtube. Cheannaigh mé na leabhair sin agus d’fhoghlaim mé an fuaimniú ó na físeáin agus léigh muid na leabhair chuile oíche.
Tar éis dhá bhliain lena leabhair, (agus cúpla leabhar amhráin le CD, agus na hamhráin TG Lurgan), thosaigh sé ag féachaint ar cartúin Cúla4. Níor thuig sé chuile rud ar dtús ach bíonn páistí sásta i gcónaí a bheith ag féachaint ar cartúin, fiú mura thuigeann siad iad.
Seod é mo mhac anois: https://www.tg4.ie/ga/player/seinn/?pid=6307538064112
Níl muid in Éireann. Mar sin ní raibh rang Gaeilge aige ina shaol. Bíonn daoine ag gearán nach bhfuil na ceachtanna Gaeilge sa scoil go maith. Ach le leabhair agus cartúin tá sé indéanta.
Nod tábhachtach amháin: Roghnaigh canúint amháin. Bheadh sé i bhfad níos deacra má measctar na trí canúint le chéile. Agus gan chanúint ní bheadh a fhios agat conas na focail a fhuaimniú. Roghnaigh mé Gaeilge Chonamara agus tá mé lán sásta leis. I mo thuairimse, is í an chanúint is éasca mar tá níos mó cainteoirí líofa agus níos mó acmhainní ann i nGaeilge Chonamara. Ach, pé canúint, roghnaigh ceann amháin agus cuardaigh na acmhainní atá déanta ag cainteoirí Gaeltachta an chanúint sin.