Sraith cruinnithe ‘déthaobhacha’ faoi Straitéis ag Aire na Gaeltachta le hAirí Rialtais

Bunú Gaelscoileanna agus cúrsaí leathanbhanda sa Ghaeltacht i measc na n-ábhar a pléadh ag na na cruinnithe go dtí seo

Joe McHugh
Joe McHugh

Tá Aire na Gaeltachta, Joe McHugh, ag bualadh le hAirí Rialtais ina nduine agus a nduine chun cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus Acht na dTeangacha Oifgiúila a phlé leo.

Bhí cruinniú ag an Aire Stáit an tseachtain seo caite leis an Aire Oideachais agus Scileanna, Jan O’ Sullivan, ag ar pléadh bunú gaelscoileanna agus gaelcholáistí nua. Pléadh ag an gcruinniú chomh maith córas na bpainéal múinteoireachta agus na deacrachtaí a chruthaíonn sé do scoileanna lán-Ghaeilge.

Ba i mí na Samhna seo caite a scríobh an tAire McHugh chuig na hAirí uile sa Rialtas ag lorg cruinnithe ‘déthaobhacha’ leo chun feidhmiú na Straitéise agus Acht na dTeangacha Oifigiúla a phlé.

Bhí cruinnithe cheana féin ag Aire na Gaeltachta leis an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Richard Bruton, an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Alex White agus an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, James Reilly.

Thug Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie gur phléigh an tAire Stáit gnóthaí fiontraíochta sa Ghaeltacht leis an Aire Fiontraíochta agus gur pléadh cúrsaí leathanbhanda sa Ghaeltacht agus ar na hoileáin ag gcruinniú leis an Aire Cumarsáide.

Ba ar an réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a dhírigh a chruinniú leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige.

I ráiteas a thug sé do Tuairisc.ie, dúirt an tAire Stáit McHugh gurb í an aidhm a bhí leis an tsraith cruinnithe ná “feabhas breise” a chur ar an “obair thábhachtach” a bhaineann le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

“Tá ag éirí go maith leis na cruinnithe déthaobhacha atá eagraithe go dtí seo. Is léir go bhfuil toil i measc na nAirí dul chun cinn a dhéanamh le cur i bhfeidhm na Straitéise.

Cé go dtuigim go maith go bhfuil comhoibriú leanúnach ar siúl idir na Ranna i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na Straitéise, tá mé ag machnamh go gníomhach, ó ceapadh mar Aire Stáit mé i mí Iúil seo caite, ar conas a d’fhéadfadh muid feabhas breise a chur ar an obair thábhachtach seo. Is sa chomhthéacs seo atá na cruinnithe déthaobhacha á reáchtáil,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh.

 

Fág freagra ar 'Sraith cruinnithe ‘déthaobhacha’ faoi Straitéis ag Aire na Gaeltachta le hAirí Rialtais'