Sraith chumhachtach ó Russell T Davies ar mhór an peaca í a chailliúint 

Tá Russell T Davies chugainn le ‘It’s a Sin’ agus léiriú níos sollúnta ar shaol an phobail aeraigh aige an babhta seo

Sraith chumhachtach ó Russell T Davies ar mhór an peaca í a chailliúint 

Bíonn Russell T Davies coitianta ar an bpeann agus an méarchlár. I gcaitheamh na mblianta tá na scórtha scripteanna do shraitheanna teilifíse curtha ar fáil aige. Ina measc tá an saothar ceannródaíoch Queer as Folk a craoladh ag tús na mílaoise agus a thugann cuntas ar shaol fhir aeracha in Manchain. 

Níor chúb an tsraith ó radharcanna glinne collaíochta a léiriú, rud, ní nach ionadh an uair sin, a chuir muc ar gach mala ar choimeádaigh. Cáineadh amháin a deineadh ar an tsraith ná gur thug sé neamhaird ar an ngalar VEID/SEIF a bhí ag scaipeadh go rábach ag an am. Déanann It’s a Sin an t-easnamh sa mhórshaothar úd a chúiteamh agus is saothar i bhfad níos sollúnta é seo dá bharr.

Ach oiread lena réamhtheachtaí díríonn an tsraith cúig chlár seo ar shaol fhir aeracha. Sa chás seo táimid i Londain agus buíon fear agus cailíní á leanúint againn ó 1981 go 1991. Iad ar fad sna déaga déanacha agus ag tabhairt faoin saol is faoina ngnéasacht. Tá Ritchie (Olly Alexander) tagtha chun na cathrach ó shaol soineanta Inis Iocht le tabhairt faoi chúrsa dlí. Saol níos soineanta fós a bhí ag Colin (Callum Scott Howells) i ndeisceart na Breataine Bige agus é ag tabhairt faoi phost ar Savile Row. 

I dtosach an chéad ghála címid Roscoe (Omari Douglas) ag fágaint teach a mhuintire go drámatúil agus é bailithe dá n-iarrachtaí a homaighnéasacht a dhíbirt le paidreacha. Cuireann siad seo aithne ar a chéile agus ar na scoláirí Ash (Nathaniel Curtis) agus Jill (Lydia West) is iad in aon tíos le chéile. 

Iad ag imeacht le haer an tsaoil go hanamúil, magúil, éadromchroíoch. Ash, Roscoe agus Ritchie ag baint súp as a saol scaoilte agus iad ag bualadh leathair le daoine difriúla gan aon oíche. Colin ag féachaint orthu le hiontas agus le héad. Jill mar chrann taca agus ina guth na céille. Ní bhainfidh na radharcanna collaíochta an stangadh céanna as an lucht féachana in 2021 agus ní chuirtear aon fhiacail sa léiriú.

Tá suan na muice bradaí le sonrú luath go maith, áfach. Tá an galar VEID/SEIF ag bagairt agus ina néal os a gcionn. Sa chéad chlár éiríonn cara le Colin, Henry (Neil Patrick Harris), agus a pháirtí siúd breoite le galar anaithnid. Tá Henry faoi ghlas i mbarda faoi leith san ospidéal agus níltear sásta an bia a thabhairt a fhad leis áfach. Ní fada nó go gcailltear é. 

Léirítear go tochtmhar cumhachtach an t-aineolas a bhí ann maidir leis an ngalar. D’éirigh le lucht na cúngaigeantachta agus na claontachta an galar a úsáid in éadan an phobail aeraigh. Cuirtear abhaile orainn arís is arís eile an neamhaird a deineadh ar an bpobal aerach, an náire a bhain leis an ngalar agus an homafóibe a bhí go smior i mórán. An pobal aerach iad féin ag séanadh na fírinne ar dtús ach an fhírinne shearbh uafásach ag teacht go leac an dorais chucu. 

Éirímid an-cheanúil ar na carachtair chaithiseacha faoi leith seo. Iad lán de cheol ach an saol agus an galar á mbrú fé chois. An greann agus an áibhéil á nascadh leis an réalachas agus an briseadh croí. Ceol sainiúil na n-ochtóidí ár dtionlacan síos tríd. 

Taispeántais den chéad scoth ón gcliar ar fad, idir na príomhaisteoirí agus iad siúd atá i róil thánaisteacha. 

Fág freagra ar 'Sraith chumhachtach ó Russell T Davies ar mhór an peaca í a chailliúint '