Spriocdháta nua ag teastáil don reachtaíocht teanga ó thuaidh

Faoin phlean New Decade, New Approach tugadh trí mhí d’Fheidhmeannas Stormont reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach agus sé mhí a bhí leagtha síos do dhréachtú straitéisí don Ghaeilge agus don Ultais

Spriocdháta nua ag teastáil don reachtaíocht teanga ó thuaidh

Padaí Ó Tiarnaigh, urlabhraí ón Dream Dearg

Tá éileamh á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge go gcuirfí spriocdhátaí nua le foilsiú na reachtaíochta Gaeilge a aontaíodh mar chuid de phlean an dá rialtas d’athbhunú an fheidhmeannais in Stormont ag tús na bliana seo.

Faoin phlean New Decade, New Approach tugadh trí mhí don Fheidhmeannas reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach agus sé mhí a bhí leagtha síos do dhréachtú straitéisí don Ghaeilge agus don Ultais.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Padaí Ó Tiarnaigh, urlabhraí ón Dream Dearg agus Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, gur “údar buairimh” é nár leagadh spriocdháta nua síos go fóill maidir leis an dá bheartas nach raibh “aon dul chun cinn” déanta ina leith.

“Tuigeann achan duine gur cuireadh an gnáthphróiseas reachtúil ar ceal sa Tionól mar gheall ar ghéarchéim an choróinvíris ach is údar buairimh é nach bhfuil aon dátaí úra curtha leis sin,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

Tá cruinniú le bheith ag Conradh na Gaeilge leis an Aire Pobal, Carál Ní Chuilín, sula dtagann Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas le chéile ag deireadh na míosa le plé a dhéanamh ar an éileamh atá ag an eagraíocht spriocdhátaí úra a leagan síos.

Dúirt Ó Tiarnaigh gurb é an rud is tábhachtaí anois go bhfaighfí spriocdhátaí nua le haghaidh na mbeartas seo agus nach mbeadh tréimhse ama níos faide ná trí mhí agus sé mhí luaite leo.

“Níl aon leithscéal ann gan spriocdhátaí a leagan síos. Ba cheart go mbeadh cuid mhór den bhunobair déanta ó thaobh na reachtaíochta idir lár Eanáir agus deireadh Feabhra nuair a cuireadh na gnáthphróisis ar ceal.”

I dteachtaireacht a chuir urlabhraí Gaeilge an SDLP, Patsy McGlone amach ar twitter dúirt sé nár glacadh le ceisteanna a chuir sé faoi bhráid an Aire Airgeadais maidir leis an dul chun cinn atá déanta ar an reachtaíocht Ghaeilge agus ar bhunú an lárionaid aistriúcháin a gealladh faoin phlean céanna.

Dúradh sa fhreagra a fuair sé nach bhféadfaí glacadh le ceisteanna scríofa i nGaeilge.

Dúirt Padaí Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge gur léiriú iad na deacrachtaí a bhí ag urlabhraí Gaeilge an SDLP freagra a fháil ar cheisteanna a chuir sé i nGaeilge ar an ghá atá le reachtaíocht Ghaeilge.

“Tá sé suimiúil gur chuir Patsy McGlone ceisteanna faoin reachtaíocht Ghaeilge i nGaeilge agus mar gheall nach bhfuil aon reachtaíocht ann, níor glacadh lena chuid ceisteanna,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

Fág freagra ar 'Spriocdháta nua ag teastáil don reachtaíocht teanga ó thuaidh'