Sprioc eile Breatimeachta fós ann inniu – agus cuimhnigh gur amárach a bheidh na cloig á n-athrú!

Ní léir go bhfuil dóthain déanta ag Theresa May le feisirí a mhealladh chun tacú le fiú cuid dá plean

Sprioc eile Breatimeachta fós ann inniu – agus cuimhnigh gur amárach a bheidh na cloig á n-athrú!

Inniu an lá a bhí ainmnithe ag Theresa May le himeacht as an Aontas Eorpach. Ní bheidh siad ag imeacht inniu, ach thairis sin níl tuairim dá laghad againn cén deireadh a bheidh ar an scéal seo ar fad. Má tá síneadh ama uathu go dtí an 22 Bealtaine, tá go dtí an 11 a chlog anocht ag an bParlaimint – de réir an tsocraithe a rinne Theresa May agus Jean Claude Juncker in Strasbourg – glacadh leis an gconradh aistarraingthe.

An bhfuil dóthain déanta ag Theresa May le feisirí a mhealladh i dtreo an tsocraithe leis an Aontas Eorpach trína a fhógairt go bhfuil sí le héirí as ach a gcuirfear tús leis an dara babhta cainteanna?

Ní bhreathnaíonn sé go ndearna a fógra mórán leasa di féin ná dá hiarracht beannacht na bhfeisirí a fháil dá plean.

75 vóta breise atá uaithi le malairt toradh a fháil seachas an ceann a bhí ann ar an 12 Márta nuair a diúltaíodh dá margadh den dara huair i vóta bríoch.

Tuairiscítear gur éirigh léi tabhairt ar scór nó deich nduine fichead feisirí a n-intinn athrú go dtí seo. Tá Boris Johnson, mar shampla, sásta anois tacú le socrú an Phríomh-Aire.

Ach bhuail an DUP buille trom uirthi nuair a dhearbhaigh siad athuair nach dtacódh siad lena plean, agus ná bíodh súil ag aon duine gur féidir a ndearcadh siúd a athrú. Ar ndóigh tá vóta formhór de bhaill ERG, an grúpa Breatimeachtóirí tréana atá faoi chathaoirleacht Jacob Rees-Mogg, ag brath ar threoir an DUP. Tá a intinn athraithe trí nó ceathair de chuarda ag Rees-Mogg féin le roinnt laethanta.

Cuireann an t-athrú ceannaireachta atá geallta tuilleadh leis an mbrachán. Tá seisear nó seachtar anois sa bPáirtí Caomhach a chaithfidh a machnamh a dhéanamh agus comórtas don cheannaireacht chucu luath nó mall. Cé acu ab fhearr a d’fheilfeadh sé leithéidí Michael Gove, Boris Johnson agus Amber Rudd a bheith glórach nó ciúin faoin dréachtsocrú leis an Aontas Eorpach?

Tá díospóireacht ar dhréachtsocrú an Phríomh-Aire May le reáchtáil sa Pharlaimint inniu ach ní reáchtálfar an tríú vóta bríoch.  Déanfar deighilt idir an comhaontú aistarraingthe agus an dearbhú polaitiúil.

Dá thoradh sin tá ráite ag ceannasaí an tí Andrea Leadson,  go gcloífidh vóta an lae inniu le rialú John Bercow an bhféadfaí an rún ceannann céanna ar diúltaíodh dó faoi dhó cheana a chur faoi bhráid na parlaiminte arís.

Is é vóta an lae inniu mar sin an iarracht is déanaí ag an bPríomh-Aire smacht éigin a fháil ar chúrsa an Bhreatimeachta agus níl aon cheist ach go bhfuil sé in am ag duine éigin ceannas a ghlacadh ar chúrsaí. Tá Theresa May i ladhar an chasúir ón lá ar tháinig sí i gcomharbacht ar David Cameron.

Tá sé soiléir ó na hocht vóta táscach arú aréir – ar diúltaíodh dóibh go léir – nach bhfuil ach dhá rogha acu a bhfuil tacaíocht réasúnta láidir acu i measc na bhfeisirí. Ocht vóta a chniog leasú Kenneth Clarke a mhol go ndéanfaí idirbheartaíocht leis an AE ar mhaithe le haontas custam buan cuimsitheach a thabharfadh an Ríocht Aontaithe go léir san áireamh. 

Seachas sin ba é an dara rún ab fhearr ar éirigh leis ná moladh Margaret Beckett go gcuirfí faoi bhráid an phobail sa dara reifreann Breatimeachta aon mhargadh a ghlacfadh an Pharlaimint leis sula ndaingneofaí é.

Sin iad an dá rogha is mó a bhfuil tacaíocht na Parlaiminte acu mar sin. Ach an dtabharfaidh an Príomh-Aire aird ar bith ar mhianta na bhfeisirí? Dúirt sí ón tús nach gá go dtabharfadh.  Agus níl sé de cháil uirthi gur bean mhaith éisteachta í.

Leanfar le geamaireacht Westminster inniu mar sin. Samhlaím gur beag atá fágtha sa lucht féachana faoin tráth seo. Tá an clog ag druidim go pras leis an 11 a chlog anocht, an sprioc is déanaí de na spriocanna go léir. Agus cuimhnigh gur amárach a bheidh na cloig á n-athrú!

Fág freagra ar 'Sprioc eile Breatimeachta fós ann inniu – agus cuimhnigh gur amárach a bheidh na cloig á n-athrú!'