Sprid, uaillmhian agus féinsmacht ag teastáil ó Chúige Mumhan

An tseachtain seo caite, don dara deireadh seachtaine as a chéile, lig Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan síos iad féin

Sprid, uaillmhian agus féinsmacht ag teastáil ó Chúige Mumhan

Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Níor éirigh le cúigí na tíre seo mórán dul chun cinn a dhéanamh i mBabhta 2 den URC an deireadh seachtaine seo caite. Dhá bhua da bhí againn, ag Cúige Laighean agus Cúige Uladh, díreach mar a tharla i mBabhta 1. Bhí cur chuige fhoireann Átha Cliath i bhfad níos snasta an Aoine seo caite. Don dara deireadh seachtaine as a chéile lig Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan síos iad féin.

Ní raibh duine ar bith ag tuar bua d’fhoireann na Gaillimhe in aghaidh na Stormers, curaidh an chomórtais, ach b’ábhar iontais lag-iarracht na Mumhan agus iad i gcoinne Dragons na Breataine Bige. Ní raibh na gnáthleithscéalta maidir le heaspa imreoirí idirnáisiúnta le cloisteáil ó lucht bainistíochta na Mumhan mar go raibh go leor acu siúd ag imirt, O’Mahony, Byrne agus Carbery ina measc. Sprid, uaillmhian agus féinsmacht a bhí in easnamh orthu beirt agus iad i gcoinne foirne nár bhuaigh sa mbaile le linn an tséasúir seo caite ar fad. Mar bharr ar an mí-ádh  ba é fear Chiarraí agus iar-imreoir na Mumhan, JJ Hanrahan ba mó ba chúis le bua na nDragons.

Anocht agus gan fáil ag na Cúigí ar fad ar go leor dá gcuid imreoirí óga atá ar an turas forbartha sin san Afraic Theas cuirfidh na Connachtaigh chun páirce in Pretoria i gcoinne na mBulls, foireann a d’imir ach a chaill sa gcluiche ceannais den chomórtas seo anuraidh. Is deacair teacht ar aon duine arís an deireadh seachtaine seo atá ag tuar bua do na cuairteoirí.

Anocht freisin a bheas rogha-chluiche an deireadh seachtaine á imirt i mBéal Feirste idir Cúige Uladh agus Cúige Laighean. Ní sé éasca toradh a thuar ag an tráth seo den chomórtas seachas a rá go bhfuil borradh faoin dá fhoireann cé nach féidir buntáiste na nUltach a bheith ag imirt sa mbaile a chur as an áireamh ach caithfidh siad a bheadh an-chúramach. Mar sin féin beidh sárchluiche againn agus Johnny Sexton ag filleadh i measc na bhfear ionaid den chéad uair an séasúr seo.

Ní dóigh go raibh brú ariamh ar na Muimhnigh agus iad ag réiteach le n-imirt i gCorcaigh i gcoinne ceann de na foirne is laige sa gcomórtas seo, Zebra. Ach sin díreach an cúlra atá ag baint le cluiche an lae amárach. Seans go bhfuil an t-ádh ar Chúige Mumhan go bhfuil buntáiste an bhaile acu agus iad ar thóir a gcéad bhua an séasúr seo. Tá Zebra iad féin ar thóir a gcéad bhua freisin ach is fiú a mheabhrú gur shlánaigh siad cúig úd i gcoinne Chúige Laighean i mBabhta 1 agus cúig úd eile i gcoinne na Sharks an Aoine seo caite. Is ar éigean a fuair Zebra deich n-úd i rith an tséasúir ar fad anuraidh. Tá eireabaill na nIodálach crochta san aer faoi láthair agus tá dúshlán dá réir roimh fhoireann an bhaile.

Fág freagra ar 'Sprid, uaillmhian agus féinsmacht ag teastáil ó Chúige Mumhan'