Spreagadh faighte acu siúd i bhFine Gael a cheapann go ndéanfadh athrú ceannaire maitheas dóibh

Tá an cur i gcoinne an Taoisigh i bhFianna Fáil níos eagraithe agus beidh le feiceáil an ngéillfidh Micheál Martin don bhrú sin nó an ndéanfaidh sé iarracht troid is fanacht mar cheannaire

Spreagadh faighte acu siúd i bhFine Gael a cheapann go ndéanfadh athrú ceannaire maitheas dóibh

Má bhí an rialtas ag ceiliúradh i ndiaidh vóta na Dála i dtaobh an rún mímhuiníne a mhol Sinn Féin, chuir pobalbhreith an Irish Times dhá lá ina dhiaidh sin stop leis an gceiliúradh nuair a léiríodh gur thit tacaíocht pháirtithe an rialtais arís, agus gur dearbhaíodh Sinn Féin i dtús áite leis an scór is mó acu a bhí acu go dtí seo i sraith sin Ipsos, 36%.

Bhí titim mhór freisin ar líon na ndaoine atá sásta leis an rialtas, síos ó 43% i mí Aibreáin go dtí 31% anois; titim ar líon na ndaoine atá sásta le Micheál Martin ó 51% go dtí 40%, le Leo Varadkar ó 48% go dtí 36%, is le Eamon Ryan ó 19% go dtí 15%.

Agus nuair a fiafraíodh de dhaoine an raibh siad sásta le treo an rialtais, dúirt 60% nach raibh agus ní dúirt ach 30% go raibh. Is nuair a fiafraíodh ar theastaigh athrú nó athchóiriú ar pholasaithe rialtais, dúirt 38% gur theastaigh athchóiriú radacach uathu agus bhí 47% ag iarraidh athchóiriú measartha. Ní raibh ach 11% imníoch faoi athchóiriú ar bith.

Ós é Sinn Féin an páirtí is mó a luaitear le bun-athchóiriú ar threo pholasaithe an rialtais, ní nach ionadh go bhfuil an páirtí sin go mór chun tosaigh ar na páirtithe eile, agus seans maith acu leanúint leis an bhfás agus 40% den tacaíocht a bhaint amach faoi aimsir thoghcháin.

I measc daoine óga tá sástacht leis an rialtas níos ísle i gcomparáid leis an bpobal fré chéile, agus ar ndóigh is iadsan is mó atá buailte ag géarchéim na tithíochta agus easpa dóchais don todhchaí. Ach tá tionchar mór anois ag an gcostas maireachtála ar dhearcadh an phobail. Creideann 70% go mbeidh an scéal ag dul in olcas, agus an dearcadh forleathan nach bhfuil tuairim ag an rialtas cén chaoi le déileáil leis. Ní chreideann ach 9% go mbeidh biseach ar an eacnamaíocht i gceann bliana. 

Agus gan dabht cuirfidh an figiúr boilscithe is deireanaí, 9.1%, leis an imní sin.

Drochscéal amach is amach d’Fhine Gael í an phobalbhreith seo. Is má bhí Leo Varadkar ag ceiliúradh nach mbeidh sé ag dul os comhar cúirte mar gheall ar an gconradh le dochtúirí a scaoileadh, ní bheidh aon cheiliúradh aige toisc Fine Gael a bheith ag 18%, an leibhéal is ísle acu le beagnach 30 bliain, ná an tsástacht leis féin a bheith tite dhá phointe dhéag.

Níl an cur i gcoinne Varadkar chomh heagraithe i Fine Gael agus atá an cur i gcoinne Mhartin i Fianna Fáil, ach spreagadh a bheidh sna figiúirí sin dóibh siúd a cheapann go ndéanfadh athrú ceannaire maitheas dóibh.

I bhFianna Fail, tá sásamh beag ann – más sásamh é – go bhfuil an páirtí chun tosaigh ar Fhine Gael arís, ach léiríonn an cruinniú cúlbhinseoirí a reáchtáladh le deireanas go bhfuil cuid mhór den pháirtí meáite de go n-imeoidh Martin nuair a thiocfaidh deireadh lena ré mar Thaoiseach, cé nach bhfuil aon tuairim acu cé a thiocfadh i gcomharbas air.

Ar ndóigh, tá Fianna Fáil ag déanamh níos fearr le Ipsos agus Behaviour & Attitudes (B&A) ná mar a dhéanann siad le Red C is Ireland Thinks. Deir Ipsos gur mar gheall ar agallaimh aghaidh ar aghaidh a bheith acusan atá sin amhlaidh, seachas agallaimh idirlín nó teileafóin, ach deir Red C is Ireland Thinks go dtugann an córas acusan níos mó deis do fhreagróirí a machnamh a dhéanamh faoi na ceisteanna. 

Beidh le feiceáil an ngéillfidh Martin don bhrú seo, nó an ndéanfaidh sé iarracht troid is fanacht mar cheannaire.

Ní athraíonn an phobalbhreith seo staid na bpáirtithe nó a bhféinmhuinín mórán, ach cé go raibh Micheál Martin ag rá faoi vóta sa Dáil nár theastaigh olltoghchán ón bpobal, tá dul amú air. Agus muid ag súil le tuilleadh deacrachtaí eacnamaíochta sa bhfómhar is ar éigean go ndéanfadh an cháinaisnéis mórán le daoine a chur ar a suaimhneas.

Cheana féin tá tacaíocht Shinn Féin ag dul i méid, fiú i measc na meánaicme (agus an aicme oibre taobh thiar díobh ar fad nach mór). Drochthuar é sin do pháirtithe an rialtais a chaillfeadh suíocháin go cinnte in aon olltoghchán luath – agus sin é an fáth gan dabht nach dteastaíonn a leithéid uathu. Ach tagann pointe i saol na polaitíochta nach féidir neamhaird a thabhairt feasta ar chumas rialtais seasamh nuair nach dteastaíonn ón bpobal é a bheith ann.

Tá an chosúlacht ag dul i méad nach rachaidh an rialtas seo go deireadh téarma, in ainneoin a bhfuil á rá acu faoi láthair.

Fág freagra ar 'Spreagadh faighte acu siúd i bhFine Gael a cheapann go ndéanfadh athrú ceannaire maitheas dóibh'