SPÓRT NA GAELTACHTA: Gaoth Dobhair ina máistrí, díomá i gCorca Dhuibhne agus Cill na Martra ag ceiliúradh i Múscraí

Dún na nGall Nuair a bhuaigh peileadóirí óga Ghaoth Dobhair Craobh Faoi-21 Uladh ag tús na bliana, thug sé misneach do mhuintir na háite nach mbeadh sé i bhfad go mbeadh cumann Mhachaire Gathlán ar ais i measc na mboc mór i nDún na nGall. Mar sin féin, seans nár cheap na leantóirí is dílse […]

SPÓRT NA GAELTACHTA: Gaoth Dobhair ina máistrí, díomá i gCorca Dhuibhne agus Cill na Martra ag ceiliúradh i Múscraí

Dún na nGall

Nuair a bhuaigh peileadóirí óga Ghaoth Dobhair Craobh Faoi-21 Uladh ag tús na bliana, thug sé misneach do mhuintir na háite nach mbeadh sé i bhfad go mbeadh cumann Mhachaire Gathlán ar ais i measc na mboc mór i nDún na nGall. Mar sin féin, seans nár cheap na leantóirí is dílse atá ag an gcumann go dtarlódh sé chomh tapa agus a tharla.

10 mí tar éis do na stócaigh sin craobh an chúige a thabhairt leo ar an gCreagán, bhí siad ag ceiliúradh arís mar chuid den fhoireann shinsir a bhuaigh Craobh Uladh ag tús mhí na Nollag agus an sméar mullaigh curtha acu ar bhliain dhochreidte Ghaoth Dobhair.

Tar éis dóibh babhta leathcheannais na craoibhe a bhaint amach in 2017, bhí sé soiléir go raibh dul chun cinn á dhéanamh ag Gaoth Dobhair agus lean siad leis an obair mhaith sin an samhradh seo nuair a thug siad leo Roinn 1 na sraithe den chéad uair ó 2006. Ba í an bhliain 2006 an uair dheireanach ar thug siad leo an chraobh chomh maith ach níorbh fhada go raibh deireadh curtha acu leis an ngorta sin freisin.

Tháinig Gaoth Dobhair slán as grúpa deacair ag tús na craoibhe agus faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair, bhí cluiche ceannais na craoibhe bainte amach acu i gcoinne Naomh Conaill, an fhoireann a sháraigh iad in 2017. Is beag locht a bhí ar an taispeántas cumasach a thug fir Mhachaire Gathlán chun Corn an Dochtúra Mhic Uidhir a thabhairt leo den chúigiú huair déag.

Dhírigh siad ar Chraobh Uladh ansin agus tar éis dóibh An Carraigín a shárú sa bhabhta ceathrú ceannais, rinne siad slad ar Raonaithe na Croise chun an cluiche ceannais a bhaint amach. An Bhoth as Muineachán a bhí rompu sa chluiche sin agus cé go raibh am breise ag teastáil, ba iad na Conallaigh ba láidre a chríochnaigh agus Craobh Uladh buaite acu den chéad uair riamh. Tá seaimpíní na hÉireann 2018, Cora Finne, rompu anois i gcluiche leathcheannais na hÉireann mí Feabhra.

Sna Dúnaibh a reáchtáladh Comórtas Peile na Gaeltachta 2018 agus ba iad foireann na háite a bhí ag ceiliúradh Luan Cincíse agus an chraobh shóisir tugtha leo tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar a gcomharsana béal dorais, Gaeil Fhánada, sa chluiche ceannais.

Bhuaigh Gleann Fhinne Comórtas sinsir na mBan agus ba iad a thug Craobh Shinsir Dhún na nGall leo níos deireanaí sa bhliain chomh maith. An-bhliain a bhí inti do Ghleann Fhinne agus thug fir an chumainn craobh idirmheánach an chontae leo mí Dheireadh Fómhair chomh maith. Ní raibh an lá leo i gcluiche ceannais chraobh Faoi-21 an chontae, áfach, agus ba iad Naomh Adhamhnáin a bhain an cluiche sin.

Imreoirí an Daingin agus imreoirí na gCrócach ag streachailt lena chéile i gcluiche ceannais Chiarraí. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ciarraí

Beidh cumainn mhóra Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis agus An Ghaeltacht, ag iarraidh teacht chucu féin arís i rith na Nollag ar chúiseanna éagsúla.

Bliain chrua ab ea 2018 ó thús go deireadh don Ghaeltacht. Chailleadar i gcluiche leathcheannais idirmheánach na hÉireann mí Eanáir i gcluiche ar cheart é a bheith buaite acu. Shílfeá gur fhág sin a lorg orthu agus ní i bhfeabhas a chuaigh cúrsaí ina dhiaidh sin. Agus iad ar ais sa chraobh shinsir, cuireadh i ngrúpa deacair iad i gcraobh na gclubanna agus chailleadar i gcoinne na gCrócach, i gcoinne Aibhistín de Staic, agus i gcoinne Uí Cheirín-Uí Rathaille.

Chaill siad sa chéad bhabhta de Chomórtas Peile na Gaeltachta thuas sna Dúnaibh mí an Mheithimh agus nuair a chaill siad in aghaidh Sheamróga Neidín i gcluiche dícháilithe mí Mheán Fómhair. D’fhág a dteip sa chluiche sin gur sa ghrád idirmheánach a bheidh fir na Gaeltachta ag imirt arís in 2018.

Bhí bliain i bhfad níos fearr ag Daingean Uí Chúis murach iad a bheith céasta ag Crócaigh Chill Airne. Chuaigh fir an Daingin chomh fada le cluiche ceannais chraobh na gclubanna ag tús an tsamhraidh ach bhí foireann Chill Airne róláidir dóibh.

I gcraobh an chontae, tháinig Daingean Uí Chúis ar ais ón ngreadadh a thug Ciarraí Thoir dóibh níos luaithe sa chomórtas chun iad a bhualadh sa bhabhta leathcheannais ach bhí na Crócaigh rompu sa chluiche ceannais arís agus briseadh croí a bhí i ndán dóibh arís.

Bhí cúis cheiliúrtha éigin acu nuair a thug siad leo Craobh Shinsir Chiarraí Thiar mí na Samhna ach ní bhfaighidh siad an sásamh atá uathu go dtí go mbeidh siad in ann boic Chill Airne a chloí.

Bhí dea-scéal ag Lios Póil níos luaithe sa bhliain nuair a thug siad Craobh Shóisir Chiarraí leo mí na Bealtaine. I gcoinne Bhiaille a bhí siad sa chluiche ceannais mar a raibh bua trí phointe ag fir Chiarraí Thiar, 1-11 in aghaidh 1-8.

Bhí bliain mhaith ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne in 2018 chomh maith. Chuireadar deireadh le forlámhas Naomh Breandán ar chomórtas Chorn Uí Mhuirí nuair a thugadar an corn leo san earrach agus cé gur chailleadar i gcluiche leathcheannais na hÉireann, beidh formhór na n-imreoirí céanna fós leo an bhliain seo chugainn.

Foireann Chill na Martra ag ceiliúradh. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Corcaigh

Beidh siad ag ceiliúradh i gCill na Martra i gcaitheamh an Nollag agus Craobh Idirmheánach Peile Chorcaí  tugtha leo ag an gcumann den chéad uair riamh in 2018. Tar éis dóibh trí chluiche leathcheannais a chailleadh i gceithre bliana, thóg sé tamall ar fhir Mhúscraí an sprioc a bhualadh ach ba chuma faoi sin nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Achadh Bolg i gcluiche ceannais 2018.

Thug Cill na Martra taispeántais chumasacha uathu i gcaitheamh na bliana ach seans gur sa chluiche ceannais mí Dheireadh Fómhair ab fhearr a bhí siad agus iad i gceannas ó thús go deireadh. Bua deich bpointe a bhí acu i bPáirc Uí Chaoimh, 2-17 in aghaidh 1-10, bua a fhágann go mbeidh siad ag imirt sa bpríomhghrád idirmheánach in 2019 in éineacht le foirne eile Mhúscraí, Naomh Abán agus Béal Átha an Ghaorthaidh.

Briseadh croí a bhí i ndán do Naomh Abán i gcraobh na bliana seo nuair a chaill fir Bhaile Bhuirne in aghaidh Mhainistir Fhear Mhaí sa bhabhta leathcheannais agus gan ann ach an t-aon chúilín amháin idir na foirne. B’éigean d’fhir Bhéal Átha an Ghaorthaidh tabhairt faoi na babhtaí dícháilithe agus thug siad na cosa leo.

Foireann peile na Rinne thús ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Port Láirge

Ní raibh an t-ádh ag rith le cumann na Rinne in 2018. Chaill na peileadóirí i gcluiche leathcheannais Chraobh Shinsir Phort Láirge agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an chontae den chéad uair riamh. Ba iad Cill Rosanta a fuair an ceann is fearr orthu, 3-16 in aghaidh 0-12. Tá ceithre chluiche leathcheannais caillte ag fir na Rinne le sé bliana anuas agus beidh misneach ag teastáil uathu arís sa bhliain úr.

Ní raibh aon dea-scéal ag iománaithe sinsir an chumainn in 2018 ach an oiread. Tar éis dóibh craobh idirmheánach na nDéise a thabhairt leo anuraidh, bhí séasúr crua acu i ngrád na sinsear i mbliana. Níor éirigh leo aon chluiche a bhuachan sa chraobh agus ó tharla gur bhuail an Baile Dubh iad sa chluiche dícháilithe, sa chraobh idirmheánach a bheidh an Rinn arís an bhliain seo chugainn.

D’éirigh níos fearr le hiománaithe sóisir an chumainn ar éirigh leo Craobh Shóisir ‘C’ Phort Láirge a bhuachan nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Dhún Aill mí Dheireadh Fómhair.

Díomá a bhí i ndán i mbliana do pheileadóir an tSeanphobail a chaill sa gcluiche ceannais i gcraobh shóisir ‘A’ an chontae.

Fág freagra ar 'SPÓRT NA GAELTACHTA: Gaoth Dobhair ina máistrí, díomá i gCorca Dhuibhne agus Cill na Martra ag ceiliúradh i Múscraí'