Spórt fola don veigeatóir a bheas againn an tseachtain seo. Tá an chonairt sa tóir ar chuid d’fheisirí Parlaiminte Thuaisceart Éireann agus sceimhle a gcroí ar chuid acu. Is fiú súil ghéar a choinneáil ar sheacht gcinn de na 18 suíochán abhus. Fiú má thugann na daoine a bhfuil na suíocháin seo acu faoi láthair na sála leo, beidh tionchar ag toradh an chatha ar na páirtithe, agus ar bheirt cheannairí go háirithe.
Fear Manach/Tír Eoghain Theas
Ba é Fear Manach/Tír Eoghain Theas an toghcheantar ab imeallaí ar fad i dtoghchán Westminster cúig bliain ó shin. Bhí farasbarr ceithre vóta (vóta amháin a bhí ann i ndiaidh athchomhairimh) ag Michelle Gildernew, Sinn Féin, ar an iarrthóir aontaithe aontachtach, Rodney Connor.
Tá iarrthóir aontaithe aontachtach ann arís ach is polaiteoir aitheanta é a dhéanfaidh iarracht Gildernew a bhualadh an uair seo – Tom Elliott, iar-cheannaire an UUP. Tá tacaíocht an DUP aige agus cead a chinn tugtha dó ag gach aon pháirtí aontachtach agus ag na Caomhaigh.
Tá an SDLP san iomaíocht ach is iarrthóir nua é John Coyle atá lonnaithe ar imeall thiar an toghcheantair, scoite amach ó na ceantair is mó daonra. Theastaigh ó Shinn Féin go ndéanfadh an SDLP margadh leo a réiteodh an bealach do Michelle Gildernew ach dhiúltaigh an SDLP ar an mbonn go mbeadh beartas den sórt sin seicteach. Tá Sinn Féin ag meabhrú do vótóirí ag na doirse go bhfuil an vóta náisiúnach scoilte.
Tá náisiúnaithe eile seachas Sinn Féin míshásta freisin le Elliott mar gheall ar a naimhdeas do Chumann Lúthchleas Gael agus an chosaint a thugann sé don Ord Oráisteach, ar ball de é. Tá Sinn Féin ag súil go ngríosóidh sé sin cuid de lucht an SDLP agus daoine ar béas leo fanacht sa bhaile lá vótála chun a theacht amach agus tacú le Gildernew. Táthar ag tomhas go mbeidh an lá le Gildernew, ach níl éinne cinnte faoin méid sin.
Béal Feirste Thoir
Baineadh geit as gach éinne nuair a bhain Naomi Long ón Alliance an suíochán in Oirthear Bhéal Feirste de cheannaire an DUP, Peter Robinson, cúig bliana ó shin. Tá an DUP ag iarraidh an deasca a bhaint as Long ó shin. Tá Gavin Robinson, Iar-Mhéara Bhéal Feirste, ar a mhíle dícheall ag iarraidh an suíochán a ghnóthú agus an bealach réitithe dó ag na páirtithe aontachtacha eile.
Ní dhéantar mórán pobalbhreitheanna abhus ach tá ceann déanta ag an gcomhlacht Lucid Talk don Belfast Telegraph a thugann seans 75% ar an suíochán do Robinson. Tá tréanfheachtas á rith ag Naomi Long agus Alliance, ach tá an oiread oibre déanta ag an DUP sa toghcheantar sin go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha ann don pháirtí dá dteipfeadh orthu anseo in athuair.
Béal Feirste Thuaidh
Tá margadh déanta ag aontachtaithe Bhéal Feirste Thuaidh freisin, féachaint chuige nach n-éiríonn le Gerry Kelly, Sinn Féin, an suíochán a bhaint de Nigel Dodds, Leascheannaire an DUP. Tá an bhearna eatarthu ag dul i laghad ag gach toghchán le tamall anuas agus bhí an DUP buartha faoina raibh i ndán do Dodds sular deineadh margadh leis an UUP. Is é Dodds ceannaire an DUP i Westminster mar a bhfuil súil aige a bheith i mbun idirbheartaíochta faoi chomhdhéanamh an rialtais nua agus féiríní a fháil do Thuaisceart Éireann.
Tá móramh beag náisiúnach sa toghcheantar ach tá Alban Maginness, SDLP, san iomaíocht agus é ag féachaint le tacaíocht an pháirtí sa toghcheantar a choinneáil do thoghchán an Tionóil an bhliain seo chugainn. Arís eile theastaigh margadh leis an SDLP ó Shinn Féin sa cheantar seo, ach arís eile diúltaíodh don iarratas.
Le cúpla lá anuas tá seicteachas curtha i leith Shinn Féin i bhfianaise bileoige a foilsíodh thar ceann fheachtas Gerry Kelly. Rinneadh briseadh síos sa bhileog ar an daonra de réir líon na gCaitliceach agus na bProtastúnach sa toghcheantar, amhail is gurbh ionann Caitliceach agus vótóir náisiúnach agus Protastúnach agus vótóir aontachtach.
Tá dianfheachtas ar siúl agus lá na cinniúna ag teannadh linn. Tá Sinn Féin ag maíomh go dtig leo buachaint, ach tá saineolaithe na bhfigiúirí den bharúil nach an uair seo a éireoidh leo an t-athrú a dhéanamh. Tá seans ann i gcónaí go bhfuil dul amú ar na saineolaithe, fiú más seans beag é.
– Caithfidh Póilín Ní Chiaráin súil amárach ar Bhéal Feirste Theas, Aontroim Theas, An tIúr/Ard Mhacha agus an Bhanna Uachtarach
Fág freagra ar 'Spórt fola don veigeatóir – toghcheantair ar fiú faire orthu'