Spórt fola don veigeatóir – toghcheantair ar fiú faire orthu (Cuid 2)

Sa dara ceann de dhá alt ar Olltoghchán Westminster/Tuaisceart Éireann, féachann ár gcolúnaí ar chuid de na toghcheantair is déine a mbeidh iomaíocht iontu amárach

Béal Feirste Theas

Ceistneoir-Mairtin O Muilleoir
Máirtín Ó muilleoir, Sinn Féin

Tá ceannaire an SDLP, an Dr Alasdair McDonnell, atá ina fheisire anseo le deich mbliana anuas, faoi bhrú mór an uair seo. Tá iarrthóirí láidre san íomaíocht ag an DUP agus ag Sinn Féin ina choinne agus seans maith ag fear an DUP, Jonathon Bell, an suíochán a thabhairt leis.

Aire sóisearach i Stormont agus Teachta Tionóil do Loch Cuan é Bell. Agus súil aige ar shuíochán i Westminster, d’aistrigh sé isteach sa toghcheantar meánaicmeach seo i ndeisceart na cathrach. Creideann an DUP go bhfuil seans aige ar an suíochán a fháil mar gur acu is mó a bhí vótaí anseo sna toghcháin áitiúla anuraidh. Rodney McCune atá san iomaíocht don UUP ach níl oiread aithne airsean is atá ar Bell.

Iar-Mhéara Bhéal Feirste, Mairtín Ó Muilleoir, atá san iomaíocht anseo do Shinn Féin. Tá béim á leagan aigesean ar dhá rud – a thacaíocht do ghnónna agus a dhearcadh liobrálach a oireann don cheantar. Meastar go dtógfaidh sé cuid mhaith vótaí ó Alasdair McDonnell agus go mbeidh an DUP in ann buntáiste a bhaint as sin.

Bheadh ceannaireacht Alasdair McDonnell ar an SDLP i mbaol dá gcaillfeadh sé a shuíochán. Bheadh an pairtí lagaithe a thuilleadh agus, fiú mar atá sé, níl tacaíocht gach éinne sa pháirtí ag McDonnell mar cheannaire ar aon nós. Thug an phobalbhreith a rinne Lucid Talk 75% de sheans do McDonnell an suíochán a choinneáil – sin seans maith ach fós fein, gan a bheith cinnte.


 

An tIúr –Ard Mhacha

Allianz Football League Division 1 25/3/2012 Laois Justin McNulty Mandatory Credit ©INPHO/Lorraine O'Sullivan

Justin McNulty
Pictiúr: ©INPHO/Lorraine O’Sullivan

Ba é Conor Murphy ó Shinn Féin a bhí ina fheisire sa toghcheantar seo ó 2005 ach níl sé san iomaíocht an geábh seo. An Teachta Tionóil Mick Brady atá ag seasamh an fhóid do Shinn Féin ina áit. Náisúnaithe is ea dhá thrian de na vótóirí anseo agus bhí 41% de na vótaí ag Murphy an uair dheiridh i gcomparáid le 23% ag an SDLP.

Tá margadh déanta ag na páirtithe aontachtacha go dtacóidh siad le Danny Kennedy ón UUP ach chaithfeadh an vóta náisiúnach a bheith scoilte go cothrom idir Sinn Féin agus an SDLP, sin nó go mbeadh titim shuntasach air, sula mbeadh toradh ar mhargadh sin na n-aontachtach.

Tá súil ag an SDLP go bhfuil casadh cinniúnach curtha acu sa scéal ó tá laoch peile Ard Mhacha, Justin McNulty, mar iarrthóir acu den chéad uair. Bhí McNulty ar fhoireann Ard Mhacha a bhuaigh corn Sam Mhic Uidhir i 2002. Tá Seamus Mallon, a d’éirigh as Westminster deich mbliana ó shin, gníomhach i bhfeachtas McNulty agus an seanfhonndúir ag tuar go n-éireoidh go maith leis an iarrthóir nua. Tá roinnt cainte faoi vótaí aontachtacha a bheith ag dul chuig McNulty chun Sinn Féin a bhualadh – má chinneann vótóirí aontachtacha nach bhfuil aon tseans ag Kennedy.

Tá tábhacht le toradh McNulty don SDLP fré chéile. Admhaíonn baill shinsearacha den phairtí gur slat tomhais a bheidh ann ar a bhfuil i ndán dóibh; comhartha téarnaimh don SDLP má mhéadaíonn sé sciar an pháirtí den vóta ach tuar bháis mura ndéanfaidh.

Maíonn Sinn Féin go gcoinneoidh Brady an suíochán dóibh ach is cosúil nach bhfuil siad ag dréim le vóta chomh hard is a bhí ag Murphy.

Ach má bhíonn laghdú cúpla míle nó níos mó i gceist – cá bhfios?


 

An Bhanna Uachtair

joanne1
Joanne Dobson, an DUP

Tháinig an éiginnteacht sa toghcheantar seo aniar aduaidh ar go leor. Nod ab ea é go raibh an DUP ag iarraidh margadh aontachtach réamhthoghcháin chun David Simpson a chosaint. Bhuaigh sé an suíochán don DUP deich mbliana ó shin ó David Trimble a chaill ceannaireacht an UUP dá bharr.

Tá Simpson ag tabhairt foláirimh do vótóirí aontachtacha go bhféadfadh Catherine Seeley ó Shinn Féin an suíochán a bhaint i ngeall ar an mbrú atá air féin ó Joanne Dobson ón UUP. Tá an rud céanna á mhaíomh ag Sinn Féin, atá ag tathaint ar vótóirí an SDLP bogadh chucusan chun athrú a chinntiú. Tá Dolores Kelly, Leas-Cheannaire an SDLP san iomaíocht, ag faire a vóta don Tionól an bhliain seo chugainn.

Maíonn an SDLP gur suíochán aontachtach é seo (bhí móramh 9,000 vóta ag aontachtaithe ar náisiúnaithe uilig san olltoghchán deireanach) agus nach dtiocfadh le Sinn Féin é a bhaint fiú dá bhfaighidís vótaí an SDLP. Deir Joanne Dobson an rud céanna agus maítear go bhfuil ag eirí go han-mhaith lena feachtas siúd. Ní raibh ach 1,000 vóta idir an dá pháirtí anuraidh.

I bhfianaise an cháineadh atá déanta ar an UUP as dul i gcomhar le páirtí de shórt an DUP, díol suntais é gur sa toghcheantar, áit nach bhfuil margadh acu leis an DUP, atá an seans is fearr acu ar shuíochán. B’fhéidir go gcuirfeadh bua do Dobson lucht cáinte an cheannaire Mike Nesbitt ar a suaimhneas. Ach níl ann ach b’fhéidir.


Aontroim Theas

5105180304_9374f90f1b
Danny Kinihan, an DUP

Arís eile tá seans ag an UUP in aghaidh an DUP – Danny Kinahan, UUP, in aghaidh Willie McCrea an DUP.

Tá vótaí aontachtacha ag titim sa toghcheantar seo le tamall de bhlianta agus an tUrramach Willie McCrea i seilbh an tsuíocháin don DUP, ach tá seans ag Danny Kinahan, ball tionóil ar vótaí ‘liobrálacha’ a mhealladh ón Alliance agus grúpaí beaga ar nós NI21. Ní raibh McCrea ach 1,200 vóta chun tosaigh ar an UUP cúig bliana ó shin – meastar gur féidir le Kinahan an bhearna sin a dhruidim.

Cruthúnas eile a bheadh ann gurbh fhearr don UUP seasamh ar a chonlán féin seachas a bheith páirteach i margadh seicteach leis an DUP.