Spiorad agus taithí bhuachaillí Phobalscoil Chorca Dhuibhne ina bhuntáiste mór

Casfaidh Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Meánscoil Iognáid Rís as an Nás ar a chéile tráthnóna i gcluiche leathcheannais na hÉireann agus an dá fhoireann ag iarraidh dul céim níos faide ná mar arinne anuraidh

Spiorad agus taithí bhuachaillí Phobalscoil Chorca Dhuibhne ina bhuntáiste mór

Gearóid Ó Leidhinn (Pobalscoil Chorca Dhuibhne) Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Beidh peileadóirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag iarraidh cúiteamh a dhéanamh inniu ar an deis a chuir siad amú i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh.

Bhain scoil an Daingin an babhta céanna amach anuraidh ach chlis siad i gcoinne Choláiste Rónáin as an Lorgain agus ba iad buachaillí Ard Mhacha a chuaigh ar aghaidh chun craobh na hÉireann a bhaint.

I gcoinne Mheánscoil Iognáid Rís as an Nás a bheidh buachaillí na Gaeltachta tráthnóna agus seasfaidh taithí na bliana seo caite le himreoirí na Pobalscoile. Bhí foireann óg acu anuraidh agus beidh cuid mhaith de na peileadóirí céanna a bhí ar an bhfoireann a chaill anuraidh acu arís tráthnóna.

Chuir na himreoirí céanna leis an taithí sin an séasúr seo mar bhí roinnt mhaith cluichí crua le himirt acu. Thug siad leo Corn Uí Mhuirí nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Choláiste Bhréanainn Chill Airne in athimirt chluiche ceannais na Mumhan i dtús na míosa.

Ba é Ruaidhrí Ó Beaglaoich na Gaeltachta laoch Phobalscoil Chorca Dhuibhne san athimirt sin inar aimsigh an tosach óg 2-7. Beidh súil ag bainisteoir na foirne, Éamonn Fitzmaurice go ndéanfar ualach na scórála a roinnt níos cothroime tráthnóna.

Foireann chumasach í foireann seo na Pobalscoile agus scata imreoirí uirthi a bhfuil boinn uile-Éireann buaite acu le foirne mionúir Chiarraí le cúpla bliain anuas.

Bhí cosantóirí na foirne, Gearóid Ó Leidhinn agus Seán Óg Ó Mórán agus a leithéidí, ar fheabhas sna cluichí i gcoinne Choláiste Bhréanainn agus má imríonn siadsan chomh maith céanna tráthnóna agus má bhíonn Cillian Ó Failbhe agus Dylan Ó Géibheannaigh ábalta roinnt scóranna a fháil, beidh deis iontach ag buachaillí na Pobalscoile cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach.

Ba cheart go dtabharfadh Meánscoil Iognáid Rís cluiche crua dóibh, áfach. Chlis ar scoil Chill Dara i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh chomh maith agus rinne siad a mbealach ar ais chun craobh Laighean a thabhairt leo arís i mbliana.

Murab ionann agus foireann na Pobalscoile, níl ach ceathrar ar fhoireann an Náis a d’imir i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh ach mar sin féin, tá imreoirí láidre acu. Tá an-líne leathchúil acu agus d’aimsigh an triúr lántosaithe, Drew Costello, Eoin Conneff agus MIchael McGovern, nuair a bhuaigh siad ar Choláiste Eoin i gcluiche leathcheannais Laighean.

Foireann láidir aclaí atá ag Mheánscoil Iognáid Rís ach tá sprid agus croí iontach léirithe ag buachaillí na Pobalscoile i mbliana agus ba cheart go mbeadh sé sin agus an taithí go léir atá ina bhuntáiste mór.

Rogha Tuairisc.ie: Pobalscoil Chorca Dhuibhne

Fág freagra ar 'Spiorad agus taithí bhuachaillí Phobalscoil Chorca Dhuibhne ina bhuntáiste mór'