Spéirbhean Acla

Scéal lán dóchais agus ardú meanman atá i scéal Nancy Corrigan as Acaill Mhaigh Eo, a chraolfar anocht ar TG4 ag 9.30 pm.

Nancy Corrigan-1948 Kendall Air Race - enhanced (1)Seo scéal fíor lán le dóchas agus tógáil croí faoi Nancy Corrigan, a d’imigh go Meiriceá i 1929 ina cailín bocht. D’éirigh lei bheith ar dhuine de na chéad bhanphíolótaí agus thraenáil sí saighdiúirí arm Mheiriceá le bheith ina bpíolótaí iad féin le linn an Dara Coga Domhanda.

B’as Abhainn Dubh do Nancy, leath bealaigh idir an Mhala Raithní agus Gob an Choire, i bparóiste Acla, Co. Mhaigh Eo. Bhí a hathair ag obair ar an iarnród nuair a maraíodh é i dtimpiste, rud a d’fhág a bhean, Maggie Mhór – máthair Neansaí – beo bocht agus ceathrar iníonacha aici.

Leanann an scannán scéal Nancy ón am a bhfuair a hathair bás.

Shocraigh Maggie Mhór dul ar imirce leis an gclann uilig go Cleveland, Ohio. Fuair Neansaí post mar chailín aimsire ar dtús agus, i ngan fhios dá máthair, thosaigh sí ag freastal ar cheachtanna eitilte.

Agus í naoi mbliana déag d’aois, rinne sí a céad eitilt ina haonair, tar éis beagnach cúig uair a’ chloig traenála. Bhris sí an churiarracht dhomhanda an uair sin, dar leis an Plain Dealer, nuachtán Cleveland.

Ina dhiaidh sin, bhuail sí léi go Nua Eabhrac.

Bhí sí ag iarraidh ceadúnas a fháil le bheith ina píolóta ach theastódh airgead lena aghaidh, ar ndóigh.

Toisc í a bheith ard, caol agus dathúil, b’fhéidir léi obair sheasta a bhaint amach mar mhainicín don Powers Model Agency sa chathair sin. De réir a chéile, bhain Nancy amach chuile chineál teastais a bhí de dhíth ar dhuine le haghaidh aitheantas oifigiúil mar phíolóta, ach ní raibh sa mhéid sin ach tús an scéil.

Nuair a bhris an Dara Coga Domhanda amach, chuir Nancy iarratas isteach le bheith ina WASP (Women Air Force Service Pilots) agus thug aghaidh ar Tulsa, Oklahoma, mar ar chuir sí oiliúint ar shaighdiúirí in arm Mheiriceá le heitleáin a thiomáint.

Faigh amach anocht an méid a bhain sí amach ina dhiaidh sin agus cén chríoch a tháinig lena saol i ndeireadh báire.

Spéirbhean Acla – Scéal Nancy Corrigan, anocht ar TG4 ag 9.30 pm