Spailpín na hAlban ag brath ar chineáltas strainséirí sa Circle K

Dá mbeadh ár gcolúnaí i mbun pinn ag obair ar Ros na Rún nua dhéanfadh sí cinnte de go raibh Applegreen nó Circle K sáite ina lár

Spailpín na hAlban ag brath ar chineáltas strainséirí sa Circle K

Is é an garáiste an teach cruinnithe nó an teach airneáin nua, b’fhéidir. Dá mbeinn ag scríobh sobaldráma, ní bhacfainn le teach ósta ná le ‘clubtheach’, áit a gcruinníodh an pobal fadó – bhuel, in intinn scríbhneoirí sobaldrámaí ar aon nós. Cé a théann chuig an bpub na laethanta seo?

Sea, dá mbeinn i mbun pinn le haghaidh Ros na Rún nua, nó Glenroe nua as an bpíosa, dhéanfainn cinnte de go mbeadh Applegreen nó Circle K, sáite ina lár.

Seachtain ó shin is ag caint le hiarmhúinteoir riachtanais speisialta a bhí mé. An babhta seo, bhí mé ar mo bhealach chuig sochraid i Loch Garman, nuair a bhuail mé isteach chuig an Circle K ar an M11.

Ciúin go maith a bhí sé ag a hocht a chlog ar maidin. Fuaireamar cúinne beag agus gan le feiceáil i ngar dúinn ach cúpla ball éadaigh a bhí caite ar chúl cathaoireach.

Tháinig fear óg anall agus toisc go raibh sé ag siúl thart gan mórán fonn air suí síos, shíl mé go raibh baint éigin aige leis na héadaí.

‘An bhfuil tú á dtriomú?’ a d’fhiafraigh mé de.

‘Tá go deimhin,’ dúirt sé. ‘Tháinig mé ar ghluaisrothar inné agus bhí sé ag gleadhradh.’ Bhí an gluaisrothar páirceáilte taobh amuigh d’fhuinneog an gharáiste, áit a raibh sé in ann súil a choinneáil air.

Ach cén chaoi a raibh sé in ann a bheith anseo luath ar maidin má tháinig sé aréir? Bhí scéal le n-inseacht aige agus dalladh ama aige.

‘Fuair mé ‘blow-out’ aréir agus ní raibh mé in ann caoi a chur air.’ Ach bhí sé gar go maith don gharáiste agus tharraing sé isteach ansin. Ar a bhealach chuig Ros Láir agus an bád fartha a bhí sé nuair a tharla an timpiste.

Bhí díomá air gur tharla an eachtra chomh gar do dheireadh a thurais ach chuir an méid a tharla ina dhiaidh sin casadh eile sa scéal.

‘The kindness of strangers’ a thug sé air, cúpla uair. Thosaigh custaiméirí eile sa ngaráiste ag cuidiú leis ar an bpointe. Rinne tiománaí leoraí iarracht an bonn a bhaint den roth ach chlis air. Tháinig tiománaí eile i gcabhair air ach ní raibh aon mhaith ann. Fuair sé amach go mbeadh an siopa gluaisrothar oscailte ar maidin sa mbaile mór, gar dó.

Tamall ina dhiaidh sin, tháinig veain a bhí ag seachadadh bunógaí ‘Krispy Kremes’ chuig an ngaráiste. D’fhiosraigh an tiománaí an scéal. Ar an bpointe bhronn sé bosca mór taoschnónna, nó ‘doughnuts’, ar fhear an ghluaisrothair. ‘B’éigean dom iad a roinnt le daoine eile thart orm, bhí an oiread sin doughnuts ann,’ a dúirt sé.

Bhí foireann an ‘Circle K’ an-tuisceanach faoin mbail a bhí air agus d’inis siad dó go bhféadfadh sé campáil taobh thiar den gharáiste – bhí campa beag aige i measc a chuid bagáiste agus sin a rinne sé.

Cheap sé go raibh a thuras ar an mbád fartha caillte aige – bhí sé de mhí-ádh aige nár cheannaigh sé ticéad ‘solúbtha’ – ach nuair a labhair sé leis an dream i mBrittany Ferries, thuig siad a chás agus d’athraigh siad a thicéad gan stró go dtí an Chéadaoin dár gcionn. Sin, ar ndóigh, an bád nua atá ag seoladh anois idir an tír seo agus tuaisceart na Spáinne – cosúil le long ‘pléisiúir’ atá sí, a deirtear.

Ní raibh sé cinnte cén áit a gcaithfeadh sé an cúpla lá go dtí sin – seans go ngabhfadh sé go Corcaigh áit ar chaith sé tamall ag ‘Woofáil.’

‘Is oibrí feirme mé,’ a dúirt sé. ‘D’oibrigh mé in go leor áiteacha ar fud an domhain.’ D’inis mé dó go raibh go leor eolais againn faoin ‘woofáil’. Chonaic muid an tsraith faoi ar TG4 agus bhaineamar an-cheart de.

As Fife in Albain dó féin agus cé go raibh an domhan siúlta aige ba é an áit ab fhearr a thaitin leis ó thaobh na hoibre feirme ná deisceart an hAlban féin, áit a raibh dianfheirmeoireacht glasraí ar siúl acu. D’éirigh thar cionn leis an ngnó agus bhíodar ag díol glasraí leis an bpobal áitiúil i gcaitheamh na bliana toisc gur bhaineadar an-úsáid as a gcuid tithe gloine. D’fhan sé ansin le linn na paindéime agus is le gairid a thosaigh sé ag taisteal arís.

Agus céard atá roimhe anois? I dtosach, caithfidh sé cúpla mí sa Spáinn – tá súil agam nach mbeidh deacrachtaí ag na feilméaraí ansin leis an triomach uafásach atá ag goilliúint orthu.

Agus sa bhfómhar tá súil aige go mbeidh ar a chumas áit a aimsiú ar bhád seoil a bheas ag cur chun farraige trasna an Atlantaigh – ón Spáinn go dtí na hOileáin Chanáracha agus as sin go Meiriceá. Go n-éirí leis.

Anois, a Mhairéad Ní Chuaig TG4, sin turas deas duit.

Fág freagra ar 'Spailpín na hAlban ag brath ar chineáltas strainséirí sa Circle K'