‘Sotal’ curtha i leith an DUP maidir lena gcuid cainte faoi Acht Gaeilge

Dar le Sinn Féin, ‘sotal’ is cúis le caint leascheannaire an DUP Nigel Dodds a deir go bhfuil gur ‘cur i gcéill mór millteach’ i gceist leis an éileamh ar Acht Gaeilge ó thuaidh

‘Sotal’ curtha i leith an DUP maidir lena gcuid cainte faoi Acht Gaeilge

Níl i gcaint leascheannaire an DUP, Nigel Dodds, faoi mhaoiniú na Gaeilge ó thuaidh ach “sampla eile de shotal” an pháirtí sin maidir le ceist na teanga, dar leis an iarAire Cultúir, Carál Ní Chuilín.

Mhaígh Dodds go bhfuil “cur i gcéill mór millteach” i gceist le héileamh Shinn Féin ar chearta teanga do chainteoirí Gaeilge agus dúirt sé gur caitheadh os cionn £171 milliún ar an nGaeilge le cúig bliana anuas.

Dúirt Dodds, atá ina leascheannaire ar an bpáirtí aontachtach, go gcaitear níos mó airgead poiblí ar an nGaeilge ná mar a chaitear ar aon “fhéiniúlacht chultúir” eile ó thuaidh.

“Tá cur i gcéill mór i gceist lena bhfeachtas maidir le comhionannas teanga, agus é bunaithe ar bhréaga a insítear chomh minic sin go nglactar leo mar fhíricí. Ba mhaith an tús é iniúchadh a dhéanamh le fáil amach cé mhéad a chaitear ar fhéiniúlachtaí éagsúla cultúir agus ansin beifear in ann plé ceart a dhéanamh ar dháileadh cothrom na n-acmhainní,” a dúirt Dodds.

Is ar scoileanna Gaeilge a caitheadh an chuid is mó den tsuim airgead atá luaite ag Dodds. Ón mbliain 2011 i leith, caitheadh £88.4 milliún ar chostais reatha na scoileanna lán-Ghaeilge ó thuaidh, dar leis, agus deir sé gur caitheadh £30.9 milliún eile ar chostais chaipitil. Mhaígh sé freisin gur caitheadh £15 milliún ar an gCiste Craoltóireachta Gaeilge, agus £11.9 milliún ar thograí pobail Gaeilge.

Is léiriú ar an drochmheas atá ag an DUP ar an nGaeilge an méid atá ráite ag Dodds, dar le Carál Ní Chuilín, a rinne iarracht Acht Teanga a thabhairt isteach le linn di a bheith ina hAire Cultúir i bhFeidhmeannas Stormont.

“Tá drochmheas an DUP ar an nGaeilge agus ar an bhféiniúlacht Éireannach curtha os comhair an tsaoil arís ag Nigel Dodds sa cháineadh atá déanta aige ar thograí Gaeilge, oideachas do ghasúir i scoileanna san áireamh. Is léiriú ar shotal an DUP a chuid cainte maidir leis an nGaeilge agus roinnt ceisteanna eile.

“Leagann a chuid cainte béim ar an ngá atá ann Acht Gaeilge a thabhairt isteach le cearta na gcainteoirí Gaeilge a chosaint. Is sampla eile í d’iarrachtaí an DUP an seicteachas a tharraingt isteach san fheachtas [toghchánaíochta] seo. Is le gach duine an Ghaeilge, agus ní bagairt í do dhuine ar bith,” a dúirt Ní Chuilín.

Dúirt Peadar Tóibín, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, le Nuacht RTÉ gur “raiméis iomlán” atá i gceist leis na figiúirí a luaigh Dodds, agus urlabhraithe eile de chuid an DUP le deireanas.

“Tá siad ag caint faoi airgead atá siad á chur chuig scoileanna lán-Ghaeilge sa Tuaisceart. Cosnóidh na scoileanna sin airgead dá mba scoileanna Béarla iad ar aon nós. Tá siad ag caint faoi rudaí atá á n-éileamh ag daoine atá ag íoc cánach sa Tuaisceart. Má tá na daoine sin ag íoc cánach ba cheart go mbeadh siad ag fáil na seirbhísí ina dteanga féin,” a dúirt sé.

Dúirt Tóibín gur aontaíodh an tAcht Gaeilge “i bhfad ó shin” agus nach rud é a bhfuil díospóireacht le déanamh faoi anois “in aon chor”.