Sos cogaidh míosa idir an Rúis agus an Úcráin molta ag an bhFrainc

Dúirt aire gnóthaí eachtracha na Fraince Jean-Noel Barrot go léireodh an sos cogaidh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil uachtarán na Rúise Vladimir Putin dáiríre faoin tsíocháin

Sos cogaidh míosa idir an Rúis agus an Úcráin molta ag an bhFrainc

Tá sos cogaidh míosa idir an Rúis agus an Úcráin molta ag an bhFrainc agus an Bhreatain. Bhainfeadh an sos cogaidh le hionsaithe ón aer agus ar muir agus le hionsaithe ar infreastruchtúr fuinnimh ach ní bheadh ionsaithe talún i gceist.

Dúirt aire gnóthaí eachtracha na Fraince Jean-Noel Barrot go léireodh an sos cogaidh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil uachtarán na Rúise Vladimir Putin dáiríre faoin tsíocháin.

“Thabharfadh a leithéid de shos cogaidh – san aer, ar muir agus le hinfreastuchtúr fuinnimh – le fios dúinn an le dea-intinn a ghlacfadh an tUachtarán Vladimir Putin le sos cogaidh. Agus is ansin a thosódh na fíorchainteanna síochána,” arsa Jean-Noel Barrot.

Dúirt Barrot go raibh an chontúirt ann go mbeadh cogadh san Aontas Eorpach. “Ní raibh baol chomh mór riamh ann go mbeadh cogadh san Aontas Eorpach. Tá an bhagairt ag teacht níos gaire dúinn i gcónaí, tá an líne thosaigh ag teacht níos gaire dúinn i gcónaí.”

Tá iarrachtaí ar bun ag ceannairí na hEorpa teacht ar chomhréiteach i dtaobh an chogaidh tráth a bhfuil aighneas nimhneach idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Úcráin i ndiaidh cruinniú achrannach sa Teach Bán Dé hAoine seo caite idir uachtarán agus leas-uachtarán Mheiriceá, Donald Trump agus JD Vance, agus uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy.

Agus é faoi agallamh sa nuachtán Le Figaro, dúirt Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron nach bhfeicfí saighdiúirí Eorpacha san Úcráin. “Ní bheidh aon trúpaí de chuid na hEorpa ar thalamh na hÚcráin sna seachtainí romhainn. An cheist atá ann ná cén leas a bhainfear as an tréimhse seo chun sos cogaidh a bhaint amach i gcainteanna a mhairfidh roinnt seachtainí.

I ráiteas ón gCreimil, dúradh gur léirigh an t-aighneas idir Trump agus Zelenskyy cé chomh deacair is a bheadh sé deireadh a chur leis an gcoimhlint san Úcráin.

Dúirt príomhaire na Breataine Keir Starmer go raibh plean síochána don Úcráin aontaithe ag ceannairí na hEorpa, plean a chuirfí faoi bhráid Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Fág freagra ar 'Sos cogaidh míosa idir an Rúis agus an Úcráin molta ag an bhFrainc'