Bíonn gach rialtas buíoch nuair a bhíonn sos ag an Dáil. Is mó go mór, áfach, an fháilte a chuirfidh comhaltaí an rialtais a bunaíodh 33 lá ó shin roimh thús shos an tsamhraidh inniu.
Teastaíonn faoiseamh go géar uathu cheana féin ón gceistiú agus ón gcáineadh a spreag díth céille nach féidir an locht as a chur ar dhuine ar bith taobh amuigh den rialtas.
Cuimhneofar amach anseo b’fhéidir ar na beartais mhóra a d’fhógair an rialtas ó bunaíodh é ar an 27 Meitheamh. Faraor ní amach anseo ach faoi láthair a chaitear muinín agus misneach rialtais a chothú ar bhonn seasmhach.
Dá thábhachtaí plean athoscailte na scoileanna agus an tionscnamh fostaíochta ar a gcaithfear €7 billiún, tá aird an phobail á síortharraingt ar shocruithe seafóideacha nó suaracha a rinneadh ó cuireadh an comhrialtas nua ar bun.
Deirtear de ghnáth go mbíonn ‘mí na meala’ ag gach rialtas – tréimhse a thugann deis d’airí dul i dtaithí ar a gcúraimí nua agus a thugann am dóibh feidhmiú a bpolasaithe a bhreithniú. Fiú i ré neamhghnách seo an choróinvíris, ba léir do gach duine stuama gur chóir deis a thabhairt don rialtas nua beartais mhóra a ullmhú.
A mhalairt a tharla. Is ag páirtithe an fhreasúra a bhí ‘mí na meala’ na Dála seo. Chuir easpa stuaime agus smachta an rialtais olc, ní hamháin ar an bpobal, ach ar chúlbhinseoirí Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais.
Féach an liosta seo conspóidí a dhúisigh an rialtas go dtí seo, ar conspóidí iad go léir nach mbaineann in aon chor le réiteach na mórfhadhbanna atá ag cur isteach ar an tír:
1. Gearáin na dTeachtaí Dála nár ceapadh mar airí.
2. Neamhcheapadh aire rialtais ón iarthar.
3. Briseadh an aire talmhaíochta Barry Cowen as a phost.
4. Cinneadh an rialtais pá na sárairí sóisearacha a ardú.
5. An ‘laghdú’ ar thuarastail airí rialtais – a ardaíodh dá ainneoin.
6. An socrú go mbeadh aide-de-camp ag Leo Varadkar.
7. An socrú go gcoinneodh Simon Coveney a charr stáit.
8. Doiléire chaint airí rialtais maidir le taisteal thar lear.
9. An cosc taistil ar éilitheoirí sochar éigeandála paindéime.
Taobh amuigh, b’fhéidir, den chonspóid a spreag Barry Cowen, níl cúis ghearáin ar an liosta thuas nach bhféadfaí í a sheachaint dá mbeadh smacht agus cumarsáid mar ba chóir sa rialtas. D’admhaigh an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys, agus U-chasadh á fhógairt aici sa Dáil Dé Céadaoin, nach ndearna a roinn ‘cumarsáid shoiléir’ maidir leis na rialacha taistil a bhaineann le sochair dhífhostaíochta agus phaindéime.
Dáiríre, ní ar an gcumarsáid a bhí an locht ach ar an gcinneadh a rinne sí féin, d’aon ghnó nó trí thimpiste. Dá mbeadh na rialacha athraithe aici chun cead taistil a thabhairt d’éilitheoirí go dtí tíortha atá ar an ‘liosta glas’ (a eisíodh ar an 21 Iúil), ní bheadh leasú ar na rialacha riachtanach in aon chor anois.
Ainneoin an chonspóid a spreag cinneadh nó neamhchinneadh Humphreys, níl an polasaí a chuir a roinn i bhfeidhm go dtí seo lochtach go hiomlán. Dúirt an Taoiseach leis an Dáil go raibh 90% de na daoine ar baineadh an sochar paindéime díobh ina mbuanchónaí thar lear.
Léiríodh le linn na díospóireachta Dála aontacht freisin ar chaon taobh maidir le comhairle taistil an rialtais. Cé gur cháin Mary Lou McDonald agus Paul Murphy an t-idirdhealú a rinneadh i gcás éilitheoirí sochar paindéime, mholadar araon do dhaoine gan taisteal thar lear.
Ní chuirfidh útamáil agus éidreoir an rialtais a bheatha i mbaol sa ghearrthéarma. Is mó dúil an phobail go ndéanfaí gníomhartha éifeachtacha chun déileáil le mór-riachtanais – oscailt na scoileanna, mar shampla.
Ní haon chabhair don Rialtas é áfach go bhfuil cúiseanna gearáin ag teacht chun solais – in aghaidh an lae beagnach – a chuirfeadh cantal ar naomh.
Seán Mag Leannáin
Nach bréagnú focal é ‘sárairí sóisearacha’? Airí sóisearacha ar leith, b’fhéidir?