Aon duine sean nó óg a bhfuil cuimhní geala acu faoin sorcas beidh siad in ann aghaidh a thabhairt ar cheannáras Fíbín ar an Tulaigh i gConamara an chéad mhí eile agus sásamh a bhaint as Sorcas le Croí.
Is í Jane Murray a bhunaigh an comhlacht Broken Dreams Productions a chruthaigh Sorcas le Croí agus an rud is suaithinsí faoin sorcas seo go nasctar an ceol traidisiúnta agus ealaíona an tsorcais le chéile go snasta.
An fidléir Síle Ní Riain a bheidh ina máistir ar an sorcas agus an seó ar fad á chur i láthair aici i nGaeilge. Thug an fear grinn Richard Kane aghaidh ar chiorcail chomhrá sa leabharlann ionas nach mbeadh aon doicheall air a chuid geáitsí barrúla a chur i láthair i nGaeilge.
Beidh banna ceoil traidisiúnta ar an ardán don seó ar fad agus ceol á chasadh acu a cumadh go speisialta don sorcas seo. An píobaire agus an teagascóir Éamonn Galldubh atá i mbun an bhanna ceoil agus taithí ag na ceoltóirí le seó Riverdance.
Cruthaitheacht is iontais an tsorcais, an cheoil agus na teanga á léiriú i lár na Gaeltachta, a gheallann Jane Murray dúinn ar ardán Fíbín an chéad mhí eile.
Beidh dhá sheó sa lá ag Sorcas le Croí ar an Tulaigh [le taobh cheannáras TG4] ón 1-13 Lúnasa. Tá ticéid don sorcas le fáil ar líne ag www.broken-theatre.ie. Níl ach áit ann do 150 duine agus moltar do ghrúpaí áirithintí a dhéanamh breá luath. Más grúpa is mian leat a thabhairt ag an sorcas cuir áiteanna in áirithe le Jane Murray ag 085-1307503.
Fág freagra ar 'Sorcas, spraoi agus ceol i mBaile na hAbhann'